Cáineadh déanta ar alt a cheangail tuismitheoirí Gaelscoileanna le síochánaithe ré na Naitsithe

Colún de chuid Sarah Carey inar dúradh go raibh cur chuige ‘segregationist’ ag Gaelscoileanna cáinte ag Gaeloideachas

Cáineadh déanta ar alt a cheangail tuismitheoirí Gaelscoileanna le síochánaithe ré na Naitsithe

Tá cáineadh géar déanta ar cholúnaí de chuid an Sunday Independent as alt inar dúradh go raibh cur chuige ‘segregationist’ ag Gaelscoileanna.

Dúirt údar an cholúin, Sarah Carey, freisin gur mheabhraigh dearcadh tuismitheoirí Gaelscoileanna síochánaithe nach raibh sásta troid in aghaidh na Naitsíoch.

Dúradh i ráiteas a thug an eagraíocht Gaeloideachas do Tuairisc.ie go raibh alt Carey “breac le hargóintí gan bhunús”.

Ba “náireach” an t-alt a foilsíodh an deireadh seachtaine seo caite, dar le Gaeloideachas.

Dúradh sa ráiteas gur “ar éigean” gurbh fhiú aitheantas a thabhairt don alt ach go raibh sé tábhachtach freisin aghaidh a thabhairt ar a leithéid d’argóintí.

Ina halt Dé Domhnaigh seo caite, mhaígh Carey gur mó mar bhac ar an ilchultúrachas iad Gaelscoileanna ná riachtanas leanaí a bheith baiste chun clárú do scoileanna Caitliceacha. Dúirt sí gur mheabhraigh tuismitheoirí a chuireann a gcuid gasúr chuig na scoileanna lán-Ghaeilge di síochánaithe an Dara Cogadh Domhanda a dhiúltaigh na Naitsithe a throid.

Mhaígh sí freisin gur beag eachtrannach a bhíonn ag freastal ar Ghaelscoileanna agus go mbíonn “idirdheighilt” ar siúl iontu dá bharr.

Dúirt Gaeloideachas go bhfuil sé tábhachtach “na ráitis a rinneadh a bhréagnú trí fhianaise chruinn” a thabhairt ar mhaithe leis na scoileanna a chruthaíonn agus a chothaíonn “atmaisféar fáilteach ilchineálach ina gcuid seomraí”.

Dúirt an eagraíocht go dtosaíonn “chuile pháiste, beag beann ar a dteanga dhúchais, amach go cothrom” i nGaelscoileanna, toisc nach í an Ghaeilge an teanga baile atá ag “98% de na teaghlaigh” a roghnaíonn an t-oideachas lán-Ghaeilge.

“Tá na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta faoi phátrúnacht éagsúil agus tá scoileanna sainchreidmheacha, idirchreidmheacha agus ilchreidmheacha ina measc. Is scáthán na scoileanna ar an bpobal a chónaíonn sna ceantair thart timpeall orthu agus freastalaíonn páistí ó gach cineál cúlra teanga agus cultúir orthu, mar aon le páistí le Riachtanais Speisialta Oideachais,” a dúradh le Tuairisc.ie.

Dúradh freisin gur scaip Gaeloideachas eolas faoin tumoideachas agus na buntáistí a bhaineann leis i seacht dteanga éagsúla ar phobail éagsúla agus gur eagraíodh sraith ócáidí sna ceantair sin chun “feasacht faoin oideachas lán-Ghaeilge” a ardú.

Tá cúpla alt scríofa ag Sarah Carey le hos cionn deich mbliana anuas inar cheistigh sí cur chuige na nGaelscoileanna.

Dúirt Gaeloideachas gur “mór an trua” nár bhac Carey le “fianaise agus cruthúnas eolaíoch” a lorg faoi Ghaelscoileanna ina halt don Sunday Independent.

Fág freagra ar 'Cáineadh déanta ar alt a cheangail tuismitheoirí Gaelscoileanna le síochánaithe ré na Naitsithe'

  • Cormac

    Náire, éad, aineolas, frustrachas, binib, easaontas a chothú, alt ráiméisiúil a scríobh beag beann ar aon fhírinne a bheith ann, beag beann ar aon éileamh ná gá bheith lena leithéid d’ionsaí a dhéanamh ar an teanga, ar eagraíocht nó ar ghrúpa a léiríonn meas agus spéis i gcur chun cinn an oideachais agus na Gaeilge ar bhonn oscailte, trédhearcach….
    … ar nós rud éigin a dhéanfadh an Trúmpalán!

    Cormac,
    Corcaigh

  • dónal

    níl ciall aici, mar le rudaí atá a rá san alt an indo domhnach. ar dtús, níl an páipéar nuachtan sin fíor-cáírdiúil leis na prionsabail gaelach, níos mó cosúil le páipéar sasanaigh. ach, féach conas a cearr a bhfuil a argóint faoi naitseach agus na tuismitheoirí gael-scoileanna. deireann sí go bhfuil na clanna ag dul go scoileanna caitliceach ag ullmhú don troid i gcoinne namhaid éagsúla, chomh dáinséarach leis na síochánaithe i ngearmáin i 1930’s. bhuel, cé hé an namhaid nua seo ach an cara mór le páipéir a leithéid de “neamhspleách éireannach”, an guth atá taobh thiar den bhrat..na bac léi seo