Bhain slua breá sult as aiséirí Cheolchoirm Mhór Gharraí Glas sna Creagáin in Indreabhán le gairid. Is é an garraíodóir agus saineolaí glasraí Aonghus Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha a d'eagraigh. Ar na ceoltóirí bhí Breanndán Ó Beaglaoich, Rónán Ó Snodaigh, Aidan Connolly, Pádraic Keane, Rose Morrison agus Úna Ní Fhlannagáin. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Amfaitéatar breá nádúrtha An Gharraí Glas, láthair na ceolchoirme
Rose Morrison, fidléir as Albain Nua, Ceanada, agus Breanndán Ó Beaglaoich
Tá cáil na fidléireachta ar Rose Morrison. Casann sí le ceoltóirí mór le rá as Éirinn, leithéidí Glen Hansard agus Breanndán Ó Beaglaoich, agus bhí sí páirteach sa cheolchoirm ómóis do Shinéad O’Connor agus Shane MacGowan i Carnegie Hall sa Mhárta
Timpeallacht thaibhseach Gharraí Glas
Seán Ó Coisdealbha, fear an tí
Fonn damhsa ar an mbean óg
Aonghus Ó Coisdealbha, a d’eagraigh an cheolchoirm sa nGarraí Glas, a ghnó bia orgánach sna Creagáin i gCois Fharraige
Scoth na gceoltóirí ag an gceolchoirm: Rose Morrison, Breanndán Ó Beaglaoich agus Rónán Ó Snodaigh
An file Caitríona Lane
An cláirseoir Úna Ní Fhlannagáin, ar dheis, agus Yvonne Conaty agus cairde ina teannta
Flosc damhsa le rithim cheoil Rónán Ó Snodaigh
Dán á aithris ag Caitríona Lane
Ard an tsuaimhnis
Paddy Hazleton agus Rónán Ó Snodaigh ag ceol
Bríd Uí Choisdealbha agus a puipéad i mbun steipeanna
Nora Nee, Bridge agus Síofra Barker ag an gceolchoirm
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Diarmuid J.
Maith sibh!
Anna
Bhí lá iontach againn ,bhí sé go hálainn castáil le daoine suailcach agus cáirdúil. A