ASNC – An comhrá Gaeilge is gnéasúla riamh

Lucht eagair an ‘Chomhrá Gaeilge is Faide Riamh’ ag cur lena saothar.

Former Visits by Irish presidents to the Queen.

Tá lucht eagair an ‘Chomhrá Gaeilge is Faide Riamh’ chomh sásta sin le héachtaí na míosa seo caite go bhfuil sé i gceist acu líon na rannóga sa duais-scéim a mhéadú an bhliain seo chugainn.

D’éirigh le ASNC gearrliostaí na bliana seo chugainn a fheiceáil (bhí siad sáite isteach idir na ráillí staighre taobh amuigh den Chlub).

Foilsítear go heisiach anseo ar Ar Son na Cúise agus ar Ar son na Cúise amháin na sonraí eisiacha faoi na rannóga nua.


 

An Comhrá Gaeilge is Giorra riamh

An Gearrliosta 

– An Bhanríon Eilís II ag dinnéar na n-uasal i gCaisleán Bhaile Átha Cliath

– Enda Kenny agus Joe McHugh nuair a thairg Enda Aireacht na Gaeltachta do Joe

– Foireann RnaG agus bainistíocht RnaG nuair a pléadh na rudaí is ansa leis an bhfoireann faoin gcónascadh le Nuacht TG4

– Dinny McGinley agus an státseirbhíseach a bhronn air an liosta fada de dhaoine oilte a d’fhéadfaí a cheapadh ar Bhord Údarás na Gaeltachta


An Comhrá Gaeilge is Fadálaí Riamh

An Gearrliosta 

Foireann RnaG agus bainistíocht RnaG nuair a pléadh na rudaí nár thaitin leis an bhfoireann faoin gcónascadh le Nuacht TG4

– Gabriel Rosenstock agus Gabriel Rosenstock ag caint faoi iontais an ‘haiku’

– Beirt scríbhneoirí Gaeilge ag gearán faoin easpa aitheantais a thugtar dá saothar ardéirime sna meáin, ó NÓS go dtí an New Yorker

– An bheirt Ghaeilgeoirí a bhíonn ar Twitter ag sarú ar a chéile ar Cormac ag a Cúig faoi rud éigin ‘conspóideach’ a dúirt duine acu faoin nduine eile


An Comhrá Gaeilge is Dothuigthe riamh

An Gearrliosta 

– Beirt ‘scoláirí’ ag argóint faoi na difríochtaí idir Caighdeán Oifigiúil Choiste Uí Chuív agus Caighdeán Rannóg an Aistriúcháin agus faoi chás tromchúiseach na dentals go háirithe

– Beirt fheidhmeannach ó Údarás na Gaeltachta ag iarraidh coincheap na pleanála teanga a mhíniú dá chéile

– Beirt sochtheangeolaithe agus iad ag teip coincheap na pleanála teanga a mhíniú d’éinne eile

– Beirt Fhorasóirí ag caint lena chéile.


An Comhrá Gaeilge is Gnéasaí Riamh

An Gearrliosta 

– Páidí Ó Lionáird á ghríosadh féin sa scathán roimh Seacht Lá

– Beirt bhabe ó TG4 ag caint go babe-úil faoi chúrsaí babe-achais in óstán an ‘G’ sa Ghaillimh

– Mo dhuine ó An Bronntanas agus an ceann sin ó Ros na Rún ag caint faoi chúrsaí aisteoireachta