D’oideas na seachtaine seo, táim chun mias thraidisiúnta pasta as an Róimh a ullmhú. Táim ar saoire sa Róimh faoi láthair ar feadh cúpla lá. Is aoibhinn liom teacht go dtí an Róimh agus déanaim iarracht a theacht anseo uair amháin sa bhliain ar a laghad. Ní hamháin mar gheall ar an mbia, atá ar fheabhas, ach tá an ealaín agus radharcanna dochreidte le feiceáil sa chathair seo freisin.
Gan dabht, an chéad rud a dhéanaim nuair a shroichim an Róimh ná ordaím pláta de Amatriciana.
Is mias pasta Iodálach chlasaiceach atá san Amatriciana a cruthaíodh i mbaile Amatrice i réigiún Lazio san Iodáil. Téann a stair siar go dtí an 18ú haois, nuair a d’ullmhaíodh aoirí í go traidisiúnta ag úsáid comhábhair shimplí a bhíodh ar fáil go háitiúil. Rinneadh an leagan bunaidh, ar a dtugtar ‘gricia’, as pasta, guanciale agus cáis pecorino; cuireadh trátaí leis níos déanaí chun an amatriciana a chruthú. Is leiceann muice leasaithe í an guanciale. Tá sé lán saille agus tá blas an-sainiúil air. De ghnáth, déantar an mhias as pasta ‘bucatini’ nó ‘spaghetti’, i dteannta guanciale briosc, trátaí, cáis Pecorino Romano agus beagán sillí.
Is mias shimplí í atá lán sóláis agus atá éasca le n-ullmhú. Ní theastaíonn ach ceithre príomh-chomhábhar chun í a chruthú; pasta, trátaí stánaithe, guanciale agus cáis pecorino. Cé go bhfuil na comhábhair simplí, is í an amatriciana croílár na cócaireachta Iodálaí: comhábhair ar ardchaighdeán a chruthaíonn mias shásúil bhlasta. I gcás mias mar seo nuair nach dteastaíonn ach líon beag comhábhar, tá sé tábhachtach comhábhair den scoth a úsáid.
D’éirigh liom na comhábhair go léir a cheannach ó shiopa álainn bia ó lámh an cheardaí, atá cúpla méadar ón árasán ina bhfuil mé ag fanacht sa chathair.
400 g pasta bucatini
150 g guanciale, gearrtha ina gciúbanna beaga
400g trátaí stánaithe (gan chraiceann), brúite
100g Pecorino Romano, grátáilte go mín
2 sillí bheaga thirime
Salann, de réir mar a shantaíonn tú fhéin
Piobar dubh úrmheilte, de réir mar is mian leat
Cuir an guanciale i bhfriochtán mór fuar agus cócaráil é ar theas measartha íseal. Lig don tsaill leá go mall agus don guanciale éirí órga agus briosc.
Bain na píosaí guainciale den fhriochtán ach fág an tsaill ann.
Cuir na trátaí agus an sillí leis an tsaill sa bhfriochtán agus measc go maith iad. Blaistigh go héadrom le piobar. Molaim salann a chur leis ag an deireadh, más gá. Tá an guanciale goirt, mar atá an cháis a chuirfimid leis ag an deireadh in éineacht le cuid den uisce saillte inar bruitheadh an pasta.
Lig don anlann suanbhruith ar theas measartha íseal ar feadh thart ar 10 nóiméad, á mheascadh ó am go chéile.
Idir an dá linn, tabhair pota mór uisce saillte chun fiuchta. Cócaireáil an pasta go dtí go mbeidh sé al dente, de réir na treorach maidir le is an am cócaireachta ar an bpacáiste.
Sula ndoirteann tú an t-uisce amach, coinnigh thart ar 150 milliméadar d’uisce an phasta ar leataobh.
Cuir an pasta agus an guanciale briosc leis an anlann. Measc gach rud le chéile ar theas íseal, agus cuir braon d’uisce an an phasta leis má bhíonn an t-anlann róthiubh.
Bain an friochtán den teas agus cuir an Pecorino Romano grátáilte leis de réir a chéile; déan an meascán a mheascadh go leanúnach go dtí go leáfaidh an cháis isteach san anlann agus go gcruthófar sciath shaibhir uachtarúil.
Roinn amach an pasta ar cheithre phláta agus críochnaigh le beagán breise Pecorino Romano agus gráinne beag piobair.
Buon Appetito!
Is cócaire gairmiúil é Stiofán Ó Féinne, cainteoir Gaeilge ó dhúchas as an Spidéal i gConamara. Bhain sé céim amach as clár cócaireachta Óstán an Savoy, Londain in 2019 agus tá sé ag obair faoi láthair in Daróg, i gcathair na Gaillimhe.
Fág freagra ar 'OIDEAS: Buon Appetito! Amatriciana – mias fhíorIodálach atá éasca le hullmhú'