Ceann de na poist is sinsearaí in Údarás na Gaeltachta faighte ag Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ

D’éirigh le Rónán Mac Con Iomaire sa chomórtas don phost mar Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga san eagraíocht fiontraíochta Gaeltachta

Ceann de na poist is sinsearaí in Údarás na Gaeltachta faighte ag Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ

Tá ceann de na poist is sinsearaí in Údarás na Gaeltachta le tairiscint do Rónán Mac Con Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur éirigh le Mac Con Iomaire, arb as an gCeathrú Rua i nGaeltacht na Gaillimhe dó, sa chomórtas don phost mar Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga san eagraíocht fiontraíochta Gaeltachta.

Thiocfadh Mac Con Iomaire i gcomharbacht ar Thadhg Ó Conghaile a d’éirigh as le déanaí.

Triúr stiúrthóirí sinsearacha ar fad atá in Údarás na Gaeltachta agus suas le €110,000 a bhí luaite leis an bhfolúntas.

Sé cinn de phríomhchúraimí a luadh leis an bpost nuair a fógraíodh é mí Lúnasa – an phleanáil teanga a fhorbairt, an fhorbairt réigiúnach, an fhorbairt fiontraíochta, an fhorbairt chultúrtha, forbairt an gheilleagair shóisialta agus an fhorbairt pobail.

Iar-iriseoir le TG4 agus iar-leascheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta é Rónán Mac Con Iomaire ar ceapadh ina Ghrúpcheannasaí Gaeilge ar RTÉ é in 2014. Ba é an chéad duine a raibh an post sin aige. 

Is é údar Rocky Ros Muc, an leabhar mór-ráchairte faoi shaol an dornálaí Gaeltachta Seán Ó Mainnín. 

Fág freagra ar 'Ceann de na poist is sinsearaí in Údarás na Gaeltachta faighte ag Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ'