Gearán déanta ag údair taighde le hArd-Stiúrthóir RTÉ faoi Ghrúpcheannasaí Gaeilge an stáisiúin

Litir ghearáin seolta ag Conchúr Ó Giollagáin agus Brian Ó Curnáin chuig RTÉ ina líomhnaítear gur bhain Rónán Mac Con Iomaire mí-úsáid as ‘stádas corparáideach’ a oifige in alt nuachtáin faoi chás na teanga sa Ghaeltacht

22/05/2013. Oireachtas committee on Transport and Communications. Director General of RTE, Noel Curran leaves the Oireachtas committee on Transport and Communications today which was dealing with the stations current budgetary position and planned cuts to contracted and staff broadcasters' remuneration and an update on programme making editorial policies. Photo: Laura Hutton/RollingNews.ie
Ó chlé: Conchúr Ó Giollagáin, Noel Curran agus Rónán Mac Con Iomaire 

Tá gearán oifigiúl déanta ag beirt acadóirí le hArd-Stiúrthóir agus feidhmeannaigh Bhord RTÉ mar gheall ar Ghrúpcheannasaí Gaeilge RTÉ agus alt nuachtáin a scríobh sé faoi chás na teanga sa Ghaeltacht.

Sa litir ghearáin a sheol Conchúr Ó Giollagáin agus Brian Ó Curnáin chuig Ard-Stiúrthóir agus Bord RTÉ inniu, líomhnaítear gur bhain Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, mí-úsáid as “stádas corparáideach” a oifige san alt a scríobh sé don Irish Independent.

Tá cáineadh láidir déanta ag údair na litreach ar an dearcadh, dar leo, a léiríonn Mac Con Iomaire san alt Irish and the Gaeltacht – they haven’t gone away.

“His attitude is akin to a group head for environmental issues in RTÉ rejecting the scientific evidence relating to global warming,” a deir na hacadóirí.

Thagair Mac Con Iomaire ina alt do dhá thuarascáil taighde le Ó Giollagáin agus Ó Curnáin ina dtugtar fianaise shochtheangeolaíochta faoi mheath na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Scríobh Ghrúpcheannasaí Gaeilge RTÉ go raibh rian den “boy who cried wolf” ag baint leis na tuarascálacha. Dúirt sé go raibh cuid den fhírinne sna tuarascálacha agus na hargóintí a bhunaítear orthu ach go raibh an fhírinne “níos casta” ná mar a thugtar le fios go minic.

“There is always some truth in these things, but the presentation of these studies and their championing of the impending disaster, mostly by the same group of people, is counter-productive.

“Now I’m not saying that everything is perfect and that the language is thriving unabated in either Gaeltacht or Galltacht. But the truth is more nuanced than is being presented,” a scríobh Mac Con Iomaire.

Ina litir ghearáin, deir Ó Giollagáin agus Ó Cúrnáin, gurbh ionann alt Mhic Con Iomaire agus iarracht gan bhunús beag is fiú a dhéanamh dá dtaighde.

‘The attempt to groundlessly dismiss the findings and implications of these studies by RTÉ’s group head of Irish Language amounts both to unjustified contention and dubious corporate practice,’ a deirtear sa litir a bhfuil cóip di faighte ag Tuairisc.ie.

Deirtear chomh maith go bhféadfaí a thuiscint ó alt Mhic Con Iomaire gurb ionann a thuairimí féin faoin taighde agus tuairim RTÉ agus go bhféadfaí a áiteamh go raibh RTÉ féin ag déanamh beag is fiú den ‘taighde eolaíoch’.

Cuirtear roinnt ceisteanna ar Ard-Stiúrthóir RTÉ, Noel Curran, sa litir:

“Would RTÉ tolerate one of its executives publishing a dismissal of a scientific health study on the dangers of smoking based on the personal anecdote of a close relative being a heavy smoker and living to a ripe old age? Does RTÉ endorse dismissal of these statistically robust findings about the Gaeltacht by their group head of Irish?”

Ní fhéadfaí glacadh leis, a deir Ó Giollagáin agus Ó Curnáin, go mbeadh an craoltóir náisiúnta ag tabhairt droim láimhe ‘ar nós cuma liom’ le taighde dá leithéid.

“A cavalier dismissal of research findings is not acceptable from a national broadcaster, either from the perspective of corporate practice or journalistic values.”

Iarrtar sa litir go gcuirfeadh RTÉ fad idir iad féin agus alt Mhic Con Iomaire chun a chruthú nach bhfuil aon pholasaí faoi cheilt acu cinsearacht a dhéanamh ar thorthaí na taighde ná ar impleachtaí na dtorthaí sin.

“We request that RTÉ would clarify to the public whether or not Rónán Mac Con Iomaire’s opinions on these issues represent official RTÉ policy and that RTÉ publicly dissociate itself from the manner and content of Rónán Mac Con Iomaire’s ill-informed, unjustifiable and ill-advised intervention in this issue,” a deir Conchúr Ó Giollagáin agus Brian Ó Curnáin.

freagra tugtha chomh maith san Irish Independent ag Conchúr Ó Giollagáin ar alt Mhic Con Iomaire.

Is iad na tuarascálacha taighde a gcreideann a n-údair drochmheas a bheith léirithe ag Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ orthu ná an Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2006-2011 agus Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach – An sealbhú teanga i measc ghlúin óg na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Gearán déanta ag údair taighde le hArd-Stiúrthóir RTÉ faoi Ghrúpcheannasaí Gaeilge an stáisiúin'

  • Darragh Ó Caoimh

    Litir seafóideach dar liom. Séard a bhí á rá ag Mac Con Iomaire, dar liom, ná go gcuireann ná staidéir seo le meath na Gaeilge agus gurbh fhéidir gur chóir iad a chur i láthair ar chaoi difriúil. Cruthaíonn tuarascála mar seo meon éadochais i measc phobal na Gaeilge agus, go deimhin, i measc chainteoirí óga na Gaeilge. Ní maith an rud san agus molaim Mac Con Iomaire as ucht teacht amach agus labhairt fés na nithe dearfacha a bhaineanns leis an teanga. B’fhearr do údair na tuarascála so gan bheith ag iarraidh srianta a chur leis an gcomhrá tábhachtach fén gceist seo. Ní leosan amháin an Ghaeilge.

  • rua rua

    ‘Tá gearán oifigiúl déanta ag beirt acadóirí le hArd-Stiúrthóir RTÉ…’ in English !

  • Concubhar

    Mór an náire do Chonchúr Ó Giollagáin is do Bhrian Ó Curnáin bheith ag gearán le fostóir Ronán Mac an Iomaire de bharr gur nocht sé malairt tuairime faoin taighde a d’fhoilsigh siad ag tuar arís bás na Gaeilge sa Ghaeltacht. Insint leataobhach ar an scéal seo ag Tuairisc. Cén fath nach bhfuil raiteas ann ó Ronán Mac an Iomaire nó abairt ag tabhairt le fios gur iarr sibh raiteas uaidh?