Bagairt é Trump d’eacnamaíocht seo againne i gcónaí

Tá dualgas ar an rialtas plean a chur le chéile le múnla nua eacnamaíochta a chruthú

Bagairt é Trump d’eacnamaíocht seo againne i gcónaí

Má lig an rialtas osna faoisimh nuair a d’fhógair Trump – sa deireadh – nach mbeadh ach taraif 15% ar earraí cógais ó Éirinn go dtí na Stáit, go fóill ar aon chuma, is cosúil anois go raibh sé beagáinín róluath dá leithéid.

Tuairiscítear anois san Irish Independent go bhfuil an tír seo fós sa treis aige mar gheall gur éagóir – dar leis –an bhagairt atá déanta ag an Aontas Eorpach comhlachtaí digiteacha Mheiriceá a smachtú má bhriseann siad rialacha an Aontais. Agus, ar ndóigh, is í Éire atá i bhfeighil an chórais smachta i dtaobh a leithéidí.

Tá sé ráite ag Trump go leagfaidh sé “taraifí suntasacha breise” ar thíortha a rialaíonn gnólachtaí móra teicneolaíochta Mheiriceá. Tá bunáiteanna Eorpacha chomhlachtaí ar nós Meta, X agus Google in Éirinn, agus ciallaíonn sé sin go bhfuil siad á rialú ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí in Éirinn.

‘Cuirim in iúl do gach tír a bhfuil cánacha digiteacha, reachtaíocht, rialacha nó rialacháin á bhfeidhmiú, go mbeidh mé, mar Uachtarán na Stát Aontaithe, ag leagan cánacha móra breise ar onnmhairí ón tír sin chuig na Stáit Aontaithe, mura gcuirtear na gníomhartha idirdhealaithe sin as feidhm,’ a dúirt sé.

‘Ní muicín taisce é Meiriceá, ná niúdar neádar an domhain a thuilleadh é. Léirigh meas ar Mheiriceá agus ar ár gcomhlachtaí iontacha teicneolaíochta nó bí thíos leis!’

Ní léir go fóill cén beart atá i gceist ag Trump, ach toisc an oiread sin comhlachtaí teicneolaíochta Meiriceánacha a bheith lonnaithe in Éirinn, is ábhar mór buartha don rialtas an ráiteas is deireanaí seo.

Maidir le cógais, ar ndóigh, nílimid as an nguais ná baol air. Níl aon gheallúint déanta ag Trump go bhfanfaidh an taraif ar chógas ag 15%. A mhalairt.

Dúirt sé go dtabharfaidh sé bliain go leith do na comhlachtaí Meiriceánacha a gcuid tairgíochta a thabhairt abhaile go Meiriceá nó go leagfaidh sé taraif idir 150% agus 250% orthu.

Ní bagairt fhánach nó bhaoth í seo, ach cuid den bhunaidhm atá ag Trump tionscail táirgthe a mhéadú sa mbaile.

I ndáiríre níl ach méid áirithe ama faighte againn le teacht ar fhoinse eile fostaíochta (agus fáltais eile ó cháin).

Ach mo léan, cé go bhfuil an baol soiléir – agus go dtuigeann an rialtas féin go bhfuil an baol ann – níl aon machnamh ar siúl faoi na roghanna a d’fhéadfadh a bheith ann nuair a thiocfaidh deireadh leis an múnla Infheistíocht Dhíreach Eachtrach (FDI). Agus tiocfaidh deireadh leis.

Tá an rialtas dall ar an domhan mór, ag ceapadh go gcaithfidh go dtiocfaidh an tAontas Eorpach slán, nuair a léiríonn an fhianaise ar fad go bhfuil geilleagair na hEorpa ag meath agus an Ghearmáin, go mór mhór, i dtrioblóid.

Tá titim rialtas na Fraince ar na bacáin, agus saineolaithe aontaithe nach n-éireoidh le Francois Bayrou, Príomhaire na Fraince, sa rún muiníne a thiocfaidh os comhair na parlaiminte ar an 8 Meán Fómhair.

Deir Friedrich Merz, Seansailéir na Gearmáine, nach bhfuil na hacmhainní ag an nGearmáin a thuilleadh chun íoc as an gcóras leasa shóisialaigh atá acusan (cé go bhfuil sé sásta naoi mbilliún euro a thabhairt don Úcráin).

Sa mBreatain, níl rath ná dea-bhail ar an státchiste, agus iadsan freisin sásta airgead breise a chaitheamh ar chúrsaí míleata, airgead nach bhfuil acu.

Tá an Eoraip ina praiseach ó thaobh na heacnamaíochta agus tá na smachtbhannaí a cuireadh ar an Rúis ag déanamh níos mó dochair don Eoraip ná don Rúis.

Ach ní féidir leis an rialtas smaoineamh taobh amuigh de ‘bhosca’ an iarthair.

Mar sin féin, tá comharthaí beaga éiginnte le tabhairt faoi deara i measc an lucht ghnó, agus daoine, fiú ó IBEC, anois ag rá go gcaithfimid iarracht a dhéanamh aird a dhíriú ar an Afraic is ar an Áise.

Tá clú fós orainn mar thír a throid in aghaidh an impiriúlachais – cé go bhfuil Micheál Martin agus Jennifer Carroll MacNeill ag déanamh a ndíchill muid a cheangal go dlúth leis an gcampa eile – agus is cóir leas a bhaint as an gclú sin le dea-thoil a fháil do naisc trádála leis na mór-ranna sin.

Ach ní leor comharthaí éiginnte ó IBEC. Tá dualgas ar an rialtas plean a chur le chéile le múnla nua eacnamaíochta a chruthú. Agus tá dualgas orthu dianscrúdú a dhéanamh ar na deiseanna atá againn sa tSín, sa Rúis, san India, san Áise agus san Afraic.

Níl aon rogha ann. Má fhágann muid ár gceann sa ngaineamh fulaingeoidh muid buillí troma ar an ngeilleagar.

Tá am againn anois sula mbuailfidh Trump muid ach ní mór gníomhú sula ndéanfaidh sé firinne dá bhagairt.

Fág freagra ar 'Bagairt é Trump d’eacnamaíocht seo againne i gcónaí'