Beidh leid faoin olltoghchán sna toghcháin áitiúla is Eorpacha

Níl aon chumhacht ag na comhairlí áitiúla ná ag Parlaimint na hEorpa, ach tabharfaidh na toghcháin spléachadh dúinn faoi céard atá i ndán do na páirtithe san olltoghchán

Beidh leid faoin olltoghchán sna toghcháin áitiúla is Eorpacha

Tá tús curtha anois go hoifigiúil leis na feachtais i gcomhair na dtoghchán áitiúil agus Eorpach agus b’fhéidir, an ceann is tábhachtaí, an toghchán chun Méara Luimnigh a cheapadh, an chéad uair go dtoghfar méara go díreach ar chathair. Is ar an 7 Meitheamh a reáchtálfar na toghcháin sin go léir.

Mar is iondúil is beag spéis atá sna toghcháin seo.  Timpeall 50% de na daoine a vótálann go hiondúil, i gcomparáid le os cionn 60% in olltoghcháin.

Tá míniú simplí air seo.  Níl aon chumhacht ag na comhairlí, agus, ar ndóigh, is ábhar seasta grinn í Parlaimint na hEorpa, mar is ag Comhairle na nAirí is ag an gCoimisiún atá gach cumhacht san Aontas Eorpach.

Maidir leis na comhairlí contae, is ag an bpríomhfheidhmeannach atá an chumhacht, is ní dhéanann sé mórán difir cén páirtí atá chun cinn, mar leagtar síos na polasaithe sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i mBaile Átha Cliath is cuireann an príomhfheidhmeannach i bhfeidhm iad.

Sea, níl aon chóras againn le fíordhaonlathas a chur i bhfeidhm ag an leibhéal áitiúil, agus san AE níl sa pharlaimint ach stáitse a mbíonn polaiteoirí ag cur i gcéill dóibh féin gur daoine mór le rá iad.

Rud éagsúil ar fad is ea toghchán an mhéara i Luimneach.  Seo é an chéad uair a bhfuil toghchán díreach ann do phost dá leithéid, is ag an méara ansin a bheidh na cumhachtaí atá faoi láthair ag an bpríomhfheidhmeannach.

Bhí reifreann áitiúil ann le glacadh leis an gcóras nua, is glacadh leis le 52 in aghaidh 48.  Níl a fhios againn cén chaoi a n-oibreoidh an scéal amach.  Ach má éiríonn leis an té a cheapfar a bheith éifeachtach, ní fada go mbeidh vótáil dhíreach ann ar fud an tíre, i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh is áiteacha eile.

Tá na trí mhórpháirtí ag súil le bua, ach is cosúil nach bhfuil mórán eatarthu.  Tá Maurice Quinlivan san iomaíocht ar son Shinn Féin, Daniel Butler ar son Fhine Gael agus Dee Ryan ar son Fhianna Fáil.  Ag an bpointe seo, ní féidir a rá cé leis a rachaidh sé, ach is dócha go mbeidh aistriú láidir ag an deireadh idir Fine Gael agus Fianna Fáil is go gcoinneoidh sé sin Sinn Féin as.

Maidir leis na toghcháin Eorpacha, den chuid is mó baintear leas astu le teachtaireacht a thabhairt don rialtas, agus tarlaíonn sé go héasca go gcaillfeadh duine a toghadh roimhe sin lear mór vótaí.  Beifear ag breathnú go háirithe mar sin ar Chiarán Cuffe i mBaile Átha Cliath is ar an gComhaontas Glas i gcoitinne, mar rinne siad éacht sna toghcháin seo cúig bliana ó shin.

Is fíor, fiú mura bhfuil cumhacht i gceist, go bhfuil tábhacht leis na toghcháin seo mar chomhartha i leith fhíorsheasamh na bpáirtithe, is tugann siad leid faoi cé hiad na hiarrthóirí nua a d’fhéadfadh a bheith san iomaíocht in olltoghchán.

Ábhar mór iontais a bheadh ann mura mbeidh Sinn Féin sa chéad áit, agus slám mór suíochán nua acu.  Rinne na poblachtánaigh go hainnis in 2019: ní raibh ach 9.5% den vóta acu, is chaill siad leath dá gcuid suíochán. Ba cheart go mbeadh timpeall 30% den vóta acu an uair seo, is beidh siad ag súil le thart ar a thrí oiread suíochán a bhaint amach.

Caillfidh Fianna Fáil, agus b’fhéidir Fine Gael leis, suíocháin agus tá an chuma ar an scéal go bhfuil drochlá eile i ndán don Chomhaontas Glas agus do Pháirtí an Lucht Oibre, (mar is ar éigean a vótálfaidh mórán den lucht oibre féin don pháirtí sin).

Beidh súil ghéar freisin ar na Daonlathaithe Sóisialta le fáil amach an mbeadh a ndóthain acu le comhrialtas a chur le chéile le Sinn Féin amach anseo.

Agus beidh súil níos géire ar Aontú, a thuilleann 5% sna pobalbhreitheanna.  An mbeidh siadsan in ann a líon comhairleoirí a choinneáil, nó an léireoidh Jim Codd i Loch Garman agus Becky Kealy i gCorcaigh Thiar Thuaidh gur ábhar teachtaí Dála iad?

Agus céard faoin eite dheis i bhfad amach?  Dream glórach iad ach an bhfuil tacaíocht vótála acu i ndáiríre?  Tá mé féin amhrasach go bhfuil, ach tá imní mhór ar an bpobal faoi scéal na hinimirce, scéal a bhfuil na hantoiscigh ag iarraidh leas mór a bhaint as.

As ndóigh, ní ábhair iad seo a bhfuil aon ionchur ag comhairleoirí áitiúla nó feisirí Eorpacha iontu – léiriú eile gur cineál cur i gcéill é córas an rialtais áitiúil sa tír seo.

Fág freagra ar 'Beidh leid faoin olltoghchán sna toghcháin áitiúla is Eorpacha'