Cuireadh deireadh le comhairlí baile in 2014 ach tá a n-athbheochan geallta… uair éigin

Lagaigh scor na gcomhairlí baile an daonlathas áitiúil ach tá a n-athbhunú geallta. Ní fios cén uair

Cuireadh deireadh le comhairlí baile in 2014 ach tá a n-athbheochan geallta… uair éigin

Bheadh iontas ar dhaoine ó thíortha eile san Eoraip dá ndéarfaí leo nach bhfuil aon údarás áitiúil dá gcuid féin ag an gcuid is mó de chathracha agus de bhailte na hÉireann.

Tá sé ráite le fada agus go fírinneach go bhfuil córas rialtais an stáit níos láraithe ná formhór na gcóras atá i bhfeidhm i dtíortha eile, agus gur lú dá réir an smacht atá ag ionadaithe áitiúla ar chaiteachas.

Chuaigh lag-dhaonlathas áitiúil na hÉireann chun donais i 2014 nuair a cuireadh deireadh le gach comhairle baile agus cathrach sa stát beagnach. Níl fágtha anois ach na údaráis áitiúla atá freagrach as cheithre cheantar uirbeach i mBaile Átha Cliath agus na comhairlí i gcathair Chorcaí agus i gcathair na Gaillimhe.

D’fhág scor na gcomhairlí baile nach bhfuil comhairle lán-áitiúil freagrach ó shin as bailte móra cosúil le Droichead Átha mar shampla (daonra: 44,135, de réir dhaonáireamh 2022), nó Inis (27,923), Cill Chainnigh (27,184), an Nás (26,180), Leitir Ceanainn (22,549) agus Sligeach (20,608).

Ar ndóigh tá comhairleoirí contae á dtoghadh i gcónaí sna ionadaithe sna bailte seo agus i mbailte eile a chaill a gcomhairlí áitiúla. Is léir an dochar a rinneadh dá n-aitheantas áitiúil agus don fhreagracht lán-áitiúil a nglactar leis i dtíortha eile mar dhlúth-chuid den daonlathas.

D’fhógair an Taoiseach athrú, nó leath-athrú b’fhéidir, ar an meon a spreag scor na gcomhairlí baile in agallamh a foilsíodh san Irish Examiner Dé Céadaoin.

D’fhéadfaí roinnt comhairlí baile a athbhunú, a dúirt sé, agus d’fhéadfaí comhairlí nua a bhunú mar gheall ar athrú daonra. Tabhair faoi deara an “d’fhéadfaí” in ionad “déanfar”.

Níor luaigh Micheál Martin go sonrach na bailte inar chóir comhairlí áitiúla a chur i mbun oibre arís ach mhol sé córas na Fraince, áit ina dtoghtar méara ar gach sráidbhaile. Is díol spéise é freisin gur thagair sé do na tuilte a rinne dochar mór i Mainistir na Corann i 2023 agus don aiféala a bhí ar mhuintir na h-áite ina ndiaidh nach raibh comhairle áitiúil acu mar chéad-ionad eagair.

An bhfuil athbheochan na gcomhairlí baile chomh maith le leigheas ar an dochar daonlathach a rinneadh i 2014 ag teannadh linn i bhfianaise a ndúirt an Taoiseach? Agus an bhfuil cinneadh a chreim cuid de dhúshraith dhaonlathach an stáit ar tí a bheith curtha ar neamhní go h-iomlán?

Tá, ach is de réir a chéile a chuirfear ar neamhní é agus níl aon chinnteacht ann go bhfillfear ar an sean-chóras i ngach baile.

Deir an clár rialtais go mbunófar comhairlí baile i mbailte móra de réir a chéile agus go mbreithneoidh “tascfhórsa daonlathais áitiúil” leasú an chórais. Bhí a gcéad chruinniú ag an tascfhórsa, ar ceapadh an t-iar státseirbhíseach sinsearach Jim Breslin mar chathaoirleach air an mhí seo caite.

Deir na téarmaí tagartha gur chóir don tascfhórsa tuairisc a chur bhráid an rialtais faoi cheann naoi mí agus dúirt an Taoiseach go raibh súil aige go mbeadh comhairlí á gcur ar bun faoi cheann trí bliana.

Ní beag an saothar a theastóidh áfach chun beart a dhéanamh de réir a bhriathra roimh an toghchán áitiúil i 2029. Go h-áirítear má chuirtear athbhreithniú an tascfhórsa ar an gcóras rialtais áitiúil iomlán san áireamh. Gan trácht ar an raic a thógfar má fhógraíonn an rialtas, abair, go mbeidh comhairle baile aris i gCluain Meala (daonra: 18,369) ach nach mbeidh i mBré (33,512).

Ní fiú comhairlí baile a athbnhunú, a dúirt Rory Hearne thar ceann n nDaonlathaithe Sóisialta, mura dtabharfar an chumhacht agus na h-acmhainní cuí dóibh.

Chuir urlabhraí rialtais áitiúil Shinn Féin Thomas Gould i gcuimhne don Taoiseach gur vótáil a pháirtí in aghaidh scor na gcomhairlí baile i 2014. Tá amhras air go n-athbunófar iad faoi cheann trí bliana.

Neosfaidh an aimsir. Idir an dá linn, is fiú cuimhneamh ar fhear a d’admhaigh i 2019 gur dearnadh botún agus na comhairlí baile á scor – cúig bliana tar éis dó a bheith ina aire caiteachais phoiblí sa rialtas a rinne a rinne an cinneadh.

Ní raibh na comhairlí baile gan locht, a dúirt Brendan Howlin sé bliana ó shin. Ba léir áfach, a dúirt sé, nach raibh ceantair bardasacha na gcomhairlí contae (ina mbíonn suíocháin ag comhairleoirí áitiúla) ag freastal mar ba chóir ar bhailte cheal foirne agus cheal ceannaireachta.

“Ba choir feabhas a bhunú ní ar gach rud a scuabadh chun siúil ach ar athchóiriú agus ar neartú an daonlathais áitiúil,” a dúirt Brendan Howlin i 2019.

Ceacht atá á foghlaim ag polaiteoirí eile ina dhiaidh. Más maith is mithid.

Fág freagra ar 'Cuireadh deireadh le comhairlí baile in 2014 ach tá a n-athbheochan geallta… uair éigin'