Ceardlann do mhúinteoirí iarbhunscoile i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta á reáchtáil san iarthar

Díreofar sa cheardlann atá á reáchtáil ag An Chomhairle um Oideachas Gealtachta agus Gaelscolaíochta (COGG) ar na hacmhainní nua teagaisc atá ar fáil do mhúinteoirí iarbhunscoile a bhíonn ag múineadh i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta

Ceardlann do mhúinteoirí iarbhunscoile i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta á reáchtáil san iarthar

Beidh ceardlann eolais á reáchtáil do mhúinteoirí iarbhunscoile a bhíonn ag múineadh trí Ghaeilge i nGaillimh an tseachtain seo.

An Chomhairle um Oideachas Gealtachta agus Gaelscolaíochta (COGG) atá i mbun na ceardlainne lae, atá dírithe ar na hacmhainní nua teagaisc atá ar fáil do mhúinteoirí iarbhunscoile a bhíonn ag múineadh i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta.

Le linn na ceardlainne, a bheas ar siúl Déardaoin, an 15 Lúnasa, i gColáiste na Coiribe i nGaillimhe, idir 10am agus 4pm, beidh deis ag múinteoirí freastal ar cheardlanna atá dírithe ar ábhair éagsúla atá sa churaclam.

I mbliana, díreofar ar na hocht n-ábhar seo a leanas; Ceol, Gaeilge, Eolaíocht, Matamaitic, Nuatheangacha, Stair, Tíreolaíocht agus Treoir.

I measc na n-acmhainní nua, tá téacsleabhair nua i nGaeilge don Cheol, don Fhraincis agus don Stair atá dírithe ar dhaltaí na sraithe sinsearaí. Pléifear chomh maith leis na hacmhainní digiteacha nua a chuideoidh le daltaí, lena n-áirítear suíomh nua Google a dhíríonn ar Eolaíocht na Sraithe Sóisearaí.

Beidh pacáiste eolais ‘Gairmeacha – Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge’ ar fáil do na Comhairleoirí Treorach agus na múinteoirí ar fad a bheith i láthair don cheardlann.

Tá an lá seo oiriúnach do réimse leathan múinteoirí, idir mhúinteoirí a bhfuil taithí fhada acu ag teagasc i scoileanna Gaeltachta/Gaelcholáistí agus mhúinteoirí atá nuacháilithe nó nuacheaptha don teagasc trí Ghaeilge.

Ceardlann saor in aisce atá ann, ach clárú anseo.

 

Fág freagra ar 'Ceardlann do mhúinteoirí iarbhunscoile i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta á reáchtáil san iarthar'