Nuair a luaitear ainm Liaim Uí Mhuirthile is túisce a ritheann ‘file’ le daoine seachas aon lipéad eile is mian leis an aigne shimplí. Tá ciall leis sin, gan amhras, óir is mar fhile a chuireamar aithne air i dtosach, agus is mar fhile a sheasfaidh sé go mórtasach mar dhuine d’ardfhilí na Nua-Ghaeilge.
Tá cara agam a deir nach file é duine ar bith go scríobhann sé prós, agus nach scríbhneoir próis é an duine nach féidir leis filíocht a scríobh. Bhí an dá thrá ag Liam, go deimhin bhí na trí thrá aige óir seachas prós agus filíocht, bhí an drámaíocht aige chomh maith. Agus an iriseoireacht, arb ionann sin agus na ceithre thrá.
Nár leor a rá gur scríbhneoir a bhí ann?
Nach croíchráiteach é go bhfuil na focail seo san aimsir chaite? An chuid againn go raibh aithne againn air, nach é a ghuth dílis féin, agus an greann searbh binn ba dhual dúinn a shonann inár gcluasa?
Thug mé gean faoi leith do Ar Bhruach na Laoi ar chúiseanna baile, agus toisc gur aithníos an óige ann; agus do Sceon na Mara toisc nach foláir do gach aon scríbhneoir ar fiú lúidín coise féin é triall a bhaint as an scéinséir mar chaitheamh aimsire scríbhneoireachta, go fiú ar imeall na slí, mura bhfuil aon ní níos tairbhí le déanamh aige.
Ach cheapas gurbh é An Colm Bán: la blanche colombe (Cois Life €14 ) an t-úrscéal ba mhó a dhein cúram de na hábhair ba ghile lena chroí. B’in iad an ealaín féin agus an éigse go príomha, an fhiosracht a cheistíonn, an duine ina chúlra agus ina thimpeallacht féin agus dán síoraí an tseans nach bhfuil aon éalú uaidh.
Tá creat an scéil díreach go leor, nó creat an dá scéal mar is fearr. Iriseoir, William Driscoll, ar chasamar cheana leis, atá ag dul ag iarraidh teacht ar stair rinceora óig óna cheantar féin in iarthar Chorcaí a bhíodh ar stáitse an Folies Bergère i bPáras sna blianta tar éis an chéad chogaidh mhóir, agus ar tharla di. Francbhách amach is amach ba ea Liam a thug gean a chroí go fíochmhar do litríocht na Fraince, agus dá réir sin is aoibhinn agus is fileata a bhfuil de thrácht ar Pháras féin, agus ar na carachtair éagsúla agus na carachtair bhuile a chasfadh umat ann.
Nóra Buckley ainm na mná as Dún Mánmhaí máguaird a dhein ‘rince amach as an mbroinn’ agus arb í ealaín na gcos a beatha agus a hanam. Athchruthaítear cúlra agus saol Nóra dúinn nár neamhchosúil é le saol cailíní óga eile lena linn, i leataobh ón mbua éachtach a bhí aici. Is cuma nó beathaisnéis Ghaeltachta na caibidlí ina dtráchtar ar a cúlra agus ar a hóige, ach go n-imíonn an cuntas i mistéire agus i ndiamhracht de réir is mar a chailltear radharc uirthi. Agus féach, muran léir duit é, samhail is ea Nóra den duine a thugann a beatha ar son a healaíne, ach ní gá é sin a thuiscint d’fhonn taitneamh a thabhairt don leabhar.
Is mar sin is cumasc de chineálacha éagsúla scéalaíochta é An Colm Bán ach nárbh fhiú lua air mura mbeadh inléite inspéise agus ina dhíol machnaimh agus samhlaíochta. Filíocht is ea go leor den phrós nuair a ligeann Liam lena chumas liriciúlachta, agus ceann de phléisiúir mhóra an leabhair ná an scríbhneoireacht féin. Tá sciar mór maith de shaol na hÉireann le céad bliain anuas, agus le saol na hiar-Eorpa le seachtó bliain ar ais ina cheartlár mar iar-insint agus mar chroícheart ann.
Ach ina choinne sin, is iad eachtraí na beirte, scéal Nóra Buckley agus lorgaireacht an insitheora a ghluaiseann an scéal. Fós féin, is maise ar an scéal iad na fiafraithe nach bhfreagraítear, rud a fhágann go bhfanann ag sonadh id cheann é tar éis a léite duit.
Fág freagra ar 'Filíocht ab ea go leor den phrós nuair a lig Liam Ó Muirthile lena chumas liriciúlachta'