Chuir iriseoir iniúchta glaoch ar phreasoifig an PSNI. Bhí ceist shimplí aige. An raibh fiosrú ar siúl ag an tseirbhís faoi líomhaintí breabaireachta agus mí-iompair san oifig faoi phríomhchonstábla cúnta?
Ba é Barry McCaffrey an t-iriseoir. Bhí sé i mbun fiosruithe don suíomh idirlín The Detail, seirbhís a bhfuil ardmheas uirthi. B’in sa bhliain 2013. In ionad déileáil leis an gceist ar an ngnáthbhealach, mar a dhéantar leis na scórtha glaonna gach lá, chinn bleachtairí an PSNI nár mhór a fháil amach céard a bhí ar eolas ag an gceistitheoir. Glactar leis go raibh siad ag iarraidh eolas a aimsiú faoina chuid foinsí. Chuige sin rinneadh scrúdú nó ‘monatóireacht’ faoi rún ar ghuthán McCaffrey.
Is cosúil gur mar chiontóir agus nach mar iriseoir a chuir ceist dhlisteanach a bhreathnaigh an PSNI air; bhí fiosrú rúnda ar siúl ach ní raibh toradh air. Níorbh é sin an t-aon uair a léirigh an tseirbhís póilíneachta meon aisteach, amhrasach i leith iriseoireachta agus i leith obair iniúchta Barry McCaffrey go sonrach.
Ceithre bliana níos deireanaí, thuill McCaffrey agus a chomhghleacaí Trevor Birney cáil idirnáisiúnta as an obair a rinne siad ar an scannán No Stone Unturned faoi shléacht Loch an Oileáin i gContae an Dúin i 1994 inar mharaigh dílseoirí an UVF seisear agus goineadh cúigear eile. Tharraing an scannán aird ar fhiosrú faillitheach, easnamhach an RUC, agus an PSNI ina ndiaidh, cé gur gealladh go bhfágfaí ‘no stone unturned’. D’ainmnigh an scannán amhrastach agus bhain sé leas as tuairisc a sceitheadh ó oifig Ombudsman na bPóilíní.
An bhliain dár gcionn in 2018 rinne póilíní ruathar ar thithe Barry McCaffrey agus Trevor Birney agus oifig an chomhlacht léirithe Fine Point Films a rinne an scannán. Gabhadh ríomhairí, gutháin agus comhaid in oibríocht a chuir alltacht ar dhaoine ó ba chosúil gurbh fhearr leis an PSNI a dhul sa tóir ar iriseoirí ná ar choirpigh. Mhaígh bleachtairí gur goideadh an cháipéis as oifig an Ombudsman ach tar éis siar agus aniar sna cúirteanna a mhair breis is bliain caitheadh amach na barántais tar éis athbhreithniú breithiúnach. In 2020, d’íoc an PSNI cúiteamh £875,000 le McCaffrey, Birney agus an comhlacht léirithe agus ghabh an Príomhchonstábla, Simon Byrne, leithscéal gan choinníoll leis an mbeirt iriseoirí.
I ndiaidh a mbua san athbhreithniú san Ard-Chúirt rinne na hiriseoirí gearán leis an Investigatory Powers Tribunal (IPT) faoi mhí-úsáid a bheith bainte as a gcuid comhad. Binse neamhspleách is ea an IPT a fhiosraíonn gearáin faoi mhí-úsáid mhodhanna faireachais áisíneachtaí stáit.
Is mar chuid d’obair an Bhinse sin a fuair Barry McCaffrey amach go raibh iompar ina leith in 2013 faoi scrúdú. B’in an chéad leid a fuair sé. Chuir an Binse in iúl do McCaffrey agus Trevor Birney go mbeadh a ngearán ó 2019 á éisteacht níos deireanaí i mbliana agus go raibh cás eile a bhain leo ar an gclár acu. B’in cás a bhain le bailiú “sonraí cumarsáide” in 2013; rinneadh é faoin Acht um Rialáil na gCumhachtaí Imscrúdaithe, 2000. Bhaintí leas as an reacht sin chun cúléisteacht agus spiaireacht a dhéanamh ar iriseoirí chomh maith le coirpigh. Tar éis feachtas an Press Gazette, faoin ainm ‘cosain ár gcuid foinsí’, tugadh dúshlán don acht sa chúirt agus leasaíodh é in 2016 ionas go mbeadh cead breithimh riachtanach chun a dhul ag fiach i sonraí iriseoirí. Ni léir go bhfuil an t-acht leasaithe aon phioc níos fearr agus d’admhaigh rialtas na Breataine anuraidh gur sháraigh Acht 2000 an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.
Beidh le feiceáil cén rialú a dhéanfaidh an IPT ach creideann Barry McCaffrey gur dóigh leis an mBinse go raibh an beart a rinneadh mícheart – cén chúis eile a mbeadh fiosrú ar siúl acu, ar sé. Údar mór imní d’iriseoirí é an PSNI a bheith ag dul ag tóraíocht i sonraí atá príobháideach, go háirithe nuair atá rúndacht geallta d’fhoinsí. Cuireann an pobal i leith iriseoirí gur ar mhaithe leo féin a bhíonn siad ag fuarchaoineachán ach conas is féidir lucht na cumhachta a fhiosrú má fhágann póilíní nó údarás eile na hiriseoirí ar leathshúil agus ar leathchois?
Ní féidir a shéanadh go bhfuil gnéithe de na meáin atá doghlactha, a chothaíonn mímhuinín agus a tharraingíonn droch-cháil ar an ngairm uilig. Thairis sin, caithfidh iriseoirí an dlí a chomhlíonadh, níl ceist faoi sin. Ach i ré na bréagfhaisnéise, cén sórt daonlathais a bheadh ann mura mbeadh an ceathrú heastát in ann feidhmiú gan laincis cheilte ar nós an chinn ar bhain an PSNI leas aisti. Tá sé thar am ag an PSNI cleachtais oibre nua maidir le hiriseoireacht a bhunú agus a chinntiú go gcloífear leo. Ní maise ar an tseirbhís í an spiaireacht ar iriseoirí, ní hé a leas í agus is cinnte nach í leas na hiriseoireachta í.
Fág freagra ar 'Cathain a aithneoidh an PSNI nach coir í an iriseoireacht iniúchta?'