Is ar éigean go mbíonn aon duine atá ag obair sna heagraíochtaí móra stáit Gaeilge agus Gaeltachta lonnaithe go lánaimseartha san oifig níos mó.
Léiríonn figiúirí nua go mbíonn an líon céanna nó níos mó fostaithe i gcuid de na heagraíochtaí teanga ag obair cuid den am ón mbaile anois is a bhí ag deireadh bhlianta na paindéime.
Sa Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, bíonn 99% de na fostaithe lánaimseartha, 237 de 240 duine, ag obair cuid den am ón mbaile. Méadú é sin ó 2022 nuair a bhí múnla oibre hibride ag 96% de na fostaithe lánaimseartha.
Mórán mar a chéile le blianta na paindéime atá céatadán na n-oibrithe lánaimseartha in Údarás na Gaeltachta a bhíonn ag obair cuid den am ón mbaile.
I mbliana bíonn 90 den 101 duine atá fostaithe go lánaimseartha ag an Údarás ag obair cuid den am ón mbaile. Sin 89% d’oibrithe an Údaráis a bhfuil múnla oibre hibride acu faoi láthair, i gcomparáid le 88% le linn na paindéime in 2022.
I bhForas na Gaeilge bhí 93% d’oibrithe, 54 de 58 duine, ag obair cuid den am ón mbaile in 2022, i gcomparáid le 95% in 2025, nó 60 de 63 duine.
In Oifig an Choimisinéara Teanga níl aon duine den 11 fostaí ann lonnaithe san oifig go lánaimseartha faoi láthair. B’amhlaidh an scéal don 11 fostaí a bhí ann in 2022.
Aire na Gaeltachta a chuir na figiúirí maidir le múnlaí oibre na n-eagraíochtaí ar fáil mar fhreagra ar cheist Dála a chuir an Teachta Dála de chuid Fhine Gael, Emer Currie air.
An t-aon eisceacht a bhí ann ó thaobh an mhúnla oibre hibride ná Gníomhaireacht na hUltaise. Níl ach duine amháin fostaithe go lánaimseartha ag an ngníomhaireacht sin agus tá an duine sin lonnaithe go lánaimseartha san oifig.
Léirigh taighde a rinne Ollscoil na Gaillimhe faoi gcianobair in 2023 go raibh múnla oibre hibride, ag obair cuid den am ón mbaile agus cuid den am ar an láthair, ag 59% d’oibrithe in Éirinn. Dúirt 92% de na daoine a ghlac páirt i suirbhé don taighde sin go mbeadh baint mhór ag an deis obair ón mbaile le cinneadh a dhéanfaidís maidir le cúrsaí fostaíochta.
Fág freagra ar 'Ar éigean atá aon oibrí sna heagraíochtaí Gaeilge lonnaithe go lánaimseartha san oifig '