15 comhartha gur Gaeilgeoir as Béal Feirste thú…

Cad iad na comharthaí sóirt a thabharfadh le fios do dhuine gur Gaeilgeoir as Béal Feirste thú? Bhuel, teagascann tú rang Gaeilge san oíche saor in aisce ar son na cúise agus...

All Ireland Hurling Semi-Final 1989 Antrim Team © INPHO/Billy Stickland

© INPHO/Billy Stickland

1. Cé gurb as Contae Aontroma thú (a bhain cluiche ceannais na hÉireann amach i 1989), nó Contae an Dúin b’fhéidir, ag brath ar an taobh den Lagán inar fhás tú aníos – tá blas láidir Thír Chonaill ar do chuid Gaeilge. Labhraíonn tú thar a bheith gasta mar is mian leat a thabhairt le fios cé chomh líofa atá tú agus cé chomh nádúrtha atá sé Gaeilge a labhairt.

02 Albert Fry

2. Labhraíonn tú ceann de thrí chanúint – an Jail-ge; an Ghaeilge shaibhir Ghriannach a foghlamíodh ag glúin Albert Fry i gCumann Chluain Ard; nó Gaeilge ‘úr’ na nGaelscoileanna. “Bhuel, a thaiscí!” an bheannacht a bhíonn agat do dhaoine, sin nó “Cad é an dóigh?” (Ní leasc leat do chuid féin a dhéanamh den teanga ach an oiread. J-Mar?.) Ach ní éisteann tú leis an fhreagra mar tá tú ag amharc thart ar an teach tábhairne cheana féin go bhfeicfidh tú an bhfuil cuideachta níos suimiúla ann agus craic níos fearr le fáil i gcoirnéal inteacht eile.

03 belfast_exposed_421-1

3. Is iomaí oíche fhliuch is oíche fhuar a chuaigh tú ar strae i dTriantán Bermuda – an spás siabhránach úd idir Tigh Mhadáin, Tigh Cheallaigh agus an Herc. Ach thagtaí ort i gcónaí sa deireadh in Belfast Exposed, i do shuí ansin go deas te teolaí ag ól Tequila agus sú oráiste.

 

Welcome_Sign-3

4. Tá teach saoire agat i nGaeltacht Thír Chonaill. Muna bhfuil teach agat, déanann tú oilithreacht go Gaoth Dobhair uair sa mhí fá choinne an Cabaret Craiceáilte i dTeach Hiúdaí Bhig. Is i nGaeltacht Thír Chonaill a chuir tú feabhas ar do chuid Gaeilge nuair a bhí tú óg agus is ann a fuair tú an ‘love bite’ (nó síleann tú gur ‘love bite’ a bhí ann ar chuma ar bith) a chuir éad ar do chairde nuair a d’fhill tú ar an mbaile. “Jeesis, who give ya that, ya jammy bastard?” arsa duine acu, agus bhí trua agat dó nár ‘Ghael’ é.

05 Leonardo-Dicaprio-Kate-Winslet

5. Níor thug tú cuairt ar an Titanic Museum agus níl tú cinnte fiú cá bhfuil ceathrú an Titanic. Ní thuigeann tú i do chroí istigh cad chuige a mbíonn an oiread sin spéise ag daoine i mbád a chuaigh go tóin na farraige. Go deimhin, cosúil le gach rad eile sa saol, is ceist cearta atá ann. Má tá ‘museum’ acu sin don Titanic, nár cheart ‘museum’ a bheith agatsa do ‘Bháidín Fheilimí’, nach ndeachaigh sé sin go tóin poill chomh maith? Ach seachas Bascaigh, níl cleachtadh agat ar thurasóirí a fheiceáil i mBéal Feirste agus léiríonn tú cairdeas thar na bearta nuair a bhuaileann tú le daoine nach as an chathair iad a rinne cinneadh teacht go Béal Feirste as a stuaim féin, fiú más le dul go dtí an Titanic Museum é.

06Bréag

6. Caitheann tú rollies – mar a chomhairligh Jah agus Bréag duit – ach ní thugann tú rollies orthu, mar tá focal ceart Gaeilge agat orthu a fuair tú ó do mhúinteoir ar chúrsa samhraidh i gColáiste Mhuire, Loch an Iúir, nuair a bhí tú 15 bliana déag, focal a fuair seisean ó sheanfhear de na munchies (muintir na háite) a d’uchtaigh sé le cora cainte saibhre Gaeilge a theagasc dó.

07warhol-future1

7. Tá clár teilifíse, nó mír ar Meon Eile ar a laghad, déanta fút. Scríobh tú colún don nuachtán tráth, nuachtán ar díoladh na milliúin cóip de gach eagrán de leis an milliún Gaeilgeoir atá i mBéal Feirste.

09 irish folklore

8. Cíorann tú na seanscéalta faoi Chlann Uisnigh le hainmneacha a roghnú do do chlann féin. Is maith leat ainmneacha mar Fódhla, Banbha agus Éiru – ainm ar bith i ndáiríre, a fhad is atá sé ar maos i siombalachas. Agus dá neamhchoitianta agus dá aistí agus dá chiotaí é le litriú, is amhlaidh is fearr é mar níor mhaith leat go mbeadh an t-ainm céanna ar pháiste ar bith eile sa bhunscoil áitiúil. Is ionann ‘mixed marriage’ agat agus bean nó fear as an tuath a phósadh.

la-mor-gaeilge-1400x660

9. Is cás leat dream ar bith a bhfuil cos ar bolg á dhéanamh orthu, is cuma cén áit ar domhan ina bhfuil siad. Mothaíonn tú bráithreachas leo mar is fada i ndaoirse tú féin mar Ghael. Níl rud ar bith is fearr leat ná agóid mhaith fá lár an bhaile agus meirgí móra Gaeilge agat – ‘Fáilte Roimh Theifigh’ – ‘Stad den Slad sa Phailistín’ – ‘Dearg le Fearg’.

Belfast City Hall was designed by Alfred Brumwell Thomas and completed in 1906, it is the home of Belfast City Council. The principle landing and Rotunda area area enriched with marble work similar to the main entrance. A major feature is the mural by Belfast Artist John Luke, depicting the industry and the foundation of the City.

10. Is beag do mheas dáiríre ar aon duine nach gcónaíonn i mBéal Feirste. Is é Béal Feirste an t-aon chathair cheart in Éirinn. Ní thuigeann tú cad chuige a mbíonn muintir Bhaile Átha Cliath ag tabhairt amach faoi culchies. Is culchies iad féin chomh fada agus a bhaineann sé le muintir Bhéal Feirste. Dublin town atá ann. Agus Derry town agus Galway town agus Cork town. Cathracha? Facaff.

11 belfastbap

11. Is conasour aráin thú. Tá tú ag ithe 10 gcineál arán ó bhí tú i do thachrán. Itheann tú Veda, farla sóide, arán cruithneachta agus arán práta go rialta ach ní bhuaileann aon cheann acu acu bap Bhéal Feirste, le sceallóga agus cupán tae. Is conasour bunnaí beaga thú freisin. Is maith leat snowballs agus diamonds le cupán tae. Is maith leat a rá le deisceartaigh go raibh ‘snowball’ agat ar maidin. Is maith leat gan a rá le deisceartaigh cad is snowball ann. Is é an pastie supper an bia is fearr leat. Ní thig leat pastie supper a fháil áit ar bith eile ar domhan ach amháin i mBéal Feirste. Deir tú le deisceartaigh gur chóir dóibh pastie supper a fháil as Fusco’s má bhíonn siad i mBéal Feirste. Ní mhíníonn tú cad is pastie supper ann. Googáil é, a ‘Tá-Google-i-mBaile-Átha-Cliath-againn’ Free Stater, a chara.

Screen Shot 2015-09-09 at 20.03.49

12. Cuireann tú ceist ort féin – an bhfuil sé rómhall tearmann a fháil sa Ghearmáin? D’fhulaing tú buamaí, ionsaithe seicteacha, círéibeacha, dífhostaíocht ach socraíonn tú gan dul. Ní ólann siad Harp ná Tennents as cannaí sa Ghearmáin agus ní bhfaighidh tú pastie supper go deo ann. Berlin? Cathair? Facaff!

08rebel-without-a-cause-original

13. Bhí iarchime mar mhúinteoir Gaeilge agat am éigin i do shaol. Teagascann tú féin rang Gaeilge san oíche saor in aisce ar son na cúise. Dhéanfá aon rud ar son na cúise, fiú deontas a tharraingt aníos ó thrí rialtas éagsúla. Ní thuigeann deisceartaigh na constaicí atá romhat mar Ghael, iad féin agus a gcomharthaí bóthair dátheangacha agus a n-achtanna teanga.

14 heart-with-hands

14. Tig deora le do shúile ó am go chéile nuair a smaoiníonn tú go bhfuil tobar na Gaeilge sa Ghaeltacht ag trá agus gur séanadh d’oidhreacht ort agus gur briseadh an líne fhada de chainteoirí dúchais ar shíolraigh tú uathu. Ach triomaíonn tú na súile. Ní deisceartach thú i ndeireadh na dála. Cuimhníonn tú go bhfuil neart i do lámha, fírinne i do theanga agus glaine i do chroí. “Foc é!” a fhógraíonn tú, agus socraíonn tú – in éineacht le do chomh-Ghaeil, mar is comhphobal sinn, agus is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus Jah Abú – ar Ghaeltacht de do chuid féin a bhunú. Déanann tú beart de réir do bhriathair, agus is iontach an mana atá agat – “Ná habair é, déan é!” Yeeeeowwww! Is as Béal Feirste thú!


16830950768_252987a21e_b
Radharc as an gclár ‘Bhí mé Ann’ a craoladh ar TG4

15. Cuireann rudaí ar nós liostaí mar seo cantal ort. Caidé a bheadh a fhios ag Free-State website fá dtaobh de?

Fág freagra ar '15 comhartha gur Gaeilgeoir as Béal Feirste thú…'

  • Paidí Mac Lochlainn

    Bahahahahahahahaahaaaaa! Ar fheabhas. Bá bhreá liom na pointí faoin “Titanic Museum” agus na bap Béal Feirste hahaha. Sliocht den scoith :-D

  • Séamas Mac Coitir

    Coinníonn an té is mó ciall ábhar grinn ar láimh!