‘Dá gcuirfimis tús le rannóg tithíochta amárach, bheadh dhá nó trí nó ceithre bliana ann sula mbeadh tithe tógtha’ – Údarás na Gaeltachta

Deir ceannasaí Údarás na Gaeltachta Tomás Ó Síocháin go nglacfadh an eagraíochta le haon chúraimí breise a leagfaí orthu maidir le cúrsaí tithíochta ach go gcaithfí a chinntiú nach gcuirfear moill le tógáil tithe

‘Dá gcuirfimis tús le rannóg tithíochta amárach, bheadh dhá nó trí nó ceithre bliana ann sula mbeadh tithe tógtha’ – Údarás na Gaeltachta

Deir príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta go nglacfadh an eagraíocht le haon chúraimí breise a thabharfaí dóibh maidir le cúrsaí tithíochta ach go gcaithfí a bheith “ríchúramach” nach gcuirfeadh aon dualgais bhreise moill ar an bpróiseas pleanála agus tógáil tithe.

Tá sé ráite ag Aire na Gaeltachta Dara Calleary go bhfuil sé ag iarraidh go mbeadh ról ag Údarás na Gaeltachta i gcúrsaí tithíochta sa nGaeltacht ach níl sé soiléir go fóill céard go díreach a bheidh i gceist.

Tá molta ag roinnt polaiteoirí agus gníomhaithe go mbeadh ról lárnach ag Údarás na Gaeltachta i gcúrsaí tithíochta agus fiú go mbeadh an tÚdarás féin ag tógáil tithe sa nGaeltacht, ach dúirt Tomás Ó Síocháin go bhfeictear dóibh san eagraíocht nach é sin an rogha is fearr i láthair na huaire.

Agus é ag labhairt os comhair choiste Gaeilge an Oireachtais i dTeach Laighean inné, dúirt Tomás Ó Síocháin, príomhfheidhmeannach an Údaráis, go raibh an cheist pléite ag bord na heagraíochta ach gur measadh nar cheart go mbeadh ról ag an Údarás “ag tógáil tithe ná ag bainistiú tithíochta”.

Dá ndéanfaí cinneadh rannóg tithíochta a bhunú san Údarás, mar atá molta ag roinnt daoine, dúirt Ó Síocháin go dtógfadh sé tréimhse fhada an obair sin a dhéanamh sula mbeadh an rannóg sin réidh chun tabhairt faoi thithíocht a thógáil.

“An dúshlán atá ann ná dá mbeadh muide ag cur tús le rannóg tithíochta nó le comhlacht forbartha anois, chuirfeadh sin b’fhéidir dhá nó trí nó ceithre bliana leis sula mbeadh tithe tógtha agus feictear dúinn go bhfuil géarghá le tithíocht anois, chomh mór agus is féidir,” a dúirt sé.

Dá ndéanfaí cinneadh cúram ó thaobh tógáil tithíochta a chur ar an Údarás láithreach, mhaígh Ó Síocháin go gcaithfí suí síos le Roinn na Gaeltachta chun an scéal a phlé ar dtús, go gcaithfí ansin pleanálaithe le Gaeilge a earcú “ón bpota céanna leis na húdaráis áitiúla” agus gur dócha go mbeifí ag fanacht ar bhuiséad na bliana seo chugainn, chun tabhairt faoin obair.

“Tá muide sásta aon chúram sa bhreis a thugtar dúinn a thógáil chomh fada go bhfuil sé ar son mhuintir na Gaeltachta agus pobal na Gaeltachta ach sílim go gcaithfidh muid a bheith ríchúramach nach bhfuil muid ag déanamh an scéal níos casta agus ag cur moille ar an bpróiseas,” a dúirt Ó Síocháin.

“Sin an fáth go bhfuil sé ráite ag an mbord go dtí seo go bhfuil muid ag tacú agus ag éascú tógáil tithíochta in aon áit gur féidir linn ach nach bhfuil sé i gceist againn go mbeadh muid ag tógáil tithe ná i mbun cúrsaí pleanála mar ní fheictear dúinn go mbeadh sé sin ag cur dlús faoin bpróiseas.”

Dúirt Ó Síocháin go raibh an tÚdarás ag obair leis na húdaráis áitiúla agus le heagrais forbartha pobail chun suíomhanna a fhorbairt do thithíocht. Dúirt sé go raibh obair mhór déanta ag an Údarás chun suíomhanna ó phunann maoine na heagraíochta a bheadh feiliúnach do thithíocht a aithint agus go raibh plé fós ar bun maidir lena gcur ar fáil.

Thug Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga le hÚdarás na Gaeltachta, le fios go raibh an tÚdarás in ann talamh a aistriú chuig údaráis áitiúla ach go raibh “ceist ann ó thaobh tacaíochta stáit” faoi shuíomh a aistriú chuig comhlacht forbartha tithíochta. Dúirt sé go raibh treoir le teacht ón Roinn Tithíochta ar an gceist áirithe sin.

Dúirt Mac Con Iomaire go mbeadh coinníoll teanga 100% ag baint le haon tithe a thógfaí ar thalamh a chuirfeadh Údarás na Gaeltachta ar fáil, is é sin go mbeadh na tithe á gcur ar fáil do chainteoirí Gaeilge amháin.

Faoi láthair, athraíonn cur i bhfeidhm na gcoinníollacha teanga ó údarás áitiúil go húdarás áitiúil agus gan iad á gcur i bhfeidhm ar chor ar bith ag údaráis áirithe.

Mhaígh príomhfheidhmeannach an Údaráis sa gcruinniú i dTeach Laighean go bhfuil easpa infreastruchtúir uisce ar cheann de na rudaí is mó a bhí ag cur bac ar fhorbairt sa nGaeltacht, áfach.

“Má chaithfear infreastruchtúr uisce a chur isteach, caithfear an chéim sin a thógáil sula mbeifear in ann tithíocht a thógáil.

“Sin é an dúshlán is mó. Tóg mar shampla an suíomh ar an gCeathrú Rua, dá mbeadh an t-infreastruchtúr ansin, bheadh deis ann roinnt mhaith tithíochta a thógáil ar maidin. D’uireasa sin, tá sé an-dúshlánach é sin a dhéanamh.”

Dúirt sé go mbeadh an tÚdarás sásta oibriú le hUisce Éireann ar chúrsaí uisce agus séarachais sa nGaeltacht.

Dúirt ball de bhord an Údaráis an tseachtain seo go gcaithfeadh an rialtas tuilleadh a dhéanamh chun córais séarachas a fhorbairt i gceantair Ghaeltachta mar nach féidir brath ar Uisce Éireann chun é a dhéanamh.

Dúirt Máirtín Lee, atá ina chomhairle ar Chomhairle Contae na Gaillimhe chomh maith, gur cheart comhlachtaí a íoc chun córais séarachais a thógáil agus go bhféadfaí iad ansin a thabhairt ar láimh d’Uisce Éireann.

Dúirt sé freisin nár mhór don rialtas soiléiriú a thabhairt ar an ról a bheadh ag an Údarás i gcúrsaí tithíochta níos luaithe ná mar atá geallta. Deir Aire na Gaeltachta gur roimh na Nollag a fhoilseofar na dréacht-treoirlínte pleanála don Ghaeltacht atá beartaithe le fada.

Fág freagra ar '‘Dá gcuirfimis tús le rannóg tithíochta amárach, bheadh dhá nó trí nó ceithre bliana ann sula mbeadh tithe tógtha’ – Údarás na Gaeltachta'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Is ag dul timpeall i gciorcal atá muid le ceist na tithíochta do chainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht. Is fearr leis an Údarás agus le Roinn na Gaeltachta an cheist a chur ar an méar fhada, seachas réiteach a aimsiú.

    Tá sé thar am don Aire, Dara Calleary, a rá leis an dá eagraíocht atá faoina chúram, éirí as na leithscéalta. Bhíodh Gaeltarra Éireann in ann tithíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht, mar go raibh Ceannasaí ar an eagraíocht a bhí sásta tabhairt faoin dushlán a bhain leis. Céard tá ag stopadh Údarás na Gaeltachta? Easpa tola? Easpa fuinnimh?