Gailearaí: 2014 sa Spóirt

Breathnaíonn Tuairisc.ie siar ar na eachtraí mhóra a tharla sa domhain spoirtiúil i mbliana

Paul McGinley 24/9/2014
Bhí tionchar mór ag na Éireannaigh ar bhua na hEorpa i gCorn Ryder na bliana seo. Tar éis bliain den scoth, inar bhuaigh sé dhá mhórcomórtas, ghnóthaigh Rory McIlroy trí phointe don Eoraip, an méid céanna fuair Graeme McDowell. Ar ndóigh bhí Éireannach eile, an captaen Paul McGinley, lárnach sa bhua freisin agus moladh go hard na spéire é tar éis an chomórtais. Pictúr: INPHO/Cathal Noonan
An raibh áit níos feiliúnaí chun deireadh a chur le laethanta Brian O’Driscoll sa gheansaí glas? Is sa Stade de France thuill O’Driscoll a cháil ar dtús, nuair a d’aimsigh sé trí úd ann i 2000. Ní hamháin go raibh muid ag fágáil slán le BOD, ach bhí craobh na Sé Naisiún le buachan chomh maith. Ronne fir Joe Schmidt an beart agus bhí O’Driscoll in ann críochnú go buacach. Pictúr: INPHO/Billy Stickland
Alison Miller scores a try 5/8/2014
Nuair a bhuail mná na hÉireann an Nua-Shéalainn i mí Lúnasa seo caite, ba iad an chéad fhoireann idirnáisiúnta as an tír leis an ceann is fearr a fháil ar na ‘All Blacks’, ag aon ghrád. Tar éis go ndeachaigh na fir chomh gar don ghaisce a dhéanamh an Samhain roimhe, bhí an bua níos speisialta fós. Cé gur chlis ar na mná sa chluiche leathcheannais i gcoinne na Sasanach, cyumhneofar go deo ar éacht  Niamh Briggs, Alison Miller (thuas) agus a comrádaithe. Pictúr: INPHO/Dan Sheridan
Lester Ryan lifts the Liam McCarthy Cup 27/9/2014
Fiche lá tar éis gur cuireadh críoch go conspóideach  leis an gcéad chluiche, is iad Cill Channaigh a bhí ag ceiliúradh, agus Corn Mhic Cárthaigh ina seilbh acu don 35ú uair. Thug an captaen, Lester Ryan, a óráid go hiomlán i nGaeilge ar céimeanna Ardán Uí hÓgáin. Pictúr: INPHO/James Crombie
Katie Taylor celebrates with her gold medal 24/11/2014
Cad is féidir rá faoi Katie Taylor ag an dtráth seo? Bonn ór sna Cluihcí Oilimpeacha, sé Chraobh na hEorpa agus i mí an Samhna seo caite, bhuaigh Taylor a cúigiú Chraobh an Domhain sa Chóire Theas, ag cothromú curiarracht Mary Kom. Pictúr: INPHO/Doug McDermott
Kieran Donaghy celebrates scoring a goal 21/9/2014
Cé a chreidhfeadh an tionchar a bheadh ag Kieran Donaghy ar chraobh na bliana seo? Ní raibh fiú agus noiméad amháin imeartha aige go dtí gur tháinig sé isteach do na deich nóiméad deireanach sa chluiche leathcheannais. Chas séasúr Chiarraí ar an cinneadh sin agus d’aimsigh Donaghy 1-2 sa chluiche ceannais, i gcoinne Dhún na nGall. Pictúr: INPHO/Morgan Treacy
John O'Shea celebrates scoring 14/10/2014
Bhí chosúil le  Corn an Domhain i 2002 arís é! Ag cailliúint 1-0 i gcoinne na Gearmáine, ghoid muid pointe le cúl sna soicindí dheireanach. Is é John O’Shea a scóráil dúinn an uair seo i nGelsenkirchen chun an cluiche i gcoinne churaithe an Domhain a chothromú. Pictúr: INPHO/Donall Farmer
John OÕDwyer 7/9/2014
‘Pointe!!’ Sin a cheap iománaí Thiobrad Árann John O’Dwyer (uimhir 12) tar éis dó poc saor a bhualadh i dtreo na bpostaí ag deireadh Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann i mí Mheán Fómhair. Bhí tuairimí eile ag Hawk-Eye, faraor, agus bheadh athimirt ag teastáil don triú bliain as a i gcluiche ceannais  na hÉireann. Pictúr: INPHO/Cathal Noonan
Sean Collins, Padraic Collins and David Collins celebrates with his grandparents, Cyril and Annette Collins 12/10/2014
Muintir Uí Choieáin ag ceiliúradh tar éis cluiche ceannais Chraobh Peile An Chláir. Chinntigh an bua gurb iad Creathlach an chéad fhoireann a bhuaigh craobhacha sinsear An Chláir sa pheil agus san iomáint sa bhliain chéanna ó 1914. Bhain na deartháireacha, Seán, Pádraic agus David sult as an mbua lena seanthuismitheoirí, Cyril agus Annette Collins. Pictúr: INPHO/James Crombie
Bill O'Herlihy pictured outside RTE ahead of the FIFA 2014 World Cup Final 13/7/2014
‘Okey doke, fágaimid ansin é mar sin.’ D’fhág muid slán ag an láithreoir Bill O’Herlihy i mí Iúil. Chuir cluiche ceannais Corn an Domhain idir an Ghearmáin agus an Airgintín deireadh lena shaol oibre in RTÉ agus beagnach caoga bliain caite ar an scáileán beag aige. Pictúr: INPHO/Steve Langan

 

Fág freagra ar 'Gailearaí: 2014 sa Spóirt'