Scéim mhór mhaoinithe d’fhadscannáin Ghaeilge fógartha ag TG4

Tá súil ag TG4, Bord Scannán na hÉireann agus an BAI go léireofar dhá fhadscannán Gaeilge sa bhliain, a thaispeánfar i bpictiúrlanna na tíre, ar feadh na gceithre bliana amach romhainn

Scéim mhór mhaoinithe d’fhadscannáin Ghaeilge fógartha ag TG4

Tá scéim mhaoinithe nua fógartha tráthnóna ag TG4 d’fhadscannáin Ghaeilge. Beidh ciste suas le €25,000 á chur ar fáil ag an stáisiún Gaeilge faoin scéim ‘Cine4’, le tacaíocht ó Bhord Scannán na hÉireann agus an BAI, do chúig thogra nua gach bliain. Roghnófar péire acu sin le léiriú.

Cuirfear buiséad suas le €1.2 milliún ar fáil do na scannáin a léireofar faoin scéim nua agus taispeánfar i bpictiúrlanna agus ag féilte scannán iad sula gcraolfar ar TG4 iad.

Beidh scéim Cine4 á reáchtáil ar bhonn trialach i mbliana, ach is í an sprioc an scéim a reáchtáil ar bhonn bliantúil amach anseo, rud a d’fhágfadh go léireofaí dhá fhadscannán Gaeilge sa bhliain ar feadh na gceithre bliana atá amach romhainn.

Seoladh an scéim nua inniu i nDúglas in Oileán Mhanann, ag Féile na Meán Ceilteach, atá ar siúl an tseachtain seo.  Tabharfar tús áite faoin scéim do chomhlachtaí léirithe a bhfuil “polasaí soiléir acu” an Ghaeilge a fhorbairt mar theanga oibre léiriúcháin.

Agus fáilte á cur aige roimh an tionscnamh nua, dúirt Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, go bhfuil an drámaíocht Ghaeilge “i gcroílár” obair an stáisiúin ó bunaíodh é.

“Is iomaí sin duais agus gradam náisiúnta agus idirnáisiúnta atá buaite ag drámaí teilifíse an chainéil ó bunaíodh é. Cuireann an togra nua seo ar ár gcumas bonn seasmhach a chur faoin gcéad chéim eile sa bhforbairt seo — an scannán fada Gaeilge.

“Is léir go bhfuil an tallann ar fáil chuige agus tá éileamh ar thogha na scannán ar fud an domhain, beag beann ar an teanga atá in úsáid iontu,” a dúirt Esslemont.

Dúradh ag seoladh na scéime inniu go bhfuiltear ag súil go spreagfaidh Cine4 “scéalaíocht láidir, samhlaíocht fhísiúil, agus luachanna arda léirithe”.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Bhord Scannán na hÉireann, James Hickey, go bhfuil sé “ag súil go mór” leis na scannáin Ghaeilge a léireofar faoin scéim agus go gcreideann an Bord go bhfuil sé “thar a bheith tábhachtach” infheistíocht a dhéanamh i dtallann chruthaitheach na scannán in Éirinn.

Is fíor-annamh a bhíonn fadscannáin Ghaeilge le feiceáil i bpictiúrlanna na tíre. I measc an dornáin bhig sin, bhí an scannán Kings a rinneadh tuairim is deich mbliana ó shin cartúin a ndearnadh leaganacha Gaeilge díobh, ar nós Spongebob Squarepants agus, Rún Cheanannais Mhóir agus Amhrán na Mara.

Fág freagra ar 'Scéim mhór mhaoinithe d’fhadscannáin Ghaeilge fógartha ag TG4'

  • Darragh Ó Caoimh

    An-smaoineamh ar fad. Is dóigh liom gur chóir go mbeadh ceann amháin den dá scannán atá beartaithe a bhunú ar scéalta agus litríocht na Gaelainne agus an tarna ceann ar rud iomlán nua. Beidh sé spéisiúil cén saghas scéalta a thiocfaidh chun cinn. Táim ag súil go mór leis!