Breis agus 200 aighneacht faoin oideachas Gaeltachta faighte ag an Roinn Oideachais

Thug an tAire Oideachais le fios go mbeadh a polasaí oideachais nua don Ghaeltacht críochnaithe faoi earrach na bliana seo chugainn

14/10/2014. Labour Party Minister for Education and skills Jan O Sullivan speaking to the media after the announcement of details of the Budget 2015 in Government Buildings this afternoon. Photo Leon Farrell/Photocall Ireland
An tAIre Oideachais agus Scileanna, Jan O’ Sullivan Pictiúr:  Leon Farrell/Photocall Ireland

Os cionn 200 aighneacht a bhí faighte tráthnóna inné ag an Roinn Oideachais maidir lena dréachtpholasaí Gaeltachta.

Tá go dtí an Aoine bheag seo, an 3 Iúil, ag an bpobal aighneachtaí a chur faoi bhráid na Roinne maidir leis an tsraith moltaí don oideachas Gaeltachta a fógraíodh ag tús mhí na Bealtaine.

Dúirt an tAire Oideachais Jan O’Sullivan i bhfreagra ar cheist Dála Dé Máirt go raibh breis agus 100 aighneacht faighte ag a roinn faoin dtráth sin, ach thug urlabhraí ón Roinn Oideachais le fios tráthnóna inné go raibh an méid céanna aighneachtaí arís faighte ó shin acu.

Thug an tAire Oideachais le fios go mbeadh a polasaí oideachais nua don Ghaeltacht críochnaithe faoi earrach na bliana seo chugainn.

Roimhe sin, cuirfear sraith grúpaí fócais ar bun i Meán Fómhair chun tuilleadh scagadh a dhéanamh ar na moltaí agus eagrófar fóram speisialta i mí Dheireadh Fómhair chun plé a dhéanamh ar na tuairimí agus na moltaí a tháinig chun tosaigh mar chuid den phróiseas comhairliúcháin poiblí.

Mar chuid den phróiseas sin, eagraíodh cruinnithe poiblí cheana féin i gCiarraí, sa Ghaillimh agus i nDún na nGall.

D’eagraigh an eagraíocht Tusmitheoirí na Gaeltachta sraith chruinnithe chomh maith i gConamara. I ráiteas ón eagraíocht sin dúradh gurbh é “an pointe is suntasaí a tháinig ó na cruinnithe seo ná go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go gcuirfí an oiread suirbhéanna agus aighneachtaí chun cinn agus is féidir”.

Cuireadh fáilte roimh mholtaí na Roinne nuair a fograíodh iad toisc gur thug siad aghaidh ar chuid de na dúshláin is mó atá roimh theagasc na Gaeilge sna ceantair ina bhfuil sí fós in uachtar mar theanga phobail agus theaghlaigh.

Tugadh suntas ar leith d’fhógairt na moltaí mar gurb é an chéad uair ó bunaíodh an Stát a d’aithin an Roinn Oideachais go hoifigiúil go bhfuil riachtanais ar leith ag daltaí ar cainteoirí dúchais iad agus go bhfuil gá dá réir le polasaí oideachais ar leith don Ghaeltacht.

Go dtí seo, níor forbraíodh ná níor feidhmíodh aon pholasaí sainiúil le dul i ngleic leis na dúshláin oideachais a bhíonn roimh pháistí, múinteoirí agus scoileanna na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Breis agus 200 aighneacht faoin oideachas Gaeltachta faighte ag an Roinn Oideachais'