Barr Smaise… le Julian de Spáinn

An tseachtain seo is é Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáínn, atá i dteanna Sara Ní Chuirreáin

Julian de Spáinn 1

Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin…

Réchúiseach, sona, compordach – sin an tslí is fearr liom gléasadh.

 

Na pearsana aitheanta – fear agus bean – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseantaag baint leo?

George Clooney mar go bhfuil sé faiseanta ar bhealach leathfhoirmiúil, thar a bheith réchúiseach; Imelda May mar go bhfuil a stíl uathúil féin aici.

 

An rud is sine i mo chófra/vardrús?

T-léine ón tSeachtain Ghaelach in Ollscoil na Gaillimhe, 1996.

 

Penneys, Brown Thomas nó….

Best Menswear mar go bhfuil sé easca teacht air agus bíonn rogha leathan ann.

 

Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…

…péire buataisí Cats.

 

An bhfuil tú sách fearúil le maothóir (moisturiser) a chaitheamh?

Tá… ach ní dhéanaim!

 

Ar choinnne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin…

Nuair a bhíodh mé ag dul ar choinní chéad aithne chaithfinn brístí géine, léine bhán (agus fáinne, ar ndóigh!).

 

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh…

…brístí spandex, go mór mór dá mbeadh patrún ainmhithe orthu.

 

An lóis iarbhearrtha (aftershave lotion) is ansa liom…

…ná cibé lóis iarbhearrtha a fhaighim mar bhronntanas! CK free faoi láthair.

 

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

Chaith mé bristí géine seicire nuair a bhí mé 12 bliain d’aois – bhí siad an-fhaiseanta go deo ag an am!

Fág freagra ar 'Barr Smaise… le Julian de Spáinn'