Líon na ndaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge ó thuaidh dúbailte

Tá beagnach 5,000 dalta i dTuaisceart Éireann ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge anois

 

imgres

Léiríonn figiúirí atá eisithe ag an Roinn Oideachais ó thuaidh le haghaidh 2012/13 go bhfuil líon na bpáistí scoile a bhfuiltear ag cur oideachais Ghaeilge orthu méadaithe faoi dhó le deich mbliana anuas.

Tá beagán faoi bhun 5,000 dalta i dTuaisceart Éireann ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge anois, cé nach bhfuil ach 830 díobh sin á fháil i meánscoileanna.

In ainneoin nach bhfuil ach meánscoil lán-Ghaeilge amháin sna sé chontae – Coláiste Feirste i mBéal Feirste – tá deich gcinn de scoileanna eile sa stát ó thuaidh a bhfuil sruthanna Gaeilge iontu.

Chomh fada is a bhaineann le páistí óga, tá 28 bunscoil lán-Ghaeilge i dTuaisceart Éireann i láthair na huaire.

Tugtar le fios sna figiúirí i gcomhair 2012/13 gur cuireadh seirbhísí réamhscoile ar fáil i nGaeilge do 803 leanbh. Bhain 3,061 dalta leas as seirbhísí Gaeilge i mbunscoileanna agus 769 scoláire meánscoile.

Bhunaigh an tAire Oideachais grúpa comhairliúcháin anuraidh d’fhonn scagadh a dhéanamh ar a bhfuil i ndán don oideachas Gaeilge in iar-bhunscoileanna an stáit ó thuaidh. Rinne an grúpa 33 moladh an mhí seo caite de réir a gcuid staidéir.

Ag eascairt as an staidéar sin, mhol siad go ndéanfaí taighde ar an líon tuismitheoirí ar mhian leo a bpáistí a chur chuig meánscoileanna lán-Ghaeilge, agus go ndéanfaí cíoradh ar na feidireachtaí a bhainfeadh le soláthar oideachais trasteorann a chur ar fáil i gcontae Fhear Manach, mar aon le sparántachtaí a chur ar fáil i dtreo is go bhféadfaí oiliúint a chur ar mhúinteoirí chun líofacht a bhaint amach sa teanga.

Mhol an grúpa, leis, go gcuirfí pleanáil i bhfeidhm agus borradh earnáil na scolaíochta Gaeilge á bheartú. Bheadh tábhacht nach beag, a dúirt siad, leis na háiteanna ina lonnófaí meánscoileanna nua.

Ba ghá a chur in iúl agus a dheimhniú do thuismitheoirí go raibh dóthain múinteoirí ann a bhfuil Gaeilge acu, a dúirt baill an ghrúpa, go háirithe i gcomhair sainábhar amhail an eolaíocht, mar shampla.

Mheabhraigh an tAire Oideachais, John O’Dowd, don ghrúpa go bhfuil Feidhmeannacht Thuaisceart Éireann gann ar phinginí faoi láthair agus go gcaithfí cuimhneamh ar an méid sin agus scoileanna nua á mbeartú.

As na deich scoil a bhfuil aonaid Ghaeilge iontu, tá seacht gcinn acu ina mbunscoileanna agus trí cinn ina n-iar-bhunscoileanna.

De réir eolais atá curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais, tá 60 folúntas i gColáiste Feirste agus 952 folúntas sna hocht mbunscoil is fiche.