Ceiliúradh 200 bliain Theach Solais Fhánada i nGaeltacht Thír Chonaill

Lasadh an Teach Solais i bhFánaid den chéad uair Lá Fhéile Pádraig 1817. Bhí ceiliúradh mór ar siúl ag an Teach Solais Gaeltachta an deireadh seachtaine seo caite

Ceiliúradh 200 bliain Theach Solais Fhánada i nGaeltacht Thír Chonaill

Bhí muintir na hÉireann, i gcóngar is i gcéin, i mbun ceiliúrtha Lá Fhéile Pádraig ag deireadh na seachtaine seo caite, ach bhí cúis eile cheiliúrtha ag pobal beag Gaeltachta i bhfíorthuaisceart Thír Chonaill.

Lasadh an solas i dTeach Solais Fhánada ar bhruacha Loch Súilí den chéad uair Lá Fhéile Pádraig 1817 agus bhí ceiliúradh mór ar siúl ag an Teach Solais Dé hAoine seo caite leis an 200 bliain a chomóradh.

Bhí 400 duine i láthair ag an ócáid, ina measc 150 daltaí ó scoileanna na háite a d’iompair laindéir ó bharr an chnoic anuas go dtí an Teach Solais ag Ceann Fhánada. Nuair a bhain na páistí an Teach Solais cáiliúil amach bhí taispeántais damhsa agus tinte ealaíne.

Cuid de na tinte ealaíne a bhí le feiceáil ag ceiliúradh 200 bliain Theach Solais Fhánada

Dúirt Eimear Ní Mhathúna, bainisteoir an tí solais go raibh “oíche den scoth ann” oíche de hAoine in ainneoin na drochaimsire.

Ceadaíodh an teach solais a thógáil sa bhliain 1814. Lasadh an solas den chéad uair ar Lá Fhéile Pádraig 1817. Chaitheadh sé solas seasta dearg amach ar an bhfarraige agus solas seasta bán ar an loch. Rinneadh athchóiriú ar an teach sa bhliain 1886. Cuireadh airde ar an túr agus cuireadh solas nua ag caochaíl ina bharr.

Bhuail tintreach an teach i mí na Nollag na bliana 1916 ach ní dhearnadh mórán dochair dó. Athraíodh ón solas gáis go dtí an solas leictreach sa bhliain 1975. An 30 Meán Fómhair 1983 a d’fhág an fear deiridh an teach nuair a rinneadh teach solais coimhdeach den áit.

Tá Teach Solais Fhánada 39 méadar ar airde agus cé go rangaítear é i measc na dtithe ‘farraige’, caitheann sé solas ar Loch Súilí freisin. Tógadh an teach tar éis don fhrigéad Saldana dul go tóin poill ar Chionn Fhánada sa bhliain 1812. Dúirt an Captaen Hill, ó Chabhlach na Breataine, nach mbeadh an long ar an ngrinneall dá mbeadh teach solais ar ‘Fannet Point’.

Áirítear Fánaid ar cheann de na trí áit is deise i nDún na nGall atá lonnaithe ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Is iad an dá áit eile ar an liosta Cionn Mhálanna agus Sliabh Liag.

An mórshiúl ceiliúrtha ar an mbealach chuig an Teach Solais

Thug 17,000 duine cuairt ar Theach Solais Fhánada i nGaeltacht Thír Chonaill le linn 2016, bliain a oscailte, agus tá súil ag Ní Mhathúna, go meallfar suas le 30,000 duine i gcaitheamh na bliana seo.

Osclaíodh an teach solais i mí Mhárta na bliana seo caite  agus tá turasóirí ag tarraingt ar an áit ó gach cearn den domhan ó shin. Díoladh 17,000 ticéad don turas oifigiúil ó osclaíodh é ach dúirt Ní Mhathúna le Tuairisc.ie gurbh airde i bhfad an figiúr sin dá ndíolfaí ticéad le gach duine a thug cuairt ach nach ndearna an turas.

Tá an talamh timpeall an tí solais anois i seilbh na bainistíochta agus tá pleananna móra forbartha ann don áit mar láthair thurasóireachta. Tá tógálaithe ar an láthair cheana féin agus an obair tosaithe ar áiseanna éagsúla ar nós carrchlós nua a ligfeadh do bhusanna cuairt a thabhairt ar an áit chomh maith le caifé, leithreas agus siopa.

Ba é an Teach Solais ag Fánaid, i nGaeltacht Thír Chonaill, an príomhphictiúr a chuaigh leis an alt a foilsíodh ar The National Geographic ag deireadh na bliana seo caite inar ainmníodh Contae Dhún na nGall ag barr a liosta de na háiteanna ‘cool is fiú cuairt a thabhairt orthu i 2017. Cuireadh síos sa liosta freisin ar Santiago, an Ghraonlainn agus an Nua-Shéalainn mar áiteanna eile ar fiú cuairt a thabhairt orthu le linn na bliana seo chugainn.

Fág freagra ar 'Ceiliúradh 200 bliain Theach Solais Fhánada i nGaeltacht Thír Chonaill'