FÍSEÁN d’FHOGHLAIMEOIRÍ: Oíche Shamhna agus an saol eile

Féach ar an bpíosa físe seo ó TG4 agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

FÍSEÁN d’FHOGHLAIMEOIRÍ: Oíche Shamhna agus an saol eile

Gníomhaíocht 1:

  • Déan iarracht na focail/frásaí thuas a chur in abairt de do chuid féin.

Gníomhaíocht 2 – Ceisteanna Ginearálta:

  • Féach/Éist leis an mír físe faoi dhó agus déan iarracht na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt.
  • Déan do fhreagraí a roinnt le duine eile.
      1. Cad atá le feiceáil sa chéad chúpla soicind den mhír?
      2. Luaigh rud amháin atá le rá ag an iriseoir faoi Oíche Shamhna.
      3. Cén fáth a luaitear na Ceiltigh?
      4. Cad atá i gceist ag an iriseoir nuair a deir sí “an saol eile?”
      5. Luaigh rud amháin a deir Pádraig Ó Héalaí.
      6. Cad iad na cluichí a ndéanann Lilis Ó Laoire cur síos orthu?
      7. Cén t-ainm eile a thugann an t-iriseoir ar Oíche Shamhna?

Gníomhaíocht 3 – Líon na Bearnaí:

Féach/Éist leis an mír físe arís agus déan iarracht na bearnaí seo a líonadh.

  1. Fadó Oíche Shamhna, díreach faoi mar a tharlaíonn inniu, bhíodh sé mar nós ag leanaí dul ó thigh go tigh ag bailiú airgid nó pé ní fónta eile a bhíodh le fáil.
  2. Sa seansaol féile athbhliana a bhí inti sa tuiscint Cheilteach. Féile a sheas ar theorainn idir an bhliain a bhí caite agus an bhliain a bhí le teacht.
  3. Creidtear go bhfuil na mairbh inár measc i gcaitheamh na Féile seo. An claí idir an saol seo agus an saol eile.
  4. Is ócáid í ag a bhféadfaí fáil réidh go siombalach leis na tubaistí agus an ainnise agus an mí-ádh go léir a bhain leis an mbliain a bhí caite.

Gníomhaíocht 4 – Obair duit féin

  • Déan taighde ar nósanna/cluichí a bhain le hOíche Shamhna.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN d’FHOGHLAIMEOIRÍ: Oíche Shamhna agus an saol eile'