Cúig chúis dóchais agus John Moran i mbun oibre mar mhéara i Luimneach

Tá cúis amhrais agus cúis dóchais ag baint le méara a bheith tofa i Luimneach

Cúig chúis dóchais agus John Moran i mbun oibre mar mhéara i Luimneach

Beidh gach duine a shíleann go bhfuil an córas polaitiúil rólárnaithe ar Bhaile Átha Cliath ag súil go mbeidh dea-thoradh ar thréimhse John Moran mar mhéara tofa i Luimneach.

Is cabhair nach beag dó é nach comhairleoirí cathrach ná contae ach muintir Luimnigh a thogh é. Ní hionann cabhair ná cúis dóchais, áfach, agus barántas go mbeidh rath suntasach ar a thréimhse cúig bliana mar mhéara ar cuireadh tús foirmeálta leis Dé hAoine.

Is léir láithreach an chúis amhrais. Is i mBaile Átha Cliath a leagtar amach na polasaithe agus na buiséid le haghaidh 90% de chaiteachas poiblí an stáit (is é 38 faoin gcéad an meán i mballstáit eile an AE).

Ní athróidh teacht in oifig an mhéara nua i Luimneach an córas lárnaithe sin, go háirithe nuair nach bhfuil an córas áitiúil á athrú ach i gcathair agus i gcontae amháin.

Is féidir, áfach, dhá chineál ailt a scríobh faoin scéal seo. Bheadh cur síos in alt amháin ar a laige a bheidh cumhacht dhlíthiúil John Moran i gcomparáid le neart an chórais lárnaithe riaracháin reatha, chomh maith le tairngreacht nach mbeidh sé ábalta bun-athrú ar bith a chur i bhfeidhm.

Is iarracht é an colún seo alt den chineál eile is féidir a scríobh. Ainneoin laigí an phoist, agus ainneoin neart an státchórais, is léir cúig chúis dóchais.

Cumas John Moran

Tá taithí ag an méara tofa mar ard-riarthóir tar éis dó a bheith ina ardrúnaí sa roinn airgeadais idir 2011 agus 2014. Bhí sé ina chomhalta de bhord Bhanc Infheistíochta na hEorpa ar feadh cúig bliana, agus ina chathaoirleach ar an nGníomhaireacht Forbartha Talún. Chaith sé tréimhsí eile ag obair mar dhlíodóir sna Stáit Aontaithe agus mar fhear gnó sa Fhrainc.

Cé gur ábhar suntais é curriculum vitae a léiríonn corraitheacht agus gearrthréimhsí dá leithéid i mórán post, is léir do chách go bhfuil idir ardtuiscint agus ardtaithí ag an méara tofa ar struchtúir náisiúnta agus Eorpacha.

Cumhacht nach beag

Beidh smacht i gcónaí ag príomhfheidhmeannach na Comhairle, ar a dtabharfar Ardstiúrthóir feasta, ar an riar airgeadais. Is faoi John Moran áfach a bheidh sé buiséad na Comhairle (breis agus €1bn i mbliana) a dhréachtú agus a chur faoi bhráid na gcomhairleoirí.

Beidh sé ábalta mar sin tosaíocht a thabhairt d’ábhair áirithe (thagair sé ar dhul in oifig dó Dé hAoine do bheartais chun déileáil leis an ngéarchéim tithíochta).

Neosfaidh an aimsir cé mar a réiteoidh an méara tofa agus na comhairleoirí lena chéile, ach ní rachaidh géarchoimhlint rófhada chun tairbhe don mhéara ná do bhaill na Comhairle.

Foireann an Mhéara

Beidh cúigear ag obair in oifig John Moran agus tuarastal bliantúil €154,000 aige. Tá sé ionann agus cinnte go mbeidh tuilleadh foirne ag teastáil más mian leis an méara beartais fhiúntacha nua a chur i bhfeidhm seachas a mholadh.

Mar sin féin, ba chóir go mbeadh sé féin agus a lucht cúnta ábalta díriú ar a laghad ar chur chun cinn tograí buntáisteacha. Sin ráite, is ar thoil an státchórais tograí nua (tógáil tithe réamhdhéanta mar shampla, mar atá molta aige) a bheidh a gcur i bhfeidhm ag brath. 

Glór an Phobail

Beidh John Moran ag déileáil mar mhéara tofa le scata ionadaithe tofa eile ar ndóigh, i Luimneach agus i mBaile Átha Cliath. Is cuid mhór den dúshlán atá roimhe, mar neamhspleách nach raibh air comhréiteach a dhéanamh go dtí seo le daoine eile, cumas comhréitigh a léiriú mar mhéara – dlúthchuid de shaothar gach polaiteora.

Beidh údarás nach beag aige, áfach, toisc gurb eisean amháin a bheidh ábalta a rá gurb iad muintir Luimnigh a thogh é chun labhairt ar a son. Déan talamh slán de nach ngéillfear dó i gcónaí sa phríomhchathair ach beidh fonn ar gach aire agus gach státseirbhíseach stuama aighneas oscailte a sheachaint le príomh-ionadaí tofa Luimnigh.

Rialtas áitiúil san Eoraip

Is céim an-bheag í toghadh John Moran mar mhéara i dtreo an chineál córas dílárnaithe rialtais atá coitianta ar fud na hEorpa.

Bhí comhrá ag an scríbhneoir seo cúpla bliain ó shin le fear a raibh breis agus tríocha bliain caite aige mar mhéara ar shráidbhaile beag faoin tuath in oirdheisceart na Fraince.

Níl ach thart ar thríocha a cúig teach sa sráidbhaile agus bíonn a bhformhór folamh. Is le daoine as áiteanna eile a bhformhór (chuirfeadh sé Dún Chaoin agus áiteanna eile ar an gcósta thiar i gcuimhne dhuit) a bhíonn folamh nuair nach dtagann siad féin nó cíosaithe ar cuairt.

Dúirt sé liom gur 150 duine ar a mhéid atá ina mbuanchónaí sa bhaile agus sa cheantar máguaird. Toghadh mar mhéara é arís agus arís eile, a dúirt sé, ar dhá chúis. Toisc nár sheas iarrthóir eile riamh ina choinne agus toisc gur thuig muintir na háite agus feidhmeannaigh in oifigí an département agus i ranna rialtais nach mbeadh dea-thoradh ar bheartas ar bith mura dtabharfaí aird ar an méara áitiúil.

Dearcadh oifigiúil a bheadh ina buntáiste do chách má bhíonn sé i réim i mBaile Átha Cliath agus i Luimneach agus John Moran ag dul i mbun oibre.

Fág freagra ar 'Cúig chúis dóchais agus John Moran i mbun oibre mar mhéara i Luimneach'