Táthar ag súil go gcuirfear tús leis an bpróiseas ceapacháin don chéad choimisinéir teanga sa Tuaisceart sna seachtainí amach romhainn.
Fógraíodh i dTeach na dTiarnaí in Westminster Londan inniu go raibh tús á chur le rialacháin a thabharfaidh feidhm don reachtaíocht teanga nua don Tuaisceart.
An Tiarna Jonathan Caine, a bhí ag labhairt thar ceann Rialtas na Breataine, a d’fhógair na rialacháin nua inniu.
Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh na rialacháin nua a thabharfaidh feidhm chomh maith do chumhachtaí nua a cheadaíonn do Státrúnaí Thuaisceart Éireann gníomhú lena chinntiú go gcuirfidh an Feidhmeannas in Stormont na gealltanais sa reachtaíocht teanga i gcrích.
Chuaigh an Bille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) faoi lámh an Rí Séarlas III mí na Nollag seo caite.
Beidh beirt Choimisinéirí ann, duine don Ghaeilge agus duine don Ultais, agus bunófar oifig cultúir agus féiniúlachta.
Maidir leis na dualgais teanga nua sa státchóras, tabharfaidh an Coimisinéir Teanga don Ghaeilge isteach, le cead an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire, córas caighdeáin faoina ndéanfar rangú ar eagrais phoiblí agus freagrachtaí a leagan orthu dá réir.
Is é an ról a bheidh ag an gCoimisinéir Teanga an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn i measc na n-eagras poiblí. Déanfaidh an Coimisinéir monatóireacht ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán agus déanfaidh sé nó sí gearáin a fhiosrú.
Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge go raibh go leor i bpobal na Gaeilge “ag fanacht agus ag troid do na cearta seo le blianta fada anuas”.
D’éiligh Conradh na Gaeilge ar Oifig an Fheidhmeannais agus ar an NIO “bogadh ar aghaidh anois gan a thuilleadh moille leis an phróiseas chun Coimisinéir Gaeilge a cheapadh”.
“In éagmais aon chead ó pholaiteoirí áitiúla, beidh muid ag súil go gceadóidh an Stát-Rúnaí buaiteoir an chomórtais earcaíochta sin láithreach. Agus na céimeanna uilig curtha san áireamh, bheadh muid ag súil leis an chéad Choimisinéir Gaeilge ó thuaidh taobh istigh de roinnt míonna.
“Beidh an ceapachán sin ina chloch mhíle stairiúil eile ar an aistear fada seo i dtreo cearta teanga. Ag an phointe sin cuirfear tús le bunobair an Choimisinéara féin agus caighdeáin teanga le dearadh do na húdaráis phoiblí go léir anseo.”
D’éiligh an Conradh freisin ar Oifig Thuaisceart Éireann rialacháin eile a fhoilsiú chun míreanna eile sa reachtaíocht a chur i bhfeidhm. Tá siad ag iarraidh go háirithe go dtabharfaí feidhm d’fhoráil a dhéanann aisghairm ar Acht um Riar an Chirt (1737), dlí a achtaíodh 283 bliain ó shin agus a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.
Aonghus
Níl béaloideas, litríocht, logainmneacha ná cainteoirí dúchais ag an Ultais agus is maith atá a fhios sin ag na haontachtaithe.
Is cuma sa tsioc leo faoin Ultais! Níl inti ach ‘patois’ iasachta atá á húsáid acu mar dhris sa chosán ar an nGaeilge faitíos go gcuirfidh ar a súile dóibh go bhfuil tírdhreach Úlaidh breac le logainmneacha Gaelacha!