An chluas bhodhar a tugadh d’achainí go dtabharfaí deontas do Lá

Léiríonn cáipéisí ón Roinn Gnóthaí Eachtracha go ndearna an tAire Gnóthaí Eactracha iarracht Aire na Gaeltachta a chur ar mhalairt tuairime faoi dheontas a thabhairt do nuachtán Feristeach Lá

An chluas bhodhar a tugadh d’achainí go dtabharfaí deontas do Lá

Mhol an Roinn Gnóthaí Eachtracha go láidir do Rialtas na Breataine agus do Roinn na Gaeltachta ó dheas maoiniú a dhéanamh ar an nuachtán Gaeilge i 1985.

Tháinig tacaíocht na Roinne de bharr comhráití rúnda a bhí ag feidhmeannaigh na hÉireann ar an Rúnaíocht Angla-Éireannach le heagarthóir an nuachtáin Gearóid Ó Cairrealláin. Ach thug Aire Gaeltachta an ama, Paddy O’Toole, an chluas bhodhar d’achainí ón Aire Gnóthaí Eachtracha, Peter Barry, go dtabharfaí deontas do .

I dtús na n-ochtóidí bhí Rialtas na Breataine ag diúltú deontas a thabhairt do ar an ábhar go raibh siad lonnaithe ag an am i Muileann Shráid Conway. Bhíothas buartha faoin seasamh a bhí ag eagraíochtaí paraimíleatacha san fhoirgneamh sin.

Ach i nDeireadh Fómhair na bliana 1985 bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh ar tí bogadh ón Mhuileann agus thug ionadaí ó Ambasáid na Breataine in Éirinn le fios don Roinn Gnóthaí Eachtracha go raibh rún acu cuidiú airgeadais éigin a thabhairt don nuachtán.

Chuir an Roinn in iúl don Ambasáid gur “most deserving cause” a bhí ann agus go mbeadh buntáiste polaitiúil i gceist lena leithéid de thacaíocht:

“we are making that recommendation in the knowledge that we could not always fully support the views expressed therein.”

Idir an dá linn, rinne iarratas chuig Roinn na Gaeltachta abhus. Fuair siad tacaíocht ó Bhord na Gaeilge agus dúirt a bPríomhfheidhmeannach, Micheál Grae, gur “dream díograiseach, fuinniúil iad seo, a bhfuil éacht áirithe déanta acu le blianta anuas”. Mhol sé go mbreathnófaí ar a gcás go báúil. Cé gur mhol Aire na Gaeltachta a gcuid iarrachtaí thug sé le fios do Bhord na Gaeilge nach mbeadh siad in inmhe aon chuidiú a thabhairt don nuachtán de bharr srianta airgeadais.

Léiríonn cáipéisí ón Roinn Gnóthaí Eachtracha, áfach, go ndearna an tAire Peter Barry iarracht a chomhghleacaí a chur ar mhalairt tuairime.

Scríobh an tAire Barry chuige i Nollaig 1985 ag tabhairt le fios dó go raibh sé ar intinn ag Rialtas na Breataine maoiniú de £20,000-£30,000 stg a chur ar fáil don nuachtán agus gur mheas sé gurbh fhiú do Roinn na Gaeltachta deontas a thabhairt do fosta.

Thug an tAire O’Toole an freagra céanna ar an iarratas seo, áfach, ag rá nach raibh sé ar a chumas aon chúnamh a chur ar fáil do “as an soláthar teoranta airgid atá ar fáil i meastacháin mo Roinne”. Bhí an Roinn ag tabhairt deontas bliantúil de £125,000 (nó £2,500 do gach eagrán) don nuachtán seachtainiúil Anois ag an am.

I meamram rúnda a d’ullmhaigh Colm Ó Floinn ón Rúnaíocht dúradh go raibh Gearóid Ó Cairealláin tiomanta do chur chun cinn na teanga ach nár éirigh leis ach ‘low-grade product’ a chur ar an mhargadh:

“He operates, of course, at present in an area of Belfast where Provisional Sinn Féin influence is strong and where their malign exploitation of issues relating to the Irish language and culture is most evident. Given his expressed willingness to move out of this area and his assertion that he is only interested in promoting Irish in the media, if we are ever to consider testing Ó Cairealláin’s stated intentions and promoting financial or other support for and its ancilliary activities now may be the time to do so.”

Ar an 30 Aibreán, 1986, chuaigh an Cairealláineach agus Eoghan Ó Neill ar chamchuairt rothair ar feadh míosa ar fud na hÉireann chun aird a dhíriú ar a gcuid iarrachtaí airgead a bhailiú don nuachtán. Bhailigh siad £5,000 ar an chamchuairt seo. Spreag an feachtas meamram rúnda eile ón Rúnaíocht.

Thug Gearóid Ó Cairealláin cóip de dhoiciméid faoi phleananna an nuachtáin do bhall don Rúnaíocht faoi dhiscréid. Bhíothas ag lorg maoiniú de £300,000 ó na ranna ábhartha ó thuaidh agus ó dheas chun nuachtán laethúil a fhoilsiú.

Dúradh ins an mheamram go raibh an doiciméad “fairly ambitious” agus go raibh sé bunaithe ar “very optimistic projections.” É sin ráite, chomhairligh Colm Ó Floinn ón Rúnaíocht gur cheart a bheith airdeallach faoin tionchar a d’fhéadfadh diúltú dá iarratas a imirt ar stádas an Chomhaontaithe Angla-Éireannaigh i measc an phobail Náisiúnaigh. 

“While is not an impressive product at present, Ó Cairealláin might be in a position to cause some degree of embarrassment through the newspaper itself and his other involvements in the Irish language promotion in Belfast…..if  he could point to an entirely negative response to his forthcoming proposal by both Governments (or indeed by either Government) in the post-Agreement context.”

Ar an 12 Meitheamh, 1986 dhiúltaigh Roinn na Gaeltachta d’iarratas le haghaidh maoiniú de £300,000.

Fág freagra ar 'An chluas bhodhar a tugadh d’achainí go dtabharfaí deontas do Lá'

  • eoghan Ó Brolacháin

    Maolaisnéis na bliana: iarratas ar £300,000 = ‘fairly ambitious”

  • Liam Mac Lochlainn

    Tá blas den íoróin anseo.De réir cosúlachta bhí rialtas na Breataine sásta airgead a thabhairt do Lá sular chlis ar an tionscnamh. Luaitear Anois a chuaigh síos an bealach céanna. Ní raibh na nuachtáin sin ábalta maireachtáil gan airgead poiblí : ní bhfuair siad tacaíocht chuí ó ‘phobal na Gaeilge’. Agus anois tagannn na sluaite amach ag iarraidh ‘cearta teanga’. An í an lámh a shíntear an lámh a cháintear?

  • Seán Mag Leannáin

    Mac le Críostóir Ó Floinn, údar an dáin ‘Maraíodh Seán Sabhat Aréir’ (Lá Coille, 1957), é an taidhleoir Colm Ó Floinn.