Briseann an dúchas trí shúile an chait

Labhair Tuairisc.ie le Lester Ryan, captaen Cill Chainnigh, faoin óráid a thug sé i ndiaidh do na Cait Corn Mhic Cárthaigh a bhuachan agus faoin bhfíséan de i mbun cleachtaidh – i 1998!

Lester Ryan ó Inpho
Lester Ryan ó Inpho

Nuair a dhreap Lester Ryan céimeanna Ardán Uí Ógáin chun glacadh le Corn Mhic Cárthaigh, is dóigh gurb é a cheap tromlach na ndaoine ná nach gcloisfí de Ghaeilge uaidh ach “Tá an-áthas orm an corn seo a ghlacadh ar son mhuintir Cill Chainnigh.”

Ach mar a léiríonn físeán youtube a scaipeadh go forleathan ar líne an tseachtain seo caite, ní inniu ná inné a thosaigh Ryan ag cuimhneamh ar óráid Ghaeilge a thabhairt.

Tá Ryan le feiceáil sa bhfíséan atá á roinnt go tréan ar na meáin shóisialta le breis agus seachtain anuas, é deich mbliana d’aois agus é á shamhlú féin mar chaptaen buachach Chill Chainnigh, ag tabhairt óráide ó Ardán Uí Ógáin.

Má tá an Rianach le creidiúint, ní raibh aon chuimhne aige ar an gcleachtadh a bhí déanta aige i 1998 nuair a shuigh sé síos lena chara chun óráid mhór na bliana seo a chumadh. Déanann sé gáire agus é ag cuimhneamh siar anois ar an scéal.

“Ceapaim gur le haghaidh féile a bhí ar siúl i gcathair Cill Channaigh a rinne mé é. Scríobh an múinteoir a bhí agam i rang a ceathair, John Bulger, an óráid dom agus rinne mé é. ‘Sé an gnáthrud a rinne daoine ná dán a fháil as Gaeilge, gléasadh suas, agus aithris a dhéanamh air, ach rinne mise an óráid agus ba shin í an rogha cheart, is dóigh liom.

“Níor smaoinigh mé riamh air, tharla sé chomh fada sin ó shin. Nuair a chonaic mé an fhís, tháinig sé uilig ar ais agam, ach bhí dearmad glan déanta agam air. Sé bliana déag ó shin a tharla sé!”

Bhí Ryan sa scoil ina bhfuil sé ag múineadh nuair a chonaic sé an fhís den chéad uair.

“Múinteoir eile i gColáiste Chiaráin a bhí á thaispeáint dom. Ní raibh tada ag dul tríd m’intinn ach, ‘Céard atá ag tárlú, cén chaoi sa diabhal go bhfuair sé é seo?’”

Is col ceathrar le Ryan a scaip an físeán, agus tá captaen Cill Channaigh ag bain suilt as daoine a bheith ag magadh faoi.

“Ní chuireann sé isteach nó amach oramsa! Níl aon dochar ann, go háirithe an tseachtain áirithe sin ,” a deir sé agus é ag gáire.

Déanann taithí máistreacht, is cosúil, mar coicís ó shin thug an fear as Clárach a óráid uile as Gaeilge. Cé nach bhfuil mórán den teanga ag Ryan, rinne sé an cinneadh go mbeadh beagán Gaeilge ina chuid óráidí i rith na bliana.

Ar ndóigh, mar chaptaen ar fhoireann iománaíochta Chill Chainnigh, ní raibh air fanacht i bhfad chun corn a bhuachan.

“Bhí a fhios agam roimh chluiche ceannais na Sraithe Allianz go mb’fhéidir go mbeadh orm óráid a dhéanamh agus bhí mé ag iarraidh go mbeadh píosa beag Gaeilge ann. Is múinteoir é cara liom, an Bráthair Damien Brennan, agus thug seisean cabhair dom,” a deir Ryan le Tuairisc.ie.

Dúirt an fear lár páirce go raibh suim aige sa Ghailege i gcónaí. Cé nach í an t-ábhar ba láidre a bhí aige sa bhunscoil ná sa mheánscoil, bhí sé ina chónaí le cainteoir líofa nuair a d’fhreastail sé ar an ollscoil i Luimneach.

“Bhí cara liom, Cairbre Ó Cairealláin as Co. Aontrama, agus is Gaeilgeoirí iad a mhuintir uile. Bhíodh mé féin agus na daoine eile sa teach i gcónaí ag iarraidh go labhródh sé cúpla focal linn nó bhíodh muid i gcónaí ag éisteacht leis nuair a bhí sé ar an bhfón lena mhuintir, cé nach raibh a fhios againn céard a bhí á rá aige.”

Nuair a thug Cill Chainnigh aghaidh ar Bhaile Átha Cliath i gcluiche ceannais Chúige Laighean, bhí ar an mBráthair Brennan cúpla focal eile a réiteach dá chara, ach bhí coinníoll amháin ag roinnt leis an margadh: go mbeadh an óráid do Chluiche Ceannais na hÉireann go hiomlán as Gaeilge.

“Ghlaoigh mé air tar éis dúinn Luimneach a bhualadh sa chluiche leathcheannais agus thosaigh muid ag obair ar an óráid le chéile. Tá togha na Gaeilge ag an mBráthair Damien agus chuaigh muid trí chuid do na rudaí a bhí muid ag iarraidh a chur isteach agus na seanfhocail a bheadh feiliúnach. Bhí cúpla ceann – ‘ar scáth a chéile a mhaireann na daoine’ go háirithe – a raibh mé ag iarraidh iad a bheith ann.”

Cé go raibh beagán deacrachta ag Ryan leis an nGaeilge agus “an séimhiú go háirithe”, bhí sé ag iarriadh go mbeadh sí iomlán ceart aige.

“Shuigh an bheirt againn síos lena chéile cúpla uair agus d’oibrigh muid amach an rud uile, an fhuaimniú agus rudaí mar sin,” a deir sé.

Cé go raibh air óráid a thabhairt ós comhair 80,000 duine i bPáirc an Chrócaigh, agus go raibh na milliúin eile ag féachaint ar an gcluiche ceannais in Éirinn agus ar fud an domhain ar an teilifís, dúirt Ryan nach raibh aon imní air nuair a sheas sé in aice le hUachtarán CLG, Liam Ó Néill, chun an corn a ardú.

“Bhi an oiread lúcháire orm tar éis an chluiche, nach raibh seans ar bith go mbeadh imní orm. Bhí a fhios agam go mbeadh mé ag déanamh rud éigin a bhí beagáinín difriúil agus rud a bheadh go deas dom féin agus do gach uile dhuine eile.

“Tá aithne ag JJ Delaney agus ag Jackie Tyrell ar an mBráthair Damien, agus mar sin dúirt mé leo tar éis an chluiche go mbeadh mé ag labhairt as Gaeilge amháin, ach ní raibh an plean ar eolas ag aon duine eile.”

Tá an-aitheantas faighte ag Ryan ó shin ó dhaoine atá líofa sa teanga agus ó dhaoine nach bhfuil focal Gaeilge acu. Thuig sé féin chomh tábhachtach is a bhí an teanga agus an oidhreacht a bhaineann léi don Chumann Lúthchleas Gael ba léiriú paiteanta ar an méid sin an glacadh a bhí lena óráid Ghaeilge.

Maidir leis an séasúr iománaíochta féin, ní nach ionadh, tá Ryan fíorshásta leis an gcaoi ar thit rudaí amach.

“Bhuaigh muid gach uile chomórtas inar ghlac muid páirt ann. Bhí go leor daoine amhrasach fúinn ag tús na bliana, ach caithfidh tú creidiúint a thabhairt do na himreoirí agus do Bhrian Cody mar taispeánann an méid a bhaineamar amach cé chomh crua agus a oibríonn muid.

“Nuair a bhí me ag cur na hóráide le chéile, theastaigh uaim tagairt a dhéanamh dó sin agus cuid de na daoine sinsireacha atá ar an bpainéal a lua, daoine ar nós Cody agus Henry Shefflin, a bhfuil deich gcraobh buaite acu le ceithre nó cúig bliana déag anuas.”

Is díol suime an chaint a tharraingítear sa phobal nuair a tharlaíonn sé gur i nGaeilge ar fad a bhíonn óráid chaptaen foirne i bPáirc an Chrócaigh. Tá trácht fós ar an óráid a rinne Joe Connolly 34 bliain ó shin thar cheann iománaithe na Gaillimhe. I nGaeilge amháin a labhair Páidí Ó Sé i 1985 agus go deimhin ba i nGaeilge den chuid is mó a labhair Pat Fleury, captaen iománaithe Uíbh Fhailí, an bhliain chéanna. Gaoluinn ghlan na Ríochta a labhair Dara Ó Cinnéide i 2004 agus i nGaeilge a labhair Seán Óg Ó hAilpín i 2005.