Tá 70 Palaistíneach eile ar a laghad maraithe in ionsaithe a rinne Iosrael ar fud Gaza, a deir Aireacht Sláinte na Palaistíne.
Comhartha iad na hionsaithe is déanaí seo go bhfuil Iosrael ag géarú ar an mbuamáil tráth a bhfuil Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump ar chuairt oifigiúil sa Mheánoirthear.
Deir lucht leighis gur maraíodh formhór na ndaoine seo, mná agus páistí ina measc, nuair a rinne arm Iosrael baráiste ionsaithe aeir ar thithe i gceantar Jabalia, i dtuaisceart Gaza.
“Tá cuid de na daoine a ionsaíodh fós ina luí ar an mbóthar is clúdaithe ag smionagar mar níl na seirbhísí éigeandála sibhialta in ann dul chomh fada leo,” a dúradh sa ráiteas ón aireacht sláinte.
D’impigh ceannasaí gnóthaí daonnúla na Náisiún Aontaithe inné ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe beart a dhéanamh go beo chun “an cinedhíothú” i nGaza a chosc.
I Nua-Eabhrac a rinne Tom Fletcher a chuid cainte inar chuir sé i leith Iosrael go raibh an tír sin “ag cur drochbhail mhídhaonna ar shibhialtaigh d’aon turas, gan náire ná cás”.
D’iarr Fletcher ar Iosrael deireadh a chur leis an léigear atá á chur aige ar Gaza le 10 seachtaine. Cháin sé an plean atá ag Iosrael agus na Stáit Aontaithe ceannas a ghlacadh ar dháileadh cúnamh daonnúil agus comhlachtaí príobháideacha a chur ina bhun. Dar leis ní raibh sa bplean sin ach “duilleog fige ar thuilleadh den fhoréigean agus an díláithriú” ar mhuintir na Palaistíne.
Líomhaintí “áiféiseacha gan bhunús” a thug Danny Danon, toscaire Iosrael chuig na Náisiúin Aontaithe, ar cháineadh Fletcher.
D’áitigh Danon go raibh an córas cúnaimh a bhí ann roimhe seo “briste” mar go raibh sé á úsáid chun cuidiú le feachtas cogaíochta Hamas – líomhain atá séanta ag na Náisiúin Aontaithe agus ag Hamas
Mhaígh údaráis mhíleata Iosrael go raibh na tuairiscí is déanaí faoina gcuid ionsaithe ar Gaza á bhfiosrú acu. D’áitigh siad gur thug siad rabhadh do na daoine a bhí ina gcónaí i Jabalia agus sna ceantair máguaird Dé Máirt imeacht as an áit sin tar éis do ghrúpa armtha Palaistíneach roicéad a scaoileadh le hIosrael.
Dé Céadaoin bhí cruinniú ag Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump le Ahmed al-Shara, Uachtarán nua na Siria. Dúirt Trump inné go raibh na Stáit Aontaithe ag cur deireadh leis na smachtbhannaí a bhí acu ar an tSiria, athrú mór ar pholasaí a thíre.
Cruinniú eisceachtúil a bhí sa gcruinniú seo mar is é sin an chéad uair le 25 bliain a chas ceannaire an dá thír sin ar a chéile.
Comhartha eile é go bhfuil deireadh á chur leis an leithlisiú taidhleoireachta ar Shiria.
Fág freagra ar '70 Palaistíneach eile ar a laghad maraithe in ionsaithe Iosrael'