Comóradh 100 bliain le déanamh ar Choláiste Bhríde Rann na Feirste

Tá clár leathan imeachtaí beartaithe le ceiliúradh a dhéanamh ar cheann de na coláistí samhraidh Gaeilge is sine sa tír an deireadh seachtaine seo

Comóradh 100 bliain le déanamh ar Choláiste Bhríde Rann na Feirste

Tá comóradh céad bliain le déanamh ar an gcoláiste Gaeilge, Coláiste Bhríde, i Rann na Feirste an deireadh seachtaine seo. Tá Coláiste Bhríde ar cheann de na coláistí Gaeilge is sine sa tír, bunaíodh an chéad lá riamh é i gcontae Lú i 1912 ach aistríodh an institiúid oideachais go Rann na Feirste in 1926.

Is san Áislann i Rann na Feirste a chuirfear tús leis an gcomóradh nuair a osclóidh an Teachta Dála Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir an ócáid chomórtha go hoifigiúil. I measc na gcainteoirí eile a bheidh ann ar an oíche beidh stiúrthóir na hÁislainne John Anne Ó Dónaill agus Frank Ó Maoláin, cisteoir an choláiste féin.

Tar éis an tseolta beidh ceolchoirm speisialta á reáchtáil d’iarscoláirí Choláiste Bhríde agus do mhuintir na háite a raibh tionchar mór acu ar shaol an choláiste le céad bliain anuas. Ar na ceoltóirí a bheidh i láthair beidh Clann Mhic Ruairí; Maighréad, Tríona, agus Conall Ó Domhnaill; Manus Lunny; Paddy Glackin; Connie Mhary Mhicí Ó Gallchóir; agus Gearóidín Neidí Frainc Bhreathnach.

Lá arna mhárach, beidh taispeántas pictiúr i gColáiste Bhríde féin faoi chúram an ealaíontóra áitiúil Mórag Mhic Eachmharcaigh. Tabharfaidh Denis Sarah Rua Ó Baoill agus Niall Cissie Mac Eachmharcaigh lucht freastail na hócáide timpeall an bhaile ar thuras treoraithe le foghlaim faoi Chloch an Amhairc, Tobar Eoghain Mhuiris, agus Cloch an Phlúir.

Tabharfaidh Breandán Ó Dufaigh léacht tráthnóna Dé Sathairn faoi ghnéithe de stair an choláiste i Rann na Feirste agus seolfar an leabhar a scríobh sé, Ar Theacht an tSamhraidh, ina bhfuil cur síos ar Choláiste Bhríde ó bunaíodh an coláiste go dtí an lá atá inniu ann.

Tá 538 leathanach agus 900 pictiúr sa leabhar atá scríofa ag Ó Dufaigh atá ina bhall coiste don choláiste le 15 bliain anuas agus ina ardmháistir ar chúrsaí Gaeilge ann le fiche bliain anuas. Labhróidh cathaoirleach Choláiste Bhríde, Niall Ó Sluáin, faoi obair an Athar Lorcán Ó Muireadhaigh i Rann na Feirste an oíche sin freisin.

Beidh mná tí a bhíodh ag obair don choláiste – Nóirín Sheáin Uí Dhufaigh, Annie Mhicí Jimí Uí Dhuibheannaigh, Síle Bhidí Mhaggie Uí Dhochartaigh, Róisín Dónaí Mhic Giolla Cheara agus Caitlín Nóra Frainc Uí Dhubhchoin – ag glacadh páirt i bpléphainéal a bheidh ar siúl in Óstán an Chaisleáin Óir in Anagaire oíche Dé Sathairn chomh maith.

Bunaíodh Coláiste Bhríde in Ó Méith i 1912 agus lucht a bhunaithe ag iarraidh an Ghaeilge a mhúineadh do mhúinteoirí scoile mar chuid d’fheachtas Chonradh na Gaeilge an teanga a chur chun cinn. Bhí ról lárnach ag an Athair Lorcán Ó Muireadhaigh, a tháinig i gcomharbacht ar Eoin Ó Néill mar ‘ard-ollamh’, sa choláiste.

Bhí an Ghaeilge ag meath go mór mar theanga phobail in Ó Méith, áfach, agus chuir an Roinn Oideachais in iúl do lucht an choláiste nach mbeadh siad sásta aitheantas a thabhairt dó mar choláiste Gaeltachta a thuilleadh agus chinn an tAth. Ó Muireadhaigh é a aistriú go Rann na Feirste sa bhliain 1926, mar a bhfuil sé ó shin.

Fág freagra ar 'Comóradh 100 bliain le déanamh ar Choláiste Bhríde Rann na Feirste'