Baile Átha Cliath v Dún na nGall agus cluichí móra eile na deireadh seachtaine

Beidh athimirt do chluiche leathcheannais na hÉireann ar siúl i bPáirc an Chrócaigh chomh maith le cluichí idirchontae agus club eile ar fud na tíre

Imreoir Bhaile Átha Cliath, Paul Flynn, agus é ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh i gcoinne Dhún na nGall anuraidh. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Imreoir Bhaile Átha Cliath, Paul Flynn, agus é ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh i gcoinne Dhún na nGall anuraidh. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Gan dabht, is é an cluiche idir Baile Átha Cliath agus Dún na nGall, ‘athimirt’ cluiche leathcheannais na craoibhe anuraidh, an cluiche is mó sa tSraith Náisiúnta Peile an deireadh seachtaine seo. Beidh an CLG ag súil le slua mór i bPáirc an Chrócaigh oíche Dé Satharn, le cluiche ceannais Chorn Bhreathnach idir Gaillimh agus Baile Átha Cliath ar siúl roimh an gcluiche peile.

Bhain Dún na nGall stangadh as Bhaile Átha Cliath leis an mbua sin anuraidh, 3-14 in aghaidh 0-17. Tá ráite ag leithéidí Paul Flynn agus James McCarthy an tseachtain seo go bhfuil siad ag iarraidh rudaí a chur ina gceart tar éis an chailleadh sin. Dúirt Flynn go mba gheall le bás a fháil an díomá a bhraith sé an lá úd.

bheidh an deis ag Flynn ná McCarthy, ná an chuid is mó den fhoireann a d’imir mí Lúnasa seo caite, páirt a ghlacadh sa chluiche seo mar gur léir go bhfuil Jim Gavin ag úsáid na sraithe chun súil a chaitheamh ar imreoirí nua do Bhaile Átha Cliath. Níor thosaigh ach cúigear a d’imir i gcoinne Dhún na nGall sa chéad bhabhta i gcoinne Chorcaí an Domhnach seo caite.

Ar an taobh eile, cé go bhfuil bainisteoir nua ag Dún na nGall, breathnaíonn sé go bhfuil Rory Gallagher sásta leanúint leis ag tógáil ar an méid a rinne Jim McGuinness leis an gcontae. Bhí 12 imreoir a d’imir i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh páirteach sa bhua i gcoinne Dhoire an Satharn seo caite. Chomh maith leo sin, tá Mark McHugh tagtha ar ais i mbliana agus beidh ról lárnach ag fear Chill Chartha i bhfeachtas na gConallach.

Is é an cluiche idir Maigh Eo agus Tír Eoghan an ceann mór eile i Roinn 1 an deireadh seachtaine seo. Beidh Maigh Eo ag iarraidh tógáil ar an mbua a bhí acu i gCill Airne sa chéad bhabhta. Rompu beidh foireann Thír Eoghain, atá ag lorg a gcéad bhua sa tsraith, ó tharla gur chlis orthu i gcoinne Mhuineacháin an Satharn seo caite.

I Roinn 2, beidh coimhlint ghéar idir na comharsana, An Mhí agus Cill Dara, an dá fhoireann ag cuardach a gcéad phointe den tsraith. Chomh maith leis sin, socrófar cé a bheidh ag imirt ar Lá Fhéile Pádraig i gcluiche ceannais iomána na gclubanna. Tá seaimpíní na Gaillimhe, Gort Inse Guaire, ag tabhairt aghaidh ar Sheamróga Bhaile hÉil agus sa chluiche eile, tá curaidh na Mumhan, Cill Mocheallóg, ag casadh le Naomh Pádraig Port an Pheire ó chontae An Dúin.

Dé Satharn, 7 Feabhra

Sraith Allianz Peile – Roinn 1

Baile Átha Cliath v Dún na nGall, Páirc an Chrócaigh, 7i.n.

Sraith Allianz Peile – Roinn 2

An Mhí v Cill Dara, Páirc Tailteann, 7i.n.

An Dún v Ros Comáin, Páirc Esler, 7i.n.

Laois v An Cabhán, Portlaoise, 7i.n.

Craobh Iomána Sinsear na hÉireann – Cluichí Leathcheannais

Cill Mocheallóg (Luimneach) v Naomh Pádraig Port an Pheire (An Dún), An Muileann gCearr 2i.n.

Gort Inse Guaire (Gaillimh) v Seamróga Baile hÉil (Cill Chainnigh), Tulach Mhór, 2i.n.

Corn Bhreathnach – Cluiche Ceannais

Baile Átha Cliath v Gaillimh, Páirc an Chrócaigh, 5i.n.

Dé Domhnaigh, 8 Feabhra

Sraith Peile Allianz – Roinn 1

Maigh Eo v Tír Eoghain, Páirc Mhic Éil, 2i.n.

Muineachán v Corcaigh, Baile na Lorgan, 2i.n.

Doire v Ciarraí, Páirc na gCeilteach, 2i.n.

Sraith Peile Allianz – Roinn 2

An Iarmhí v Gaillimh, Páirc Uí Chíosóg, 2i.n.

Sraith Peile Allianz – Roinn 3

An Lú v An Clár, Droichead Átha, 2i.n.

Sligeach v Fear Manach, Páirc Markievicz, 2i.n.

Loch Garman v Ard Mhacha, Páirc Loch Garman, 2i.n.

Tiobraid Árann v Luimneach, Teampall Tuaithe, 2i.n.

Sraith Peile Allianz – Roinn 4

Ceatharlach v Londain, Páirc Uí Chuilinn, 2i.n.

Uíbh Fhailí v Port Láirge, Páirc Uí Chonchúir, 2i.n.

An Longfort v Aontroim, Páirc an Phiarsaigh, 2i.n.

Cill Mhantáin v Liatroim, Eachroim, 2i.n.

Corn Mhic Eochaidh – Cluiche Ceannais

An Mhí v Cill Mhantáin, Baile Átha Troim, 2i.n.