Éire agus Sasana aghaidh a thug dúshlán a chéile i mBaile Átha Cliath tráthnóna Dé Sathairn agus foireann an bhaile sa tóir ar an gCaithréim Mhór nó an ‘Grand Slam’ i gCraobh na Sé Náisiún. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Bhí Staid Aviva lán go doras don chluiche mór. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy
Chuaigh Sasana chun tosaigh luath sa choimhlint ach ghlac Éire ceannas ar chúrsaí roimh leath ama. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Bhí Rob Herring ar dhuine díobh siúd a d’aimsigh úd d’Éirinn sa bhua 29-16. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan
Ryan Baird na hÉireann ag éalú ó Henry Slade. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland
Ba é seo an cluiche deiridh ag Johnny Sexton i gCraobh na Sé Náisiún agus sháraigh sé curiarracht Ronan O’Gara don líon is mó pointí i stair an chomórtais le linn an chluiche. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan
Fuair Robbie Henshaw úd 20 nóiméad isteach sa dara leath chun Éire a chur sé phointe chun tosaigh agus d’aimsigh Sexton na pointí breise ina dhiaidh. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy
Theip ar Dan Cole Shasana Dan Sheehan a choinneáil amach don tríú húd a fuair Éire. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan
Sheehan, Henshaw, Conor Murray agus Josh van der Flier ag ceiliúradh. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan
Tadhg Furlong ag féachaint ar Peter O’Mahony ag dul in airde chun seilbh a fháil ar an liathróid. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy
Caelan Dorris, Jack Conan agus Dan Sheehan sona sásta tar éis scór eile. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy
An corn crochta in airde ag Sexton agus imreoirí na hÉireann ag ceiliúradh a ngaisce. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland
Bundee Aki le Corn na Sé Náisiún agus an choróin thriarach. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: An Chaithréim Mhór buaite ag Éirinn den cheathrú huair'