Aiséirí ‘Lazarus’ an turtar…

AG TÓGÁIL CLAINNE: Sórt drama queen a chuireann cuma an bháis air fhéin d’fhonn aird a tharraingt atá sa turtar ag ár gcolúnaí

Green-Turtle-Close_Heeia-Bay-Kailua-Kona-Hawaii_Rosanne-Shank

“Tá mé ag ceapadh go bhfuil Morgan caillte – an bhfuil éinne ag éisteacht liom?”

Dúradh liom nach raibh sé caillte, gur chorraigh sé am éigin an mhaidin sin agus go raibh sé beo beathaíoch.

Bhreathnaigh mé isteach sa tanc arís. Níor thug an turtar aon chor as. Rith roinnt mhaith aidiachtaí liom agus mé ag breathnú air ach ní raibh ‘beo’ ná ‘beathaíoch’ ina measc.

“Cén fhad atá siad in ann a dhéanamh faoin uisce gan anáil a tharraingt, meas tú?” Níor fhreagair éinne mé.

Bhí sé sínte ar a chothrom faoin uisce agus a bholg ar an bpíosa géar ar bharr cloichín a thug muid abhaile lá ón trá lá éigin.

Shamhlófá dá mbeadh sé beo go roghnódh sé spota níos compórdaí dhó fhéin. Ach ba cheart go mbeadh a fhios agam faoin am seo nach mar a síltear a bítear.

Bheifeá ag súil – gabh mo leithscéal, cheapfá – go gcaillfí é taobh istigh de chúpla mí. Aon duine eile a labhraím leo a raibh turtar acu, deir siad liom nár mhair sé rófhada. Tá an turtar againne le sé nó seacht de bhlianta anois agus tá imní orm faoin am seo go mbeidh muid á fhágáil ag na páistí san uacht.

Deirtear nach ndéanann turtair codladh mór geimhridh má tá siad coinnithe istigh. Más fíor sin, tá sórt drama queen faighte againne a chuireann cuma an bháis air fhéin gach bliain ag iarraidh aird a tharraingt.

Ní raibh sé againn trí seachtaine nuair a bhí orainn é a thabhairt chuig an tréadlia. Ní cheapaim go raibh muid ag súil le draíocht na mara sa seomra suí ach cheap muid go gcorródh sé ruainne nó go n-íosfadh sé rud éigin. Nuair nach raibh tada ite aige le trí seachtaine, thug mé chuig an tréidlia é.

Bheadh sórt náire ort ag gabháil chuig an tréidlia le turtar. Gadhar nó cat a bhí ag gach duine eile. Glaodh isteach orainn. Thóg mé an turtar amach as an gcartán bainne agus leag ar an mbord scrúdaithe é. Bhreathnaigh an tréidlia air. Bhreathnaigh sé ormsa. Scríob sé a cheann. Scríob mise mo cheann. Chuaigh sé chuig an tseilf agus thóg leabhar mór millteach anuas de agus thosaigh ag cuardach.

“Seans gur instealladh vitimín A a theastaíonn uaidh,” a dúirt sé ar deireadh. Níl a fhios a’m an é an vitimín A nó an prioc géar ar a thóin a rinne an jab, ach ní raibh Lazaras i bhfad ag teacht ar ais as na mairbh.

Fág freagra ar 'Aiséirí ‘Lazarus’ an turtar…'

  • Ruth Ní Shiadhail

    Giotaí deasa fánacha agat, a Bridget