An dara ‘siollabas’ Gaeilge – níl sé curtha as an áireamh

Níl sé curtha as an áireamh ag an Aire Oideachais Jan O’ Sullivan go mbeidh an dara cúrsa Gaeilge ann ag leibhéal na hArdteiste do dhaltaí Gaeltachta agus Gaelscoile.

An tAire Oideachais Jan O'Sullivan. Pictiúr: Photocall Ireland
An tAire Oideachais Jan O’Sullivan. Pictiúr: Photocall Ireland

Níl sé curtha as an áireamh ag an Aire Oideachais Jan O’ Sullivan go mbeidh an dara cúrsa Gaeilge ann do dhaltaí Gaeltachta agus Gaelscoile.

Is go faichilleach, áfach, atá fáilte curtha ag lucht an ghealoideachais roimh ráiteas an Aire.

I bhfreagra ar cheist Dála le déanaí, mhínigh an tAire go bhfuil cúrsa gearr Gaeilge nua á fhobairt ag an gComhairle Násiúnta Um Curaclaim agus Measúnachta (an NCCA) don Teastas Sóisearach agus go bhfuil plé á dhéanamh freisin ar conas freastal ar na riachtanais éagsúla atá ag daltaí Ardteiste ó thaobh foghlaim na Gaeilge de.

“The NCCA is developing a new specification for Irish at Junior Cycle. It is proposed to introduce the new specification for implementation from September 2016. It will allow students in Irish-medium schools, including Gaeltacht schools, to study and gain credit for an enriched engagement with aspects of the language.

“At Senior Cycle, the NCCA is currently reviewing the new assessment arrangements whereby 40% of the marks are allocated to oral proficiency. “The Department awaits their report. Consideration is also being given to how the Irish curriculum at senior cycle can accommodate the wide range of learning needs of students including those in Gaeltacht schools,” a dúirt an tAire Oideachais, Jan O’ Sullivan.

Bhí an tAire ag freagairt ceiste ón dTeachta Dála ó Fhianna Fáil Charlie McConalogue a d’fhiafraigh di an raibh sé i gceist aici curaclaim nua a thabhairt isteach do chainteoirí dúchais.

Mhaígh McConalogue “that a separate curriculum at junior and leaving certificate would recognise their [cainteoirí dúchais] already developed competency in the language and help develop and enhance it further…”.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt an tAire O’ Sullivan:

“In addition, the Department is currently reviewing the provision of education in the Gaeltacht and topics such as the one posed by you, will be further considered.”

Tá saineolaithe oideachais ag éileamh le fada go bhforbrófaí curaclam nua do chainteoirí dúchais agus do chainteoirí líofa eile ag leibhéal na hArdteiste, go háirithe i bhfianaise an churaclaim nua a tugadh isteach ceithre bliana ó shin ag leibhéal na hArdteiste.

Mar thoradh ar an athrú sin, bronntar anois 40% de mharcanna an scrúdaithe ar an scrúdú béil agus 10% ar an gcluastuiscint.

Níl ag eirí leis an gcóras nua, áfach, dar le Anna Ní Ghallachair, Stiúrthóir Ionad na dTeangacha in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad.

“Ní scrúdú béil é a léithéid. An rationale a bhí ag an siollabas nua ag an am ná go mbeadh gach dalta sa tír in ann an Ghaeilge a labhairt. Ní léir domsa gur tharla sé sin; tá caighdeán na cainte dulta síos, feictear domsa.”

Tá athbhreithniú ar an ngné seo den Ardteist á dhéanamh faoi láthair ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, agus tá an Roinn ag fanacht ar thorthaí an athbhreithnithe sin sula ndéanfar aon athruithe eile.

“Is iondúil go ndéantar athbhreithniú ar athruithe ar churaclaim chun a fháil amach cén tionchar a bhí ag na hathruithe sin,” a dúirt urlabhraí ón Roinn Oideachais agus Scileanna.

Dar leis an Dr. Peadar Ó Flátharta, Fiontar DCU, go bhfuil neamhaird á dhéanamh ar cheist an oideachais Ghaeltachta le blianta fada.

“Tá siad tar éis é a sheachaint an t-am uilig. Tá an moladh ag dul thart le tamall go mbeadh dhá scrúdú ann, ceann dírithe ar fhoghlaimeoirí agus ceann dírithe ar chainteoirí dúchais. Ní hionann Gaeilge agus Béarla san Ardteist, ach ba cheart go mbeadh an dá scrúdú ar chomhchéim.”

Cháin an Peadar Ó Flatharta agus Anna Ní Ghallachair araon an easpa litríochta ar an gcurculam reatha.

“Tá ról iontach tábhachtach ag an litríocht; tá ról i saibhriú na teanga aici, ról maidir le cultúrú a dhéanamh fosta. Níl ann ach leathanaigh as úrscéalta is a léithéid agus ní leor sin,” a dúirt Anna Ní Ghallachair.

“Is é ról an mhúinteora spéis a dhaltaí a spreagadh san ábhar. D’fháilteoinn roimh iarrachtaí dul i ngleic leis an deacracht, rud nach ndearnadh le fada an lá, ach ba cheart go mbeadh an cur chuige bunaithe ar an taighde is deireanaí.”

Fág freagra ar 'An dara ‘siollabas’ Gaeilge – níl sé curtha as an áireamh'

  • Aibhistín Ó Duibh

    Tá go leor Béarla san alt seo; an bhfuil polasaí eagarthóireachta ag Tuairisc.ie faoi seo? Cumá nár aistríodh na sleachta Béarla go teanga an nuachtáin (rud a dhéanann gach nuachtán ar domhan)? Measaim nach ceart Béarla a bhrú ar an léitheoir Gaeilge mar seo. Ní hé amháin go mbíonn léamh an ailt míchompordach nuair a athraíonn an teanga gan choinne (níor bacadh fiú leis an téacs Béarla a chur faoi chló iodálach), ach rud is measa ná sin, is geall le ráiteas é úsáid seo an Bhéarla gur cuid dhílis den Ghaeilge an Béarla. Cuireann sin drochmhisneach orm, agus ar léitheoirí eile Gaeilge, déarfainn. Agus rud eile: ná dearmadtar go bhfuil go leor daoine ar fud an domhain (m.sh. sa Rúis, sa Spáinn, sa Pholainn) nach Béarlóirí iad agus atá ag foghlaim na Gaeilge. An bhfuil a fhios acu go gcaithfidh Béarla a bheith acu freisin chun an dornán beag foilseachán Gaeilge atá ann a léamh? Tá bóthar an dátheangachais gafa ag TG4 cheana, ná gabhadh na meáin chlóite an bóthar céanna.

  • dónall ó domhnaill

    Tá áthas orm gur tharraing duine éigin ceist an Bhéarla éigeantaigh anuas. Tá an oiread sin den ábhar a fhoilsítear agus a chraoltar i nGaeilge millte aige! Nach léir do eagarthóirí/iriseoirí/craoltóirí go loiteann an códmheascadh tobann gránna an t-eispéireas léitheoireachta? Tá an cur chuige a úsáideadh san alt seo go hiomlán doghlacadh. Níl sé sásúil cúpla céad focal i dteanga eile a bheith in alt agus “… a dúirt an tAire” a chur mar dhrioball leo. Diúltaímse a leithéid a léamh! B’fhearr le léitheoirí Gaeilge éirim na cainte a rinneadh an tAire a léamh i nGaeilge seachas a focla Béarla a bheith brúite síos a scornach acu! Nílim in aghaidh an Bhéarla. Tá Béarla binn blasta agam. Ach mura dtuigfidh Tuairisc.ie an tábhacht atá le spásanna ar leith a choinneáil go heisiach le haghaidh teanga atá faoi bhrú ag mórtheanga, an tábhacht atá le deis a thabhairt do Ghaeil an lae inniu bheith Gaelach, bhuel seans nach mbacfaidh mé filleadh ar an suíomh seo feasta.

  • Roibeard Ó Conaing

    Aontaím. Is teanga í an Ghaeilge, ní dátheanga í. Cuid de mheath na teanga is ea na yeah, like, ye know, so, just-annaí a úsáideann daoine agus iad ag caint. Níl neart air sin, an rud a tchí a leanbh a ní an leanbh, agus feictear do dhaoine go bhfuil na nósanna céanna ag chuile dhuine (rud nach fíor dála an scéil). Ach is ceart caighdeáin níos airde a bheith ag iriseoirí agus ag a n-eagarthóirí. Cá mbeadh an Béarla dá mbeadh BBC agus an Irish Times srl i mbun na ndrochnósanna céanna atá ag chuile ghnáthchainteoir Béarla. Ní bheadh an dea-shampla le fáil agus bheadh an Béarla ina phatois laistigh de dhá ghlúin. Nach dtuigeann na daoine a scríobhann agus a labhrann an Ghaeilge mar ghairm (ie iriseoirí, craoltóirí srl) gur clocha móra iad i mballa cosanta na Gaeilge. Ba cheart dóibh an fód a sheasamh i gcoinne patoisú na Gaeilge seachas a patoisú a bhrostú.

  • Jack Ó Drisceoil

    Aontaím leis an ráiteas thuas. Is mór an díomá atá orm, tar éis an chéiliúrtha mhóir a deineadh faoi sheoladh an tsuímh seo, go bhfuil sé tite chomh tapaidh sin in umar an “dátheangachais.”

    Is amhlaidh go bhfuil ailt as Béarla le fáil go fairsing ar an idirlíon. Níl aon chall dom teacht anseo chun mo chuid ábhar léitheoireachta Béarla a fháil.