“Cic sa tóin” do cheannródaithe na naíonraí

Cathaoirleach Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT) croíbhriste agus cinneadh déanta faoi dháta scortha na heagraíochta

l_g_fnt.1

“Croíbhriste” atá Cathaoirleach Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT), Máire Uí Bhriain, go bhfuil dáta scortha socraithe don eagraíocht sin.

Dheimhnigh Uí Bhriain le Tuairisc.ie go bhfuil cinneadh déanta gur i mBealtaine na bliana seo chugainn a dhéanfar FNT a scor.

Dúirt Uí Bhriain go bhfuil baol anois ann go gcaillfí an saineolas go léir atá cruinnithe go dtí seo ar luathbhlianta oideachais leanaí scoile agus gurb é is dóichí ná go bhfágfar bearna sna seirbhísí atá á gcur ar fáil i láthair na huaire.

Is í an eagraíocht Gaelscoileanna a ghlacfaidh cúraimí FNT orthu féin an samhradh seo chugainn.

Toisc go bhfuil Gaelscoileanna ag plé leis an mbunscolaíocht agus leis an meánscolaíocht, tá ualach mór oibre ar an bhfoireann bheag ansin cheana féin, a dúirt Uí Bhriain, agus b’fhéidir go mbeadh sé deacair dá bharr daoine le saineolas ar na luathbhlianta a aimsiú agus a cheapadh mar chuid den atheagar a dhéanfar ar na seirbhísí i 2015.

Fágann an méid seo go bhfuil sí buartha faoina bhfuil i ndán do na seirbhísí céanna.

Is é an bhuairt is mó atá uirthi ná go rachfar i muinín tacaíochta ó ghrúpaí naíonra Béarla amach anseo toisc a laghad cabhrach a bheidh ar fáil do naíonraí Gaeilge.

Dúirt sí gur “cic sa tóin” atá sa chinneadh seo do na “ceannródaithe” go léir a raibh baint acu le naíonraí Gaeilge a bhunú ar fud na tíre agus d’fhiafraigh “cá bhfuil an fhís a bhí acusan anois?”

Ar a shon sin, tá sí “an-bhródúil” as an méid atá bainte amach ag na naíonraí go léir go dtí seo agus go leanfaidh sí uirthi i mbun a cuid dualgas mar stiúrthóir ar a naíonra féin thíos i gCorcaigh.

Beirt eile atá fostaithe go lánaimseartha ag FNT cé is moite den Chathaoirleach. Tá post nua á fháil ag duine acu sin ach níl aon phost nua aimsithe fós ag an duine eile.

Cuideachta dheonach uile-Éireann í Forbairt Naíonraí Teoranta atá ar an bhfód ó 2003 agus a thacaíonn le seirbhísí, cúram agus oideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil do leanaí óga ón gcliabhán amach.

Bunaíodh FNT mar chomharba ar an gComhchoiste Réamhscolaíochta Teo.

Cé go mbíodh An Comhchoiste freagrach as an tír iomlán, is iad na ceantair lasmuigh den Ghaeltacht atá faoi chúram FNT sa lá inniu.

Tá deireadh tagtha le maoiniú na heagraíochta ó Fhoras na Gaeilge ó Mheitheamh na bliana seo agus tá FNT ag baint leasa as an maoiniú a fhaigheann siad ó chlár ‘pobal’ na Roinne Oideachais  chun maireachtáil go Bealtaine na bliana seo chugainn, tráth a aistreofar a gcúraimí chuig Gaelscoileanna.

 

Fág freagra ar '“Cic sa tóin” do cheannródaithe na naíonraí'