Sheol Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne ar an gCeathrú Rua inné curaclam dátheangach nua don teicneolaíocht. Lucht Chlár TechSpace a chuir le chéile an cúrsa 40 uair a chloig d'ábhair STEM atá ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla do scoileanna na tíre
Fáinne geal na ré digití! An tAire Stáit Gaeltachta Seán Kyne agus Éabha Breathnach, scoláire i Scoil Chuimsitheach Chiaráin, an Cheathrú Rua, ag seoladh curaclam dátheangach teicneolaíochta Chlár TechSpace
Uileac Ó Cualáin ag foghlaim faoin bPrintéir 3D
Féilim Ó hAoláin i mbun eagarthóireachta ar fhíseáin agus Aibidh Ní Mháille agus Éabha Breathnach ag breathnú ar a chuid oibre
Aoife Ní Lochlainn agus Éabha Ní Fhlannagáin lena saothar
Jen Hesnan, ar dheis, bainisteoir Chlár TechSpace agus an róbat ‘Johnny Cúig’, a rinneadh le clódóir tríthoiseach, á thaispeáint aige do Hamish Ó Fearghaíl agus Cormac Ó Loideáin
Ní neart ná cumhacht go cur le chéile
Éanna Ó Domhnaill, an ceathrú bliain, i mbun ‘Obráid’
An tAire Stáit Seán Kyne ag imirt an chluiche ‘Obráid’ a dhear na scoláirí le códú agus ciorcadra. Hannah Nic Dhonnacha agus Áine Ní Ghríofa atá in aice leis an Aire Stáit agus agus tá Seán Ó Cualáin, Pádraig Seosamh Ó Cualáin agus Éanna Ó Domhnaill ar chúl
Séamus Ó Fátharta, Comhordaitheoir Chlár TechSpace, Jen Hesnan, bainisteoir TechSpace agus an tAire Stáit Seán Kyne
Príomhoide Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Ria, Seán Mac Donncha, i mbun cainte
An curaclam nua á sheoladh ag an Aire Stáit
Bríd Breathnach, Roinn na Gaeltachta; Jen Hesnan, Bainisteoir Chlár TechSpace; Trína Ní MHathúna, Roinn na Gaeltachta agus Séamus Ó Fátharta, Comhordaitheoir Chlár TechSpace
‘Johnny Cúig’, an róbat
Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne a rinne an curaclam dátheangach teicneolaíochta a sheoladh i Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua. In aice leis an Aire, tá Jen Hesnan, bainisteoir Chlár Techspace, Séamus Ó Fátharta, Comhordaitheoir an chláir agus príomhoide na scoile, Seán Mac Donncha
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: An chéad churaclam teicneolaíochta i nGaeilge seolta i Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua'