An chéad ghrádú karate i nGaeilge á reáchtáil an deireadh seachtaine seo

Tiocfaidh gasúir ó Ghaelscoil i mBaile Átha Cliath le chéile an deireadh seachtaine seo chun páirt a ghlacadh sa chéad ghrádú karate a dhéanfar trí mheán na Gaeilge

An chéad ghrádú karate i nGaeilge á reáchtáil an deireadh seachtaine seo

Beidh ócáid speisialta ar siúl i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo nuair a reáchtálfar an chéad ghrádú karate riamh trí mheán na Gaeilge.

Tiocfaidh 12 gasúr ó Ghaelscoil Chnoc Liamhna i gCnoc Lín i mBaile Átha Cliath le chéile sa Kaizen Dojo i dTír an Iúir Dé Sathairn agus rún acu crios oráiste a bhaint amach sa karate. Tá na gasúir, atá idir 7-12 bliain d’aois, ag foghlaim karate le cúig mhí anuas agus is í seo an chéad deis a bheidh acu crios níos airde a bhaint amach.

Is é Breandán Ó hUallaigh bunaitheoir GaelKarate atá i mbun na ranganna agus deir sé gurb é seo an chéad uair riamh go dtarlóidh a leithéid i nGaeilge.

“Is é seo an chéad uair go ndéanfar grádú oifigiúil karate trí mheán na Gaeilge amháin in Éirinn ná ar domhan agus is deis iontach í do na gasúir an ealaín chomhraic seo a fhoghlaim trí Ghaeilge.”

Tar éis dó freastal ar Scoil Naithí agus ar Choláiste Eoin i mBaile Átha Cliath, chaith Ó hUallaigh na blianta ag obair san earnáil IT. Agus crios dubh sa karate bainte amach aige, shocraigh sé dul i dtreo na hoiliúna.

“Bhunaigh mé GaelKarate sé mhí ó shin agus thug sé le chéile an grá atá agam don Ghaeilge agus don karate agus an fonn a bhí orm gasúir a mhúineadh. Anois, bím ag múineadh i gcúig scoil go rialta agus beidh mé ag tosú ag múineadh daltaí idirbhliana mí Mheán Fómhair,” a dúirt Ó hUallaigh.

“Cé go raibh mo chuid scolaíochta ar fad i nGaeilge, cheap mé i gcónaí gur cheart go mbeadh níos mó rudaí spraíúla le déanamh trí mheán na Gaeilge, agus go mbeadh níos mó deiseanna ag gasúir labhairt i nGaeilge le gasúir eile.”

Deir Ó hUallaigh go bhfuil karate fiúntach ó thaobh na haclaíochta de agus chun duine a dhéanamh níos láidre ach deir sé chomh maith go gcuirtear an-bhéim ar mheas a bheith agat do dhaoine eile agus go gcothaíonn na ranganna féinmhuinín sna daltaí.

“Bíonn gach duine ag iarraidh an crios dubh a bhaint amach agus ó tharla go mbeidh an karate mar chomórtas ag na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo an bhliain seo chugainn, tá an-chuid suime léirithe ann.

“D’fhéadfadh na hiomaitheoirí as Éirinn ag na Cluichí Oilimpeacha cáil thobann a bhaint amach thar oíche!”

Fág freagra ar 'An chéad ghrádú karate i nGaeilge á reáchtáil an deireadh seachtaine seo'

  • Mac an Mheiriceánaigh

    “fonn a bhí orm gasúir a mhúineadh”
    LOLL cé dó a bhfúil na gasúir seo á múineadh aige?