Ardeaglais Notre Dame i bPáras trí thine

Chonacthas deatach agus lasracha ag éirí san aer le taobh na gclogtheach san ardeaglais ar bhruach abhainn an Seine tráthnóna

Ardeaglais Notre Dame i bPáras trí thine

Tá Notre Dame, an ardeaglais ársa i lár Pháras na Fraince, trí thine tráthnóna.

Tá na seirbhísí dóiteáin ar an láthair ag iarraidh an tine a chur faoi smacht, tine, a deir póilíní na cathrach, a thosaigh trí thimpiste le linn obair athchóirithe a bheith ar siúl ar an eaglais.

Tá an ardeaglais mheánaoiseach Ghotach ar bhruach an Seine ar cheann de na radharcanna is sainiúla agus is diamhaire i bpríomhchathair na Fraince agus í ar cheann de na láithreacha turasóireachta is mó san Eoraip.

Chonacthas deatach agus lasracha ag éirí san aer le taobh na gclogtheach san ardeaglais tráthnóna.

Chuir an eaglais Chailiceach tús anuraidh le feachtas bailithe airgid chun an ardeagalais, a bhí ag tabhairt uaithi, a tharrtháil.

Dúirt Méara Pháras Anne Hidalgo, gur “tine uafásach” a bhí ann agus d’iarr sí ar dhaoine aird a thabhairt ar an limistéar slándála a bhí curtha i bhfeidhm ag na húdaráis.

 

 

Fág freagra ar 'Ardeaglais Notre Dame i bPáras trí thine'

  • Aine Ni Fhiannusa

    Méala mór an tine seo i bPáras agus do lucht freastail na hEaglaise go mór mór ag tús an tSeachtain Mhór. Buíochas le Dia agus leis an Bhriogáid Doiteáin a rinne éacht chun cuid den taisce a shlánú. Béidir go dtiocfaidh daoine le chéile chun guí, idir Caitliceach agus na creidimh eile, mar is le gach éinne Notre Dame, cuireadh agus cuirfear fáilte rompu arís i ndiaidh na h-athtógála.