Deir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta go bhfuil sé “dóchasach” agus “réalaíoch” gur féidir togra Pháirc na Mara a thabhairt chun críche.
Cuirfear tús an tseachtain seo chugainn leis an gcéad chéim eile i scéal fada fhorbairt Pháirc na Mara agus comhairleoirí le hearcú ag an Údarás chun cás gnó a ullmhú don togra atá beartaithe do Chill Chiaráin i nGaeltacht Chonamara.
Ba i Márta 2023 a chinn an Bord Pleanála seasamh le cinneadh Chomhairle Chontae na Gaillimhe gan cead pleanála a thabhairt do Pháirc na Mara – togra tionscail agus taighde a bheadh bunaithe ar acmhainní mara agus cladaigh agus ceann de na forbairtí is mó a bheartaigh an tÚdarás riamh.
Agus é ag labhairt os comhair choiste Gaeilge an Oireachtais, dúirt Tomás Ó Síocháin go raibh Údarás na Gaeltachta fós ag súil iarratas pleanála eile a dhéanamh don togra ach mhínigh sé go raibh cás gnó á ullmhú don togra ar dtús chun maoiniú a chinntiú.
“Tá muid tar éis roinnt mhaith airgid a chaitheamh ar an iarratas pleanála a fhorbairt. Caithfidh muid dul ar ais arís agus iarratas eile a fhorbairt ach roimhe sin tá sé aontaithe againn [le Roinn na Gaeltachta] go mbeadh cás gnó á chur le chéile againn.
“Ní hamháin go mbeadh muid in ann cead pleanála a fháil ach go mbeadh muid in ann dul céim níos faide agus maoiniú a fháil in áit chuige agus is maoiniú suntasach a bheadh i gceist ansin,” a dúirt Ó Síocháin.
“Níl figiúr curtha againn air sin mar tá muid ag cur tús an tseachtain seo chugainn le hobair ag cur amach tairiscintí ag iarraidh comhairleoirí a fháil isteach leis an gcás gnó sin a dhéanamh dúinn agus leis an taighde ar fad a chur le chéile.”
Chaith Údarás na Gaeltachta breis is €1 milliún ar an gcéad iarratas pleanála do Pháirc na Mara, ceann de na tograí is mó atá beartaithe i stair an Údaráis, agus ceadaíodh suas le €500,000 eile don dara hiarratas pleanála in 2023.
I measc na gcúiseanna gur dhiúltaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe cead pleanála don togra in 2021, dúradh go raibh an baol ann go ndéanfaí dochar do cheantar caomhnaithe dá leanfaí ar aghaidh leis an bhforbairt. Mheas an Bord Pleanála go raibh ceisteanna ann faoi chúrsaí athraithe aeráide agus an soláthar fíoruisce a mbeadh Páirc na Mara ag brath air.
Dúirt Tomás Ó Síocháin go raibh an pobal áitiúil fós ag iarraidh go rachadh an togra ar aghaidh agus go raibh éileamh léirithe go fóill ag comhlachtaí a raibh an tÚdarás ag plé leo. Measadh go gcruthódh Páirc na Mara suas le 200 post go díreach agus na céadta poist eile go hindíreach.
“Tá muid dóchasach ach tá muid réalaíoch i dtaobh na ndúshlán atá ann. Tá muid ag déanamh ár ndícheall chun déanamh cinnte go bhfuil muid in ann ag na rioscaí agus na rioscaí sin a bhainistiú de réir a chéile sa phróiseas,” a dúirt Ó Síocháin.
Mhaígh sé go raibh sé tábhachtach d’Údarás na Gaeltachta uaillmhian a léiriú maidir le tograí móra cosúil le Páirc na Mara agus go raibh toradh na huaillmhéine sin le feiceáil sa tionchar a bhí ag tograí ar nós chalafort Ros an Mhí agus Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair ar na ceantair sin.
“Tá sé ríthábhachtach go mbeadh muid sásta féachaint ar cheist, aghaidh a thabhairt uirthi agus a bheith uaillmhianach ach bíonn rioscaí ag baint leis sin,” ar sé.
“Tá muid eolach ar na rioscaí sin. Cuireann sé sin go mór le costas na dtograí seo, go gcaithfidh muid gach iarracht a dhéanamh ó thaobh obair chomhairleoireachta de na rioscaí sin a mhaolú agus ní eisceacht muid sa gcomhthéacs sin go náisiúnta.”
Donncha
An bhfuil bainisteoir tionscnaimh le taithí cuí le tograí den chineál seo fostaithe ag an Údarás an uair seo?