Curaidh áitiúla ag filleadh abhaile?

Tá Liam Miller ag filleadh ar an mbaile. An bhfuil méadú ag teachta ar líon na n-imreoirí ar mhaith leo imirt in Éirinn sula n-éiríonn siad as?

Tar éis seal fada a chaitheamhi Sasana, tá Liam Miller ag filleadh ar ais go Corcaigh i 2015. Pictúr: INPHO/James Crombie
Tar éis seal fada a chaitheamhi Sasana, tá Liam Miller ag filleadh ar ais go Corcaigh i 2015. Pictúr: INPHO/James Crombie

mórán clú atá ar na himreoirí sacair atá ag imirt i Sraith na hÉireann le cúpla bliain anuas. Ní bhíonn na cluichí ar an teilifís ach go fánach agus is mó suim atá ag go leor daoine i bPríomhroinn Shasana ná i sraith na tíre seo.

Chomh maith leis sin, a thúisce is a bhaineann imreoir cáil amach dó féin in Éirinn, bíonn sé imithe go Sasana. Níl ach seachtain caite ó bhí muid ag caint faoi cheann de na himreoirí is cumasaí sa tír seo, Ryan Manning, agus é ar an mbealach chuig QPR sa Phríomhroinn.

Ach, iontas na n-iontas, le cúpla lá anuas, táimid ag caint faoi imreoir atá ar tí Sasana a fhágáil le dul ag imirt anseo. Tá an cinneadh déanta ag iarimreoir Celtic agus Man Utd, Liam Miller, síniú lena fhoireann áitiúil, Cork City.

go bhfuil Miller tar éis cúpla bliain a chaitheamh ar fán agus ar fuaidreamh, fós is éacht é ag an bhfoireann Chorcaíoch imreoir a bhfuil geansaí na hÉireann caite os cionn 20 babhta aige a mhealladh abhaile.

Ag tráth go bhfuil go leor clubanna sraithe ag streachtailt le suíocháin a líonadh, is cinnte go dtarraingeoidh Miller aird ar Turner’s Cross – ar feadh tamaillín ar aon nós.

Ba dheacair a shamhlú timpeall cúig bliana ó shin go go mbeadh foireann sa tír seo in ann iarimreoir leis an bhfoireann náisiúnta a mhealladh ar ais ach ní Miller an t-aon duine atá tagtha abhaile le bliain anuas.

I mí na Nollag, 2013, rinne Keith Fahey an cinneadh teacht abhaile go hÉirinn agus imirt le St Patrick’s Athletic i mBaile Átha Cliath.

Thug Fahey cúig bliana rathúla le Birmingham i Sasana, ag críochnú sa 9ú háit sa Phríomhroinn bliain amháin agus ag buachan Corn na Sraithe in aghaidh Arsenal bliain eile – i 2011.

Chomh maith leis sin, bhí mar bhall bhuíon imreoirí na hÉireann a bhí le dul go dtí an Pholainn do Chraobh na hEorpa i 2012 nó gur gortaíodh é.

Bhuaigh Keith Fahey Corn an FAI sa chéad bhliain ar ais aige le St Patrick’s Athletic anuraidh. Pictúr: INPHO/Ryan Byrne
Bhuaigh Keith Fahey Corn an FAI sa chéad bhliain ar ais aige le St Patrick’s Athletic anuraidh. Pictúr: INPHO/Ryan Byrne

Níor thóg sé i bhfad ar Fahey socrú síos sa phríomhchathair agus bhí páirt lárnach aige i mbua St Pat’s sa gCorn FAI an séasúr seo caite. Is le foireann eile i mBaile Átha Cliath a bheidh Fahey ag imirt an séasúr seo chugainn tar éis dó St Pat’s a fhágáil chun síniú le Shamrock Rovers i dTamhlacht.

Agus é ag Rovers, beidh Fahey ag imirt i lár na páirce le imreoir cáiliúil eile a d’fhág Sasana chun filleadh ar an bhfód dúchais – Stephen McPhail. Nuair a d’eirigh le McPhail áit a bhaint amach ar fhoireann Leeds Utd thart ar 15 bliain ó shin, mheas na saineolaithe go mbeadh sé i lár an aonaigh i bhfoireann Leeds agus i bhfoireann na hÉireann ar feadh na mblianta.

Bhain mí-ádh agus gortuithe do McPhail ach cé nár éirigh chomh maith leis a bhí á thuar, d’imir sé i Sraith na gCuradh i 2001 le Leeds i gcoinne foirne ar nós Barcelona agus Lazio.

Chomh maith leis sin, tá McPhail i measc an

fhíorbheagáin Éireannach, ar nós Roy Keane agus Ronnie Whelan, a bhí ina chaptaen ar fhoireann a d’imir i gcluiche ceannais Corn an FA. Le Cardiff i 2008 a rinne sé an gaisce sin.

I mí Feabhra seo caite, d’fhógair Shamrock Rovers go raibh conradh síníthe ag McPhail leo don séasúr 2014.

Beidh McPhail ag caitheamh na ‘Hoops’ arís i mbliana tar éis dó conradh nua a fháil dó féin agus é tar éis cuidiú le Rovers an ceathrú áit a bhaint amach sa tsraith anuraidh.

An bhfeicfidh muid laoch na hÉireann, Damien Duff, ag imirt sa tír seo faoi cheann bliain nó dhó? Pictúr: INPHO/Donall Farmer
An bhfeicfidh muid laoch na hÉireann, Damien Duff, ag imirt sa tír seo faoi cheann bliain nó dhó? Pictúr: INPHO/Donall Farmer

Fear eile a bhfuil sé ráite aige go mba mhaith leis a laethanta imeartha a chríochnú sa mbaile ná Damien Duff. Ó chríochnaigh sé i Sasana le Fulham an tsamhradh seo caite, tá Duff ag imirt le Melbourne City san Astráil.

mhí fós fágtha ar chonradh iarimreoir Chelsea agus Blackburn, ach tá ráite aige arís agus arís eile go bhfuil sé ag iarraidh seal a chaitheamh ag imirt i Sraith na hÉireann sula n-éiríonn sé as an imirt.

go bhfuil clú áirithe bainte amach ag Miller, Fahey agus McPhail d’fhágfadh a bhain Duff amach thall in áit na leathphingine iad.

Dá bhféadfaí é sin a mhealladh ar ais, sin an uair a bheadh aird na tíre ar Shraith na hÉireann arís.

Fág freagra ar 'Curaidh áitiúla ag filleadh abhaile?'