Fáinne fí atá sa chóras sláinte – tosaíodh an réiteach anois

Chaithfeadh sé sa lá atá inniu ann agus leis an maoiniú atá ar fáil don chóras sláinte gur féidir géarchéim a sheachaint an geimhreadh seo chugainn

Fáinne fí atá sa chóras sláinte – tosaíodh an réiteach anois

Tubaiste chríochnaithe an córas sláinte agus an bealach go bhfuil Feidhmeannacht na Seirbhíse sláinte dá láimhseáil. Dúradh an méid seo le bainistíocht na feidhmeannachta nuair a tháinig siad os comhair cruinniú de Choiste Sláinte an Oireachtais an tseachtain seo. Leanadh den chaint chéanna ar feadh an chruinnithe ag fiafraí de na bainisteoirí sa gcóras sláinte cén chaoi go bhfuil sé tarlaithe babhta amháin eile go bhfuil idir 500 agus 1,000 go tráthrialta ar thralaithe in ospidéil na tíre?

Míníodh do na polaiteoirí nach raibh an oiread brú ar na hionaid éigeandála riamh ó tharla trí víreas contúirteach tógálach bheith ina neart faoi láthair agus an córas ag iarraidh dul i ngleic leo. Le dhá bhliain anuas ní raibh á lua ach Covid-19 as bheith ag cur brú as cuimse ar an gcóras sláinte. Caithfear an cheist a chur – nach mbíonn fliú ann gach geimhreadh? Nach bhfuil sé trí bliana anois ó tháinig Covid sa mullach orainn – nár cheart go mbeadh tuairim againn cén chaoi leis na fadhbanna seo a láimhseáil faoin tráth seo?

Aon duine a bhfuil taithí acu ar an gcóras leighis tuigeann siad go bhfuil cúram den scoth ar fáil ach tú a bheith istigh sa chóras.

Tuigeann siad freisin gur easpa acmhainní agus foirne, ní easpa cumais leighis is cionsiocair le fadhbanna plódaithe. Tá fainic curtha ag Cumann na nAltraí ón samhradh go raibh géarchéim ar an mbealach. Glacaim leis go raibh an léargas céanna ar na deacrachtaí le fáil ó aon dochtúir a labhródh tú leo? Cén fáth, mar sin, go bhfuil polaiteoirí ag fiafraí de bhainisteoirí céard a tharla? Níor tugadh aird ar an rabhadh ó na daoine atá ag obair sa gcóras. I ndeireadh an lae siad na haltraí agus na dochtúirí atá ag obair leis na hothair – ní hiad na bainisteoirí.

Is léir go bhfuil easpa foirne agus acmhainní sa gcóras. Dá mhéid brú dá dtagann ar altraí agus dochtúirí óga is ea is mó acu a fhágann an ghairm agus a fhágann an tír.

Ciallaíonn sin nach bhfuil daoine ar fáil le poist a líonadh. Ciallaíonn sin go gcaitear leapacha i dtithe altranais a fhágáil folamh. Ciallaíonn sin go bhfuil daoine i leapacha ospidéil nach dteastaíonn cóir leighis uathu ach go dteastaíonn cúram uathu. Fáinne fí atá ag tarlú le mo chuimhne agus caithfear díriú air anois ar mhaithe le géarchéim faoi Nollaig seo chugainn a sheachaint.

An plean a cuireadh i bhfeidhm le coicís ná iarraidh ar dhaoine a bheith ar fáil le dul ag obair ag an deireadh seachtaine. Nár cheart go mbeadh sin amhlaidh ar aon nós ar feadh na bliana? Ní léir go mbíonn tinneas ná gortú ag faire uaireanta oifige. Cén fáth go bhfuil iontas ar mhaorlathas agus bainistíocht an chórais sláinte go gcuidíonn sé leis an mbrú a mhaolú má bhíonn oibrithe ar fáil níos minice?

An fhadhb atá againn go bhfuiltear ag súil go mbeidh na daoine céanna ar fáil le bheith ag obair níos minice!

Tá nath ag déagóirí sa lá atá inniu ann – ‘Work smarter, not harder’. Meas tú nár chóir an teachtaireacht sin a chur faoi bhráid bainisteoirí agus maorlathas an chórais sláinte. Teastaíonn oibrithe breise a earcú, tuilleadh seirbhísí cianleighis a fhorbairt agus laghdú ar an seanchóras riaracháin a chiallaíonn go gcuirtear an cheist chéanna ort deich n-uaire nuair a shroicheann tú an t-ospidéal seachas an t-eolas a bheith faoi do láimh agat.

Chaithfeadh sé sa lá atá inniu ann agus leis an maoiniú atá ar fáil don chóras sláinte gur féidir géarchéim a sheachaint an geimhreadh seo chugainn. Má tá muid lena dhéanamh tosaíodh an réiteach anois agus ná bíodh muid ag déanamh iontais faoi Nollaig seo chugainn go mbíonn daoine tinn sa ngeimhreadh, tráthnóna agus ag an deireadh seachtaine.

Fág freagra ar 'Fáinne fí atá sa chóras sláinte – tosaíodh an réiteach anois'