FETA ‘lofa’ roimh SOLAS geal an lae

Príomhfheidhmeannach COGG a bhaist SOLAS ar an eagraíocht a bunaíodh in áit FÁS

25/6/2008 FAS State Employment Centres
Tháinig SOLAS ar an saol nuair a cuireadh deireadh le FÁS. Pictiúr: Photocall Ireland

Ba í Príomhfheidhmeannach COGG (An Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta), Muireann Ní Mhóráin, a bhaist SOLAS ar an eagraíocht a bunaíodh in áit FÁS, nuair a cuireadh deireadh leis an áisíneacht sin i 2013.

Bhíothas le FETA (the Further Education and Training Authority) a thabhairt ar an eagraíocht nua ach measadh go mbeadh an iomarca spraoi ag scríbhneoirí ceannlínte na nuachtán leis an ainm sin.

Ina leabhar nua faoin dtréimhse a chaith sé mar chomhairleoir rialtais tá cuntas ag an iaririseoir John Walshe faoi conas mar a socraíodh ainm Gaeilge a thabhairt ar an áisíneacht nua.

“We couldn’t simply name it the Further Education and Training Authority, FETA. I pointed out at one meeting in the department that the initials would be a gift that kept giving to sub-editors whenever a problem arose with the new body.

“The two obvious examples of the headlines they would come up with would be – trainees ‘cheesed off’ with FETA courses or ‘something stinks’ in FETA,” a scríobhann Walshe.

Theastaigh teideal ‘éasgúil’ agus ‘dearfach’ don eagraíocht nua agus ghlaoigh comhairleoir speisialta an Iar-Aire Oideachais Ruairi Quinn ar phríomhfheidhmeannach COGG, Muireann Ní Mhóráin, féachaint an mbeadh leigheas Gaelach ar an bhfadhb aici.

Mhol Príomhfheidhmeannach COGG  go dtabharfaí SOLAS ar an eagraíocht nua agus go seasfadh na litreacha sa teideal do ‘An tSeirbhís Oideachais Leanúnaigh agus Scileanna’.

Thaitin an moladh láithreach le lucht na Roinne Oideachais agus leis an Aire Oideachais féin, Ruairi Quinn.

Rinne roinnt eagraíochtaí a raibh an t-ainm ‘Solas’ in úsáid cheana acu gearáin leis an Roinn, ach d’éirigh leo teacht timpeall ar na fadhbanna sin.

Fuarthas cead chomh maith ó Choláiste na Trionóide an t-ainm fearainn, solas.ie, a bhí cláraithe ag an gcoláiste, a úsáid.

Ach ní raibh aon choinne ag Walshe le deacracht eile a bhain leis an ainm nua:

“Ruairi received a letter from a mother whose new daughter was baptized Solas. I phoned her to explain the reason for our choice.

“We also heard about another mother who had similarly baptized her daughter Solas but was now planning to change her daughter’s name by deed poll as a result of the new authority being set up.”

An Education; How an Outsider Became an Insider And Learned What Really Goes on in Irish Government le John Walshe foilsithe ag Penguin Ireland.

 

 

Fág freagra ar 'FETA ‘lofa’ roimh SOLAS geal an lae'

  • Antain Mac Lochlainn

    Cuireann sé i gcuimhne dom na fadhbanna a bhí ag Comhar leis an eagraíocht chomhshaoil ar tugadh an t-ainm céanna air.