‘An Cailín Ciúin’ i measc na saothair ainmnithe d’ábhar nua Ardteiste    

Tá An Cailín Ciúin agus léiriú Fíbín de Tóraíocht i measc na n-ábhar forordaithe ar an gcuraclam nua sa Léann Drámaíochta, Scannán, agus Amharclannaíochta

‘An Cailín Ciúin’ i measc na saothair ainmnithe d’ábhar nua Ardteiste    

Tá an scannán An Cailín Ciúin agus an léiriú Tóraíocht a rinne Fíbín sa bhliain 2018 i measc na roghanna a bheidh ag na chéad daltaí a thabharfaidh faoin ábhar nua Ardteiste ‘Léann na Drámaíochta, na Scannán, agus na hAmharclannaíochta’ nuair a fhillfidh siad ar scoil ag deireadh na míosa.

Tá dhá réimse staidéir i gceist leis an ábhar nua a bheidh ar fáil don chéad uair do dhaltaí na hArdteiste 2027 i roinnt scoileanna. Ábhar forordaithe atá i gceist le Réimse 1 ina ndéanfaidh na daltaí staidéar ar scannán, drámaí agus taispeántais ainmnithe. Ní mór do na daltaí staidéar a dhéanamh ar scannán ainmnithe amháin agus ar léiriú drámaíochta nó amharclannaíochta amháin.

Tá trí rogha sa dá chatagóir ag na daltaí agus a gcuid múinteoirí do na blianta 2027-2029. Ó thaobh na scannánaíochta de, is féidir roghnú idir ‘Cineama Ealaíne na hEorpa’, ‘Stíl stiúrthóra Steven Spielberg’, agus ‘Rómáns’. Ó thaobh na hamharclannaíochta de, tá rogha ann idir ‘Úsáid á baint as gnéithe táirgthe neamh-nádúraíocha’, ‘Stáitsiú nach bhfuil chun tosaigh’, agus ‘Greanntraigéide’.

Is é An Cailín Ciúin, scannán Gaeilge a bhain áit amach ar ghearrliosta Ghradaim an Acadaimh sa bhliain 2022, an rogha sa rannóg ‘Cineama Ealaíne na hEorpa’. Tá an léiriú Tóraíocht a rinne an compántas Fíbín in 2018 sa chatagóir ‘Úsáid á baint as gnéithe táirgthe neamh-nádúraíocha’.

Dúirt Darach Ó Tuairisg, bunaitheoir an chomhlachta Fíbín, le Tuairisc go bhfuil “ríméad” air go bhfuil an léiriú ar an gcuraclam agus go bhfuil sé “go hiontach” go mbeidh léiriú de chuid an chomhlachta á fheiceáil ag daltaí Ardteiste ar fud na hÉireann.

“Tá ríméad orm go bhfuil muid ar an gcuraclam, tá sé iontach go bhfuil an deis seo ag Fíbín ár saothar a bheith á fheiceáil ag daltaí ó cheann ceann na tíre. Ar ndóigh, tá seantaithí againn a bheith ar camchuairt ar dhaltaí meánscoile ar feadh na mblianta agus is deas an rud é go bhfuil an leanúnachas seo ann tar éis imeacht as an chomhlachta amharclannaíochta,” a dúirt sé.

D’fhógair Fíbin anuraidh go raibh siad ag éirí as an amharclannaíocht agus ag díriú ar léirithe teilifíse agus scannáin. Dúirt Ó Tuairisg nach bhfuil mórán dóchais aige do thodhchaí na hamharclannaíochta Gaeilge mar gheall ar “easpa maoinithe agus easpa straitéise”.

“Faoi láthair, i mo thuairimse, níl sé ag breathnú iontach [don amharclannaíocht]. Teastaíonn i bhfad níos mó infheistíochta agus i bhfad níos mó complachtaí le drámaí a chur ar fáil i nGaeilge. Tá sé cruthaithe ag Fíbín go bhfuil an lucht féachana ann, ach mar gheall ar easpa maoinithe agus easpa straitéise is deacair tabhairt faoin amharclannaíocht i nGaeilge,” a dúirt sé.

Ba é Philip Doherty a scríobh an leagan nua de scéal Dhiarmada agus Ghráinne a léirigh Fíbín seacht mbliana ó shin agus ba é Mikel Murfi a stiúir an dráma. Dúirt Ó Tuairisg gur maith an rud é go mbeidh an léiriú áirithe seo á staidéar ag daltaí na hArdteiste mar gheall ar na “modhanna éagsúla amharclannaíochta” a úsáideadh agus an scéal á insint.

“Tugann Tóraíocht léargas ar mhodhanna éagsúla amharclannaíochta. Ní drámaíocht thraidisiúnta é, ar bhealach, cé go bhfuil sé an-traidisiúnta ar bhealaí eile. Úsáideadh go leor seifteanna chun an scéal a inseacht agus leis na sluaite daoine a chur in iúl nuair nach raibh ann ach cliar bheag. Tarraingíonn sé aird ar mhiotaseolaíocht na hÉireann, freisin, rud atá thar a bheith tábhachtach,” a dúirt sé.

Beidh an deis ag na daltaí staidéar a dhéanamh ar a rogha ruda i Réimse 2 den ábhar nua Ardteiste – an ‘Réimse Foghlama Neamh-fhorordaithe’. Roghnófar scannán amháin agus léiriú drámaíochta amháin, nach bhfuil i measc na n-ábhar forordaithe, do Réimse 2.

Is iad na hábhair eile atá ar liosta na n-ábhar ainmnithe – na scannáin Jaws agus Past Lives, agus na léirithe Mosquitoes agus The Shadow of a Gunman. Ní gá do dhaltaí i nGaelcholáistí na hábhair Ghaeilge a roghnú agus ní gá do dhaltaí i scoileanna lán-Bhéarla na hábhair Bhéarla a roghnú. Níl sé riachtanach ach an oiread go mbeadh an dá rogha sa teanga chéanna.

D’fhógair an tAire Oideachais, Helen McEntee, an mhí seo go bhfuil seirbhís nua sruthaithe curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais ar a bhfuil na hábhair fhorordaithe ar fad le fáil. Tá teacht ag múinteoirí sna 57 scoil a chuirfidh Léann na Drámaíochta, Scannán, agus Amharclannaíochta ar fáil ar an gCainéal DFTS.

Fág freagra ar '‘An Cailín Ciúin’ i measc na saothair ainmnithe d’ábhar nua Ardteiste    '