GAILEARAÍ: Muintir Ghaoth Dobhair le feiceáil i mbailiúchán nua pictiúr a thugann léargas ar shaol na tuaithe agus na cathrach in Éirinn le 300 bliain

Tá digitiú déanta ar bhailiúchán 120 pictiúr a thugann léargas ar shaol na hÉireann le breis is 300 bliain. An comhlacht ginealaigh ‘Ancestry’ a thug faoin mbailiúchán, a bhfuil pictiúr de shaol na Gaeltachta, na tuaithe agus na cathrach ar fáil ann. Seo blaiseadh dá bhfuil sa chartlann. Pictiúir: Getty Images

Bunadh Ghaoth Dobhair cos nocht lasmuigh de theach ceann tuí. Tógadh an pictiúr seo thart ar an mbliain 1900

 

Mná agus páiste agus cultacha bána á gcaitheamh acu do cheiliúradh Lá Bealtaine in Inse Chór, Baile Átha Cliath.

 

Cailín óg  i lár an aonaigh ag an bPóirse Caoch, Gaillimh, ag deireadh an naoú haois déag

 

Ceannaí éisc i nGaillimh

 

Ag iompar móna abhaile, ag tús an naoú haois déag

 

Crois na Tulaí, Baile Átha Cliath, 1606

 

Cruinniú ceardchumainn, Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath

 

Poc á ardú ar an scafall ag muintir Chill Orglan agus aithris á dhéanamh ar scéal a tháinig aníos ón mbéaloideas  inar shábháil poc an baile go léir ó léirscrios Chromail. Cill Orglan, Ciarraí, 1955

 

Mná rialta ag dul ar bhord loinge go Meiriceá i 1940

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Muintir Ghaoth Dobhair le feiceáil i mbailiúchán nua pictiúr a thugann léargas ar shaol na tuaithe agus na cathrach in Éirinn le 300 bliain'