Is beag a shamhlaíonn aon duine go mbeidís ag ceiliúradh an leathchéad bliain d’ócáid ar bith. B’fhacthas domsa, nuair a bhí mé óg, go raibh aon duine a bhí 50 bliain, mar shampla, sean go maith.
Ach sin mar atá anois agus caithfidh mé a admháil gur ócáid cheiliúrtha agus chomhghairdis í an ócáid atá á comóradh ag Amharclann an Druid an tseachtain seo. Agus níl náire ar bith orm a rá go raibh mé ann ag an tús.
Leathchéad bliain go ham seo, bhí mé in m’iníon léinn sa gCeardcholáiste Réigiúnach i nGaillimh. Tar éis mo chéim a bhaint amach san Ollscoil, ní raibh ceird nó gairm i m’intinn ach bhí mé siúráilte nach raibh mé ag iarraidh a bheith i mo mhúinteoir. Ag seachaint an Ard-Dioplóma san Oideachas a bhí mé nuair a chláraigh mé ar chúrsa ealaíne sa gcoláiste amuigh in oirthear chathair na Gaillimhe.
Ach ag tarraingt ar dheireadh na bliana, tháinig beirt chairde ón ollscoil chugam – Garry Hynes agus Marie Mullen. Bhí aithne agam ar Gharry ó bhí muid ina ngasúir i mBealach a’Doirín. Bhí a hathair Oilibhéar agus m’athair Peadar ag múineadh sa gCeardcsoil le chéile.
Bhí sé san intinn ag an mbeirt bhan go mbunóidís amharclann phroifisiúnta i nGaillimh – ar mhaith liom a bheith páirteach san iarracht? Níor smaoinigh mé an dara huair agus shiúil mé amach as an gCeardcholáiste Réigiúnach. Bhí an t-aisteoir cáiliúil Mick Lally (RIP) le bheith in éindí leo, dúirt siad.
Ar ndóigh b’éigean do Mick cead le haghaidh sos gairme a iarraidh ar a cheann feadhna féin. Agus ar ámharaí an tsaoil, cé a bhí i gceannas ar an ngairmoideachas i gcontae ma Gaillimhe ag an am ach – Oilibhéar Ó hEidhin. Fuair sé an cead.
Ní hin le rá go raibh áthas an domhain ar Oilibhéar go mbeadh a iníon ag tabhairt cúl le seans ar phost lánaimseartha seasmhach, ach ghlac sé leis an gcinneadh a bhí déanta aici. Dúirt Marie Mullen liom uair amháin go ndeireadh a máthair go raibh a hiníon ‘i mbun staidéir’ ar an drámaíocht agus í a’ caitheamh a saoil le Druid.
Is cuimhin liom samhradh 1975 mar a bheadh an lá inné ann. Samhradh fada meirbh a bhí ann. Rinneamar cleachtadh ar thrí dhráma trí ghníomh i rith mhí an Mheithimh sa gcaoi is go mbeimis réidh don chéad séasúr drámaíochta. B’éigean dúinn iad a chleachtadh san oíche toisc gur thug Scoil na nÍosánach a halla scoile dúinn ach bhí sé in úsáid i rith an lae ar fad.
D’inis Garry dom an lá cheana agus muid ag ceiliúradh na hócáide i nGaillimh, go raibh sí léi féin oíche amháin sa halla – thart ar a trí a chlog ar maidin – agus chuala sí torann aisteach taobh thiar di. Thug sí na bonnachaí léi amach as an halla.
Ach d’fhill sí an lá ina dhiaidh. Bhí drámaí le cur ar an stáitse agus bhí na póstaeir agus an phoiblíocht curtha amach. Is dócha go léiríonn an scéilín sin an mianach a bhí inti agus a bhí inti riamh ó shin. Ba chuma cén dris chosáin a tháinig sa mbealach orthu, choinníodar leo agus choinníodar an aisling beo – go mbeadh amharclann lánphroifisiúnta i nGaillimh agus go gcuirfidís plúr na ndrámaí Éireannacha agus idirnáisiúnta ar an stáitse.
Ní raibh aon amharclann dá gcuid féin acu ag an tús – ba ina dhiaidh sin a fuaireadar an foirgneamh atá acu inniu ó chomhlacht McDonagh i nGaillimh.
Is cuimhin liom oícheanta sa ‘Jes’ ag cur drámaí ar an stáitse cúpla oíche sa tseachtain. Agus toisc gur halla scoile a bhí ann, bhíodh orainn na cathaoireacha ar fad a leagan amach roimh an dráma agus a chur ar ais go néata ina dhiaidh. Má bhí péinteáil seiteanna nó tada mar sin le déanamh, b’éigean an spás faoin ardán a úsáid agus ba chuma faoi do dhroim nuair nach raibh tú in ann seasamh suas díreach sa spás.
Fuair Garry deontas beag ó Bhord Fáilte, cúpla céad punt, chomh fada le mo chuimhne, agus thug sí ‘airgead póca’ dhá phunt an duine don chompántas. D’fhan cuid againn le chéile i dteach ar An Rinn Mhór le hairgead a spáráil. Bhí duine de na leaids go maith sa gcistin agus fágadh cúraimí cócaireachta faoi siúd.
Sular bhog mise isteach sa teach bhí mé i dteach a dtugadh muid ‘Comhluadar’ air gar don ollscoil. Bhí Ollie Jennings sa teach céanna agus thart ar an am sin a thosaigh seisean ag eagrú coirmeacha ceoil i nGaillimh. Is cuimhin liom nuair a thug sé na Chieftains ann den chéad uair. Tá an scéal sin inste go paiteanta aige féin. Bhíodh mise ag tabhairt lámh chúnta dó ag dearadh póstaer agus a leithéid. Is cuimhin liom an fhad a thóg sé orm ‘Loudon Wainright III’ a litriú amach le peann agus dúch.
D’iarr Garry orm an póstaer agus an clár a dhearadh do Druid, chomh maith leis an chéad ‘lógó’ a bhí acu riamh. Fuair mé pláta agus fochupán i gcistin ‘Comhluadar’ agus rinne mé an dearadh ar bhord na cistine. Mhair an ‘lógó’ sin ar feadh roinnt mhaith blianta ina dhiaidh sin.
Sular thosaigh an ceiliúradh an lá cheana, bhí deis agam labhairt le Garry agus í ina suí ar a gogaide taobh amuigh den amharclann (Amharclann Mick Lally). Ar an toirt, bhíomar thiar sna seachtóidí ag tabhairt cuimhní chun cinn. Cuid acu nach raibh ach meathchuimhne agam féin orthu, caithfidh mé a rá.
‘Nach iontach an misneach a bhí agat?’ dúirt mé féin léi. ‘Bhí trí dhráma trí ghníomh á léiriú agat gach seachtain sa ‘Jes’ agus chuimhnigh tú ansin ar ghearrdhrámaí a chur sa tsiúl ag am lóin i Sráid Doiminic?’
‘Sea, rinneamar é sin,’ dúirt sí agus d’admhaigh sí go raibh sé fíordheacair lucht féachana a mhealladh isteach sa ‘Fo’castle’ ag am lóin le haghaidh ceapaire agus dráma.
‘Bhí laethanta ann’, a dúirt sí, ‘agus nuair a b’fhacthas dúinn nach mbeadh lucht féachana ar bith againn, chrochamar fógra ar an doras tosaigh: ‘Performance cancelled due to illness.’
Bhí ag éirí go maith leis na léirithe san oíche – go háirithe an Playboy of the Western World a raibh Mick Lally agus Marie Mullen sna príomhpháirteanna ann. Ba mé féin an chéad ‘Widow Quin’ a bhí riamh sa Druid i ndráma a ndearna siad arís agus arís eile thar na blianta. Go deimhin, bliain amháin ba é Cillian Murphy a rinne páirt Christy Mahon.
Tá cuimhní deasa agam ar a bheith ar aon stáitse le Mick Lally, Christy ár linne féin i 1975. Ní dheachaigh an dá phunt ná an dinnéar sa teach rófhada na laethanta sin agus bhíodh mise ag súil go mór leis an bpíosa sicín a bhí le n-ithe agam féin agus Christy Mahon ar stáitse, sular rug Pegeen Mike orainn. D’íosfainn an oiread agus ab fhéidir liom sular tháinig sí de ruathar isteach sa teach.
Ba bheag a chuimhnigh muid go mbeadh an Druid ar stáitse ar fud an domhain sna blianta a bhí le teacht, go mbuafadh Garry duais ‘Tony’ i Nua-Eabhrac – an chéad bhean a rinne a leithéid, go mbeadh Marie Mullen í féin ar stáitse le Hugh Jackman le comhlacht eile, arís i Nua-Eabhrac (i 2023). Ach thug Druid drámaí freisin go hInis Meáin, go Maigh Eo, go háiteacha eile ar fud na tíre nach raibh aon amharclann acu.
D’fhág mise agus chuaigh i mbun oibre le comharchumann Gaeltachta. Ach choinnigh mé an nasc agus rinne roinnt drámaí sna chéad bhlianta leo. Ní smaoineodh aon duine, agus í ag freastal ar fhéasta lá breithe ar an mbóthar Buí i mBealach a’ Doirín, go raibh laethanta órga mar sin amach roimpi.
Fág freagra ar 'Amharclann an Druid ag ceiliúradh 50 bliain – níl náire ar bith orm a rá go raibh mé ann ag an tús'