Tá léargas tugtha ar an easpa fáis i dtaobh na Gaelscolaíochta ó dheas i bhfigiúirí nua ón Roinn Oideachais.
Cé go bhfuil líon iomlán na ndaltaí a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge níos airde ná mar a bhí deich mbliana ó shin, tá an figiúr sin ag titim le blianta beaga anuas agus líon iomlán na ndaltaí bunscoile ag dul i laghad.
I dtuarascáil a dhéanann achoimre ar chúrsaí oideachais le 20 bliain anuas, deir an Roinn Oideachais gur tháinig méadú 8.3% ar líon na ndaltaí a chláraigh i mbunscoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht idir na scoilbhlianta 2013 agus 2023.
Nuair a bhreathnaítear ar líon na ngasúr Gaelscoile mar chéatadán de líon iomlán na ndaltaí a chláraigh i mbunscoileanna an stáit sna blianta sin áfach, is beag fás atá tagtha ar an sciar daltaí a bhíonn ag freastal ar Ghaelscoileanna na tíre.
In 2013, b’ionann an 33,657 dalta a bhí cláraithe i nGaelscoileanna agus 6.4% de líon iomlán na ndaltaí bunscoile sa stát. Faoin mbliain 2023, bhí sé sin ardaithe go dtí 6.7% (36,467 dalta as 546,758 san iomlán).
Ba in 2019 a bhí an líon ab airde daltaí ag freastal ar Ghaelscoileanna nuair a cláraíodh díreach os cionn 38,000 páiste i mbunscoil lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Thit an figiúr sin gach bliain le ceithre bliana anuas agus 36,467 páiste a chláraigh i nGaelscoileanna an stáit anuraidh ach tá líon iomlán na ndaltaí bunscoile tite sa tréimhse chéanna chomh maith.
Léirítear i dtuarascáil na Roinne Oideachais freisin go mbíonn ranganna níos mó i scoileanna lán-Ghaeilge i gcomparáid le líon na ndaltaí a bhíonn sna ranganna i mbunscoil Bhéarla.
De réir na staitisticí, bhí 13.6% de na daltaí i nGaelscoileanna i rang ina raibh 30 dalta ar a laghad, le hais 8.9% de na daltaí i mbunscoileanna Béarla. San iomlán, bhí 56% de dhaltaí Gaelscoile i rang mór ina raibh 25 dalta nó níos mó, i gcomparáid le 46% i gcás scoileanna Béarla.
Bhí céatadán níos airde de na daltaí (9.4%) i mbunscoileanna lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht i rang ina raibh breis is 30 dalta ná mar a bhí i scoileanna Béarla, cé gur scoileanna beaga a bhíonn i gceist i mbunscoileanna Gaeltachta den chuid is mó.
Léiríonn figiúirí na Roinne chomh maith nár osclaíodh aon Ghaelscoil nua sa stát le trí bliana anuas. 151 Gaelscoil ar fad atá ag feidhmiú ó dheas i láthair na huaire, díreach seacht gcinn níos mó ná mar a bhí ann deich mbliana ó shin.
Tá léirithe ag Tuairisc roimhe seo go bhfuil céatadán na ndaltaí scoile, idir bhunscoil agus iarbhunscoil, a fhaigheann a gcuid oideachais trí Ghaeilge ag titim le roinnt blianta anuas.
Fág freagra ar 'Ardú 0.3% ar líon na ndaltaí gaelscoile le deich mbliana – léargas eile ar easpa fáis an ghaeloideachais'