Barr Smaise… le Máire Bhreathnach

Is í Máire Bhreathnach, láithreoir ‘Blas na Céadaoine’ ar BBC Raidió Uladh agus ‘I Lár an Aonaigh’ ar theilifís BBC , a bhí i mbun cainte le Sara Ní Chuirreáin an tseachtain seo.

SONY DSC

Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin…

…neamhfhoirmeállta, simplí, agus dathannach.

An phearsa aitheanta a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leis/léi?

Sienna Miller – is maith liom an stíl fhaiseanta atá aici; tá stíl s’aici iontach chic agus nádúrtha.

An rud is sine i mo chófra/vardrús?

Tá seaicéad craiceann caorach agam a chaitheadh mo mháthair sna seascaidí – galánta go fóill, caithfidh mé a rá.

Penneys, Brown Thomas nó…

… TK Maxx – Éadaí dearthóra ach margaí maithe – bím ann chomh minic sin gur chóir scaireanna a bheith agam sa chomhlacht!

Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…

… málaí agus bróga. An rud is greannmhaire a dúradh liom riamh agus mé ag siopadóireacht – ‘cad tuige a bhfuil tú ag ceannacht mála, tá mála agat’!

Na trí earra áilleachta/maisíochta nárbh fhéidir liom déanamh dá n-uireasa?

Maothóir de chuid Clarins, snas béil agus cumhrán Issey Miyake. Cé go mbainim triail as go leor cumhráin eile téim arais i gconaí go Issey Miyake.

Ar choinnne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin…

ball gown, ar ndóigh!

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh…

…slabhra tiubh óir – oops, tá mé buartha má chuir mé isteach ar éinne atá ag caitheamh slabhra tiubh óir!

An iris, suíomh nó blag faisin is ansa liom…

Taitníonn an Instyle Mag liom.

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

Bhí an-spéis go deo agam sa bhanna ceoil ‘The Cure’ agus mé ag fás aníos agus caithfidh mé a admháil gur chaith mé an smideadh bán, béal dath dearg agus an ghruaig spíonta i mbarr mo chinn agam. Tá na grianghrafanna sin uilig scriosta agam!