Barr Smaise le Evanne Ní Chuilinn

Is í Evanne Ní Chuilinn, an craoltóir spóirt le RTÉ, a bhí i mbun cainte le Sara Ní Chuireáin an tseachtain seo.

Evanne Ní Chuilinn

Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin…

…clasaiceach, compordach agus (uaireanta) spórtúil!

Na pearsana aitheanta – fear agus bean – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?

Amy Huberman agus iománaí Chill Chainnigh, Jackie Tyrrell.

An rud is sine i mo chófra/vardrús?

Péire Uggs ó 2007, is dóigh!

Penneys, Brown Thomas nó….

…French Connection.

Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…

…mála de chuid Michael Kors.

Na trí earra áilleachta/maisíochta nárbh fhéidir liom déanamh dá uireasa?

Peann luaidhe malaí, folaitheoir (concealer) agus cumhrán!

Ar choinne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin…

…péire jeans, barr agus bróga sála arda

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh…

…n’fheadar. Ní bheinn róbhuartha mar gheall ar sin.  Dá mba é an duine ceart é, dhéanfadh tracksuit an jab!

An iris, suíomh nó blag faisin is ansa liom…

Is maith liom an iris Tatler, an leagan Éireannach.

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

Bearradh gruaige lofa nuair a bhíos 14 – bhí sé róghearr, agus ró ‘aibí’ domsa ag an am!

 

 

Fág freagra ar 'Barr Smaise le Evanne Ní Chuilinn'