Céim dlí le Gaeilge le cur ar fáil ag Ollscoil na Banríona den chéad uair

Rinne Conradh na Gaeilge nasc idir bunú na céime nua agus an aisghairm a rinneadh i mbliana ar dhlí a d’fhág nach raibh cead an Ghaeilge a úsáid sna cúirteanna i dTuaisceart Éireann le breis is 300 bliain

Céim dlí le Gaeilge le cur ar fáil ag Ollscoil na Banríona den chéad uair

Tá fáilte curtha roimh an scéala go bhfuil Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste le céim sa dlí agus sa nGaeilge a chur ar fáil agus é ráite gur céim shuntasach chun cinn é i bhfianaise an deireadh atá leis an gcosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh.

Níos luaithe i mbliana a rinneadh aisghairm ar An tAcht um Riar an Cheartais (Éire) 1737 a d’fhág nach raibh cead an Ghaeilge a úsáid sna cúirteanna i dTuaisceart Éireann le breis is 300 bliain.

Rinneadh an dlí a aisghairm mar chuid den acht féiniúlachta agus teanga a tháinig isteach i dTuaisceart Éireann mí na Nollag 2022.

Rinne Conradh na Gaeilge nasc idir aisghairm na reachtaíochta sin agus an scéal go bhfuil Ollscoil na Banríona le tús a chur le céim sa dlí agus sa nGaeilge.

Ag cruinniú de Choiste Oideachais na hollscoile an tseachtain seo, tugadh cead tús a chur le Baitsiléir Dlí le Gaeilge agus é ráite gur iarracht atá inti dul i ngleic le bearna i soláthar na Scoile Dlí ó thaobh na teanga.

Cúrsa lánaimseartha atá i gceist a mhairfidh trí bliana agus glacfar le mic léinn céad bhliana den chéad uair i Meán Fómhair 2026.

Chuir Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Cearta Teanga le Conradh na Gaeilge ó thuaidh, fáilte roimh an scéala agus moladh aici don obair a rinne an grúpa feachtasaíochta Dearcán, a bhíonn ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn san ollscoil, chun an chéim seo a bhaint amach.

“Mar iar-mhac léinn mé féin ar Ollscoil na Ríona, tuigim go rímhaith cén tionchar a bhí ag easpa an chúrsa seo ar mhic léinn ag roghnú na hollscoile seo, mo dheartháir féin san áireamh,” a dúirt Nic Liam.

Dúirt Eoghan Ó Conghaile, ball de Chumann Gaelach Ollscoil na Banríona, gur tháinig an chéim nua mar thoradh ar “obair cheannródaíoch a rinne Roinn na Gaeilge agus an Cumann Gaelach le blianta beaga anuas.”

“Aithníonn muid an tábhacht a bhaineann leis an dá ábhar seo a dhéanamh le chéile, chun aitheantas a thabhairt don Gaeilge mar theanga oifigiúil an stáit, agus ceisteanna stádas na Gaeilge a phlé san ollscoil agus níos faide anonn ar fud na sé chontae.”

Dúirt Nic Liam gur cloch mhíle stairiúil a bhí in aisghairm acht 1737 ar an aistear i dtreo chearta teanga cuimsitheacha a bhaint amach do phobal na Gaeilge ó thuaidh agus gur theastaigh anois oibriú chun a chinntiú go mbeadh Gaeilgeoirí in ann a bheith ag plé leis an gcóras dlí ina rogha teanga.

“Tá riachtanas práinneach ann anois níos mó ná ariamh bun-infreasruchtúr a thógáil chun cinntiú gur féidir le dlíodóirí, breithiúna agus ateangairí na todhchaí feidhmiú go líofa sa Ghaeilge. Cuirfidh seo go mór le cumas an chórais dlí déileáil go cothrom agus go héifeachtúil le cásanna dátheangacha nó le cásanna trí mheán na Gaeilge.”

Tá polasaí nua maidir le húsáid na Gaeilge sna cúirteanna le forbairt ag an Aire Dlí agus Cirt ó thuaidh, Naomi Long.

Fág freagra ar 'Céim dlí le Gaeilge le cur ar fáil ag Ollscoil na Banríona den chéad uair'