Ceann de na scéaltaí ba mhó a tharla i dTuaisceart Éireann in 2025 rialú Chúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe go raibh múineadh an léinn chreidimh agus cleachtas an chomhadhartha sa réigiún mídhleathach. Ní raibh an léann creidimh, ar scoileanna stáit, “objective, critical or pluralist”.
Tháinig an cás chun cinn de bharr go ndearna athair dhalta bunscoile gearán faoina leanbh a bheith ag foghlaim a bheith ina Críostaí seachas a bheith ag foghlaim faoin Chríostaíocht. Chreid an dalta, gan a tuismitheoirí a rá léi, gur chruthaigh Dia an domhan agus bhí sí ag rá paidre mar altú roimh bhia. Níor réitigh seo le dearcadh a tuismitheoirí agus chuaigh siad chun cainte leis an scoil agus, ar ball, leis an chóras dlí agus Roinn an Oideachais sa Tuaisceart ag cosaint a dtuigse féin ar an reachtaíocht.
Ba chóir a lua gur ar bhunscoil rialaithe nó bunscoil stáit a tháinig an cás chun cinn, nó, i mbéarlagair na háite, scoil Phrotastúnach.
Thuas seal, thíos seal a bhí imeachtaí na cúirte. Rialaigh an Ard-Chúirt i mBéal Feirste gur sáraíodh cearta an dalta; rialaigh an Chúirt Achomhairc nár sáraíodh agus rialaigh an Chúirt Uachtarach i Londain sa deireadh, i mí na Samhna, go raibh an ceart ag an Ard-Chúirt an chéad lá ariamh agus gur sáraíodh cearta an linbh faoi Choinbhinsiún Eorpach na gCeart Daonna (ECHR).
Cuireadh ordú cúirte i bhfeidhm nach sceithfí ainm na n-achomharcóirí ná ainm na scoile a bhí i gceist. Tugadh le fios sa bhreithiúnas féin go raibh an dalta, JR87, sásta ar an scoil; nár Chríostaithe iad a tuismitheoirí ach go raibh siad “ “broadly speaking, humanist in their outlook”. Ní raibh siad ag iarraidh go dtógfaí a n-iníon mar Chríostaí agus bhí siad i gcoinne í a bheith á teagasc ar scoil gur “absolute truth” a bhí sa Chríostaíocht.
Ní hiontas ar bith é gur chuir an cinneadh nua seo an pobal ag caint – go speisialta i ndiaidh gur rialaigh an Chúirt Achomhairc nach raibh sárú cearta i gceist. Cad é an dóigh ar bhain an Chúirt Achomhairc ciall amháin as an dlí agus an Chúirt Uachtarach ciall eile as?
Chaith an breithiúnas nua seo de chuid na Cúirte Uachtaraí neart dúigh ag míniú na n-earraidí a chonacthas di a bheith i mbreith na Cúirte Achomhairc. Rinne an Chúirt Achomhairc cúig earráid sa dlí de réir na Cúirte Uachtaraí. Cúig cinn? An iontas é, mar sin de, mearbhall a bheith ar mhúinteoirí agus ar dhaoine nach saineolaithe iad, cad é na dualgais a bhí orthu faoin dlí?
Chuir an t-athléamh úr seo as do roinnt polaiteoirí aontachtúla agus bhí roinnt eile den phobal chéanna, idir pholaiteoirí agus lucht creidimh, den bharúil go bhféadfaí an deis a thapú leis an chomhairle nua dlí a leanstan agus an léann creidimh a chur ar comhchéim leis an tsaol chomhaimseatha.
Seans nár chuidigh lucht cáinte na breithe agus lucht a tacaíochta leis an phlé phoiblí ach an oiread. Cháin ceannaire an TUV, Jim Allister, an bhreith go láidir agus dúirt go raibh téarma amháin a d’úsáid na breithiúna – “indoctrination” – “inflammatory”. Dúirt Boyd Sleator, comhordaitheoir de chuid Dhaonnachtaithe Thuaisceart Éireann agus grúpa a chuir fáilte roimh an chinneadh: “The Supreme Court has concluded that the RE syllabus is ‘indoctrination’ and the right to withdraw from RE and mandatory collective worship is insufficient to deal with this.”
Thuigfeá as sin go raibh an chiall chéanna acu don fhocal “indoctrination”, gur drochrud é.
Is é a scríobh na tiarnaí dlí, ámh: “The word ‘indoctrination’ ordinarily has negative connotations but in the context of the Christian faith it is a synonym for evangelism or proselytising … The word ‘indoctrination’ is used in this judgment as a synonym … devoid of any negative connotations.”
Faraor, ó tharla an Chríostaíocht a bheith ina hábhar thar a bheith íogair sa Tuaisceart, seans nár chuir gach aon duine an dua orthu féin eolas a chur ar an chiall “neodrach” a bhí ag na breithiúna leis an fhocal. Bhí rian den histéire agus den bhuaileam sciath le sonrú i gcuid den phlé a lean an cinneadh.
Níor mhiste gné mhothálach den scéal a chur i gcuimhne ach an oiread. Thuairiscigh an News Letter, nuachtán laethúil de chuid aontachtaithe, gur aistrigh Eaglais na hÉireann agus na heaglaisí Preispitéireacha agus Modhacha a gcuid scoileanna, daltaí agus foirne chun an stáit “on the understanding that the Christian ethos of these schools would be maintained in perpetuity”.
Thart fá 500 scoil a aistríodh go Stormont idir 1926 agus 1947, de réir an nuachtáin, agus ceart reachtaíochta ionadaíochta ar bhoird na ngobhanóirí dá réir sin ag lucht na n-eaglaisí sin. Aistríodh iad ó eaglaisí Protastúnacha chun an rialtais i mBéal Feirste agus, ar ball, Londain ag tráth a chreidfeadh na heaglaisí go gcosnódh, agus go dtuigfeadh, na húdaráis a bhféiniúlacht.
Is den stát na scoileanna, gan amhras, ach is préamhaithe i measc pobal seanbhunaithe iad agus tuigse acu sin orthu dá réir sin. An mbeinn ag déanamh paidir chapaill de dá ndéarfainn gur mhothaigh Protastúnaigh ‘úinéireacht mhothálach’ ar na scoileanna stáit agus go raibh siad ag leanstan de ghnásanna seanbhunaithe dá réir sin?
Luaim, mar eolas amháin, scata páistí bunscoile stáit a fheiceáil ar an tsráid tá cúpla bliain ó shin agus iad ag comóradh Éilís II. Bhí bratacha beaga de chuid na Ríochta Aontaithe ar foluain go bródúil acu agus iad ag siúl síos an tsráid. Is dócha nach raibh a leithéid ar an churaclam oifigiúil ach gur tuigeadh gur cuid de chultúr na scoile é, gnás seanbhunaithe, urraim don choróin a bhain le traidisiún na scoile agus leis an phobal ar riar an scoil orthu.
(Gan amhras, baineann an focal sin ‘pluralist’ i mbreith 2025 preab as duine atá cleachtaithe le cúrsaí sa Tuaisceart fosta. Ní mar stát ‘iolrach’ a bunaíodh Tuaisceart Éireann ach mar stát a mbeadh tromlach buan Protastúnach ann.)
Iaróg eile
B’fhéidir gurbh fhiú an iaróg seo a lua i gcomhthéacs cás dlí eile a bhí idir lámha ag an Chúirt Uachtarach in 2009, cás a thug léargas eile ar scoileanna creidimh agus cúrsaí dlí. Bhain an scéal le scoil Ghiúdach i Londain. Thóg athair cás in éadan an JFS, Saorscoil na nGiúdach mar a bhí uirthi, ar son a mhic. Ní ligfeadh an scoil a mhac isteach mar gheall ar an mháthair, bean Chaitliceach de bhunadh na hIodáile ó dhúchas, a thiontaigh ina Giúdach.
Dúirt an scoil nach raibh siad sásta lena tiontú nó rinne sí sin faoi choimirce “non-Orthodox rabbinic court” agus níor aithin an Príomh-Raibí an tiontú sin a bheith bailí. Dá réir sin, níor Ghiúdach í máthair M agus níor Ghiúdach é M de réir ghnás an chreidimh Ghiúdaigh.
Rialaigh an chúirt sa deireadh gur sháraigh an scoil an t-acht um chaidreamh idir ciníocha agus gur cinneadh ‘ciníoch’ a bhí ann gan an mac a ligean isteach sa scoil, bíodh is go ndeachaigh uachtarán na cúirte, an Tiarna Phillips, as a chosán le míniú báúil a thabhairt ar an chinneadh: “The majority have made it plain in their judgments that the fact that the JFS admission policy has fallen foul of the Race Relations Act certainly does not mean those responsible for the admissions policy have behaved in a way that is racist, as that word is generally understood.”
Ghin an bhreith sin neart díospóireachta sa phobal Ghiúdach. Scríobh an tOllamh J.H.H. Weiler ar The Jewish Review of Books: “What is troubling about the Majority is its sheer incomprehensive and consequent intolerance of a religion whose self-understanding is different than that of Christianity. Their anthropological reading of ethnicity is suitable in the circumstances for which the Race Relations Act was intended. But when the law makes an exception for religion and the religion in question is Judaism, it should be understood on its own terms, not on Christian (or, more precisely, Protestant) terms.”
“Sheer incomprehensive agus consequent intolerance!” Tig leis an dlí a bheith ina uirlis mhaol agus cúrsaí creidimh faoi chaibidil, de réir chritic Weiler.
(An measfá gur ghéill an Chúirt Uachtarach orlach do ‘Protestant terms’ i rialú na Samhna agus an bhfuil, gan paidir chapaill a dhéanamh de arís, leid ansin go bhfuil féiniúlacht na Ríochta Aontaithe ag bogadh siar ó na préamhacha sin?)
Bhí scoilt i measc na mbreithiúna i gcás an JFS; tromlach den chúirt a rialaigh gur sháraigh an scoil an dlí agus mionlach a chreid nár sháraigh. Amharc, mar sin, go raibh an dlí céanna faoi chaibidil acu ach bhí tuairimí éagsúla ann ar chúraimí agus éifeachtaí an dlí sin agus ceisteanna creidimh sa mhullach air.
Níorbh amhlaidh an scéal an iarraidh seo; bíodh is gur ceist choigilteach eile í seo. Is d’aon ghuth a bhí na breithiúna gur sáraíodh an dlí i gcás JR87 agus bhí a dtuigse ar an tsárú sin bunaithe ar chásanna dlí a tharla san Iorua agus sa Ghréig, sampla eile den tionchar a imríonn dlí i dtíortha i gcéin ar an dlí i réigiúin i gcóngar faoin ECHR.
40 leathanach atá sa bhreithiúnas agus é chomh dlúth leis an Summa Theologiae –ach gan an spraoi céanna leis. Dálta mórán cáipéisí fealsúnachta – agus tá fealsúnacht i gceist léi – tá ciall léi má ghlacann tú leis an tuairim atá ag na breithiúna ar chearta daonna agus an chiall atá ag an ECHR ar chearta daonna agus an chiall sin a chur i bhfeidhm ar reachtaíocht reatha an Tuaiscirt agus má ghlacann tú leis an téis gur ‘uirlis bheo’ atá sa choinbhinsiún.
Má ghlacann.
Is fiú a lua sa chomhthéacs seo, agus seo á scríobh, go bhfuil scata rialtas de chuid na hEorpa – rialtas na Breataine agus na hÉireann san áireamh – ag iarraidh ailt de chuid an choinbhinsiúin chéanna a leasú, ailt a bhaineann go sonrach le gnéithe den choinbhinsiún atá ag cur bac, dar leo, ar a gcuid iarrachtaí stop a chur leis an imirce mhídhleathach. Tá imní ar na rialtais go bhfuil an chúirt i Strasbourg rófhial ina dtuairim ar an choinbhinsiún.
Mar a tharla fosta, bhí alt géarchúiseach ag Noel Malcolm, comhalta sinsearach taighde ar All Souls College, Oxford, i gcló ag tús na Samhna, seal beag gairid roimh an chinneadh, agus an coinbhinsiún ag comóradh 75 bliain ar an tsaol. Scríobh Malcolm: “…there are clear rules about how far an international treaty (which is what the ECHR is) can have its meaning expanded or changed; and it is no less clear that the Strasbourg court has broken them.”
Mhol sé gur chóir don Ríocht Aontaithe éirí as an choinbhinsiún ar fad agus sin, dála an scéil, an polasaí atá anois ag na Caomhnaigh agus Reform i Westminster.
Sin ceist don am atá le teacht. Idir an dá linn, b’fhéidir gurb é an seanmhana Laidine is fearr a fhóireann sa chás seo: Lex dure, lex est. Dlí crua atá ann ach an dlí atá ann.
An Freagra Caitliceach
Faoi Easpag Dheoise an Dúin agus Chonaire, Alan McGuckian, SJ, a fágadh é freagra fiúntach na hEaglaise Caitlicí a thabhairt ar an bhreith agus í a lonnú i gcomhthéacs ársa eile fealsúnachta, thar a bheith ársa.
Bíodh is gur dúradh go sonrach sa bhreithiúnas nár bhain sí leis an chóras scolaíochta Chaitliceach, dúirt an tEaspag go mbeadh am agus tráth machnaimh i gceist le toradh na breithe a mheas. Bíodh sin mar atá, dhiúltaigh sé glacadh leis nár chóir tosaíocht a thabhairt don Chríostaíocht ar scoileanna: “That principle is simply ungrounded, unreasonable and illogical.”
Ba chóir go léireofaí meas ar chreidimh eile na cruinne, a dúirt sé, ach: “In schools across the western world, Christianity should, indeed, be given priority in our educational systems and everybody, including those of other faiths and none, should recognise and welcome this because of its foundational importance.”
D’aithin sé go mbeadh impleachtaí ann do chúrsaí creidimh sa chóras oideachais agus mheasfaí an reachtaíocht nua de réir mar a tháinig sí chun cinn. Ní raibh moill ar an Easpag páirc an chatha a aithint – áit na Críostaíochta a bheith i lár an aonaigh sa chóras scolaíochta.
Is fíor gur luaigh tiarnaí dlí na Cúírte Uachtaraí i mí na Samhna: “No one is suggesting that religious education should not be provided in schools in Northern Ireland.”
Ba mhaith gur luaigh na breithiúna an méid sin ach b’fhéidir go gcuirfeadh duine faiteach cúramach ruball beag leis sin: níl duine ar bith ag moladh nár chóir léann creidimh a chur ar fáil ar scoileanna i dTuaisceart Éireann – go fóill beag.
Fuair na scoileanna stáit buille den bhata scóir ach is soineanta an duine a chreidfeadh nach mbuailfí buillí eile ar an ábhar scoile seo amach anseo. Beidh le feiceáil cad é an chomhairle nua a bheas ag Roinn Oideachais Stormont sa Bhliain Úr agus cad é an cineál díospóireachta a spreagfaidh sí.
Idir an dá linn, beidh Críostaithe in Ulaidh, bíodh siad ina bProtastúnaigh nó ina gCaitlicigh, ó uachtar Aontroma go híochtar Ard Mhacha, i mbun iomann agus altú le linn Aidbhinte – beag beann ar bhreithiúna na cruinne seo.
Fág freagra ar 'Tig leis an dlí a bheith ina uirlis mhaol agus cúrsaí creidimh faoi chaibidil'