Sade Malone thar barr in athinsint Marian Quinn ar ‘Antigone’

Tá an scannán nua ‘Twig’ suite beagáinín san am atá le teacht - le linn na gcogaí drugaí a bhriseann amach i mBaile Átha Cliath tar éis bhás Oedipus King

Sade Malone thar barr in athinsint Marian Quinn ar ‘Antigone’

Tá an saol ina rabharta ag Sade Malone le mí nó dhó anuas. N’fheadar di an ag teacht nó ag imeacht atá sí. In eireaball mhí Feabhra seo caite, siúd í ag sodar idir matinée Sive sa Gaiety – ina nglacann sí carachtar an teidil – agus cairpéad dearg Fhéile Scannán Bleá Cliath sa Light House i gcomhair première domhanda Twig.

Fíoraíonn Malone seanfhocal siamsaíochta cáiliúil an tSacs-Bhéarla – ‘a star is born’.

Tosaíonn Twig le grág ghránna de mhurdar préachán ar ghéag, fuaim is sceonmhar ar sciathán. Fiacha dubha na Gréige, is dócha. Ag bagairt báis is anró. Ní thiocfaidh maith ar bith as seo. Aimplíonn na réamhtheidil tuar na tairngreachta céanna.

Dublin – A Kingdom divided…….                                                                                 Blood flows in the streets….. Two brothers do battle….. A river of fear flows through the people….’

Tá daonnú déanta ag Quinn ar chliar Sophocles – Antigone/Twig; Eteocles/Eddie; Polynices/Paulie, Haimon/Eamon; Creon/Leon; Ismene/Issy; Teiriasias/Theresa, agus mar sin ar aghaidh. Iontach!

Tá scéal Twig suite beagáinín san am atá le teacht – le linn na gcogaí drugaí a bhriseann amach d’éis bhás Oedipus King, seanRí Drugaí na Cathrach. Tá sé ina shlad idir a bheirt mhac chun forlámhas d’fháil ar an ríocht. An saol iomlán as a riocht.

Ní ar an bpríomhshráid, ar dhul High Noon, ach ar chaolsráid chúng dhearóil na gcat tréigthe is na mboscaí bruscair, a tharlaíonn an marú sa chomhrac aonair idir an bheirt leads. Lánaí an éadóchais, an fhoréigin is lánaí na fola. Fágtar corp Eddie/Eteocles ar an gcosán. Tá lot marfach déanta aige siúd ar an dara mac – Paulie/Polynices, a théann i bhfolach ansin i bpoll cois cuain chun bás léanmhar a shaothrú ina aonar.

Gabhann Leon/Creon, uncail na beirte, cumhacht chuige féin ar shála an tslada sin uile. Eisean, dáiríre, a chuir na deartháireacha in adharca a chéile. D’fhonn a dheis féin a thapú.

Adhlacfar Eddie faoi ghradam, arsa Leon, mar gur thit sé ag cosaint na Ríochta. Eisíonn sé forógra danartha, áfach. Fágfar corp Paulie chun lobhadh ar an tsráid. Beatha do na francaigh – cinniúint na nathrach nimhe is ísle amuigh.

Leag Leon geasa an bháis ansin ar éinne a chomhlíonfadh deasghnátha na sochraide, nó a thabharfadh aon ofráil mhóideach, nó a lasfadh aon íobairt loiscthe os cionn Paulie chun a chorp is a anam a réiteach roimh thrasnú an Styx chun na síoraíochta dó.

Bíodh is gur san am atá le teacht a tharlaíonn seo go léir, tá na láithreacha uilig inaitheanta go maith. ‘Na Flats’. Dhá shimléar sheanstáisiún ginte leictreachais an Phoill Bhig mar atá siad, ach beagáinín difriúil, ar chaoi éigin, san am céanna.

An bhfuil cuma saghas paraimíleata ar na Gardaí Síochána sin? ‘Bhfuilid ag faire ar theach Leon, nó á ghardáil? Sin ceist!

Sé Leon an Rí anois. Níl neach a sheasfaidh ina choinne. Ach, ar ámharaí an tsaoil, ní fheiceann sé an iníon bhaistí, Twig, deirfiúr Paulie agus Eddie, ag teacht.

Ciú na fiacha dubha siúd arís.

Dúnann Twig doras an tseomra tórraimh in aghaidh Leon nuair a thagann sé chun ‘a dhea-mhéin’ a chur in iúl ar bhás Eddie. Agus briseann sí geasa Leon – ‘We pray for Paulie that he may live and die in peace…Lord hear our prayer…’

Fógraíonn Twig go bhfuil sí chun corp Paulie a adhlacadh. Tá roth a cinniúna ar casadh. Ciú an bhean feasa dhall Theresa. Fáidh a bhfuil léamh na fírinne is na cinniúna araon aici – marbhnaí an tsean-nóis ar a beola. ‘An Droighneán Donn’ do Eddie – ‘Och Ochón Ó’ ag cóisir shochraide Paulie ar ball.

Tagann Fear a’ Bháid, ar deireadh, chun Paulie a iompar thar Styx anonn. Níonn Twig a chorp go sollúnta. Dónn a chuid éadaigh. Deasghnátha na híobairte loiscthe comhlíonta. Fágann sí ar an tsráid é – réitithe chun adhlactha.

Tá Twig anois ar a coimeád, praghas ar a ceann agus an feallmharfóir Leon sa tóir uirthi. Tugann Theresa cuairt ar Leon. ‘You are abusing a lot that is sacred. Bury the boy, and let the girl be. I see what is coming for you!’

Ní mhillfidh mé oraibh an bealach ina n-oibríonn an tragóid Ghréagach/Éireannach seo amach. Is leor a rá go súnn stiúradh Quinn isteach san aicsean sinn. Éiríonn thar barr leo uilig scéal ársa a thabhairt chun beatha ar chúl-lánaí so-aitheanta Bhleá Cliath lár-thuaidh.

Tá spin ar leith ag comhchoirí girsí Twig – Mykayla. Naoi mbliana d’aois, nó mar sin, atá aici siúd. Ag tarrac ar an nócha! ‘Dat’s Karma,’ ar sise. Tá réaltóigín críochnaithe eile sa cheárta againn i Naoise Kelly.

Tá gaoth cheart sna seolta ag foireann Marian Quinn. Cá bhfios cá dtabharfaidh Twig chun cladaigh iad amach anseo?

Fág freagra ar 'Sade Malone thar barr in athinsint Marian Quinn ar ‘Antigone’'