Géarghá le hathbhreithniú ar dhúnmharú Marian Beattie i 1973

Tá ceachtanna le foghlaim sa lá inniu ó dhúnmharú Marian Beattie, 18 bliain d'aois, 52 bliain ó shin i gcontae Thír Eoghain

Géarghá le hathbhreithniú ar dhúnmharú Marian Beattie i 1973

Marian Beattie, 18 bliain d’aois, dúnmharaithe i ndiaidh rince 52 bliain ó shin i gcontae Thír Eoghain. Liosta le háireamh iad na heasnaimh a bhí ar an bhfiosrú dar le Ombudsman na bPóilíní. Cén t-iontas nár cúisíodh aon duine i bhfianaise na lochtanna ar fhiosrú an RUC.

Mhol tuairisc ón Ombudsman cúpla lá ó shin go ndeinfí athbhreithniú neamhspleách ar an gcás.

Tá fiosrú éifeachtach ar gach dúnmharú dlite d’íobartaigh ar bhonn dlí agus daonnachta. Ní bhfuair muintir Marian Beattie ach scáil fiosraithe ón RUC agus cé gur athoscail an PSNI an cás breis is deich mbliana ó shin ní dhearna siadsan aon dul chun cinn.

Ba as ceantar Gharbh Achaidh i bPort an Dúnáin Marian Beattie. Chuaigh sí ag an rince in Achadh na Cloiche lena deartháir a bhain le banna ceoil na hoíche agus lena cara Nuala. D’fhág sí an damhsa le fear óg timpeall a haon a chlog ach dúirt sí lena deartháir go mbeadh sí ar ais faoin 2.00 le dhul abhaile leis.

Frítheadh a corp i gcairéal sa gcomharsanacht ar a sé ar maidin. Buaileadh go dona í agus stracadh baill éadaigh dí. Bhí an dúnmharú ar cheann de na cásanna a scrúdaigh ‘Marú inar Measc’ sraith cláracha ar TG4; is féidir féachaint air ar sheinnteoir an stáisiúin. Sa chlár sin dúirt a deartháir gur labhair sé leis an bhfear ar fhág Marian an damhsa ina fhochair; chonaic a cara é freisin. Thugadar beirt cur síos air don RUC ach dúradar nach raibh an pictiúr a eisíodh cosúil leis in aon chor.

Chaill an teaghlach muinín sa bhfiosrú agus údar maith acu de réir na tuairisce ón Ombudsman. Bhí 13 amhrastach ag an RUC. Níor ceistíodh gach duine acu. Iarphóilíní ab ea beirt, bhí baint ag triúr le paraimíleataigh ach níor fiosraíodh leidí maidir leo. Ní raibh an tOmbudsman in ann a fháil amach an raibh baint ag a gcúlra le siléig na bpóilíní. Níor seiceáladh ailibithe agus níor scrúdaíodh neamhréir idir cuntais roinnt amhrastach agus fianaise fhóiréinseach.

Ní bhfuair foireann an Ombudsman fianaise mí-iompair ná coiriúlachta in aghaidh na mbleachtairí ach chinn siad gur ligeadh an teaghlach síos. Ní raibh cuntas ar theagmháil idir na póilíní agus muintir Beattie ach ocht n-uaire i gcaitheamh breis is caoga bliain. Bhí bearnaí sna comhaid áfach. Dúirt príomhfheidhmeannach oifig an Ombudsman Hugh Hume gur deineadh tástáil fhóiréinseach ar éadaí, bróg agus ábhar eile ón láthair i 1973 ach go bhfuil an fhianaise sin ar fad ar iarraidh; dá mbeadh fáil ar an ábhar sin inniu, le teicneolaíocht na linne seo bheadh seans maith an té a bhí ciontach a aithint. Ina theannta sin níl fáil ar cháipéisí – nótaí na mbleachtairí, ráitis ó fhinnéithe agus amhrastaigh ná ceistneoirí a líon 419 a bhí ag an damhsa.

Bhí 1973 ar cheann de na blianta a b’fhuiltí le linn na dTrioblóidí agus bhí póilíní faoi dhianbhrú. Cuireadh é sin san áireamh nuair a bhí foireann an Ombudsman i mbun imscrúdaithe. Mar sin féin ní mór athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar an gcás dar leis an Ombudsman. D’fháiltigh an teaghlach roimh an moladh ach dúirt gur de bharr an fheachtais a rith siad féin le ceathrú céid atá an méid seo bainte amach.

Níor cheart go mbeadh orthu é sin a dhéanamh ach ní cor eisceachtúil é i dTuaisceart Éireann. Tá ceachtanna le foghlaim, faoi cheartas do gach éinne. Dúirt Hugh Hume go raibh ceachtanna le foghlaim faoi conas a láimhseálann póilíní marú ban, coir atá an-choitianta abhus; chonacthas easpa críochnúlachta agus buille faoi thuairim ón PSNI faoi mharú ban le déanaí.

Tá súil gur chun tairbhe mhuintir Beattie a bheidh athbhreithniú ar chás Marian, breith ar an té atá ciontach fiú. Tá súil freisin go bhféadfadh dianscrúdú ar an bhfaillí chruthanta sin moltaí a dhéanamh chun modhanna fiosraithe faoi fhoréigean in aghaidh na mban a fheabhsú.

Fág freagra ar 'Géarghá le hathbhreithniú ar dhúnmharú Marian Beattie i 1973'